Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
pasture of (the) cave, souterrain?
Ní léir bunús an dara heilimint anseo. Ar an drochuair ní thagann aon fhianaise anuas chugainn atá níos sine ná aimsir na Suirbhéireachta Ordanáis.
Cuireadh Cluain Damhna san áireamh, an leagan Gaeilge oifigiúil de bf Clonony Beg, More (UF 21, 22) (#41570, #41571) (cf. ‘Cluain Domhnaigh’, Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge). In Osraí bhí claonadh -amh(a)- a dhruidim le /uː/ (/ũː/) de bharr srónaíl an -mh- caillte. Mar shampla, faightear samhradh > /suːrə/ agus ‘Súra’ in idir thuaisceart agus dheisceart Chontae Chill Chainnigh (féach LASID II, Éigse XXVI, Labhrann Laighnigh) agus cf. an nóta ‘Lamh[r]-’ would be pronounced /luːr-/, or with /ũː/, locally’ (Breathnach, ‘Carraig Seac’ in Éigse I). Is minic a sheasann an litriú déanach Béarla -agh do ghuta neamhaiceanta deiridh (féach bf Ros na Bearna > Rossnabarnagh (#28756) sa pharóiste seo), agus tabhair faoi deara fuaimniú áitiúil an lae inniu, /klo̤ˈnuːnə/.
É sin ráite, tá sé le tuiscint as an nóta 1838 ‘Cluinn oonagh, some -ght’ (pl:AL) gur consan (/x/ nó / xt/) a bhí i ndeireadh an logainm seo ó cheart, rud a thiocfadh salach ar damhna, nó a leithéid.
Ní raibh an claonadh céanna sa chanúint /uː/ a dhéanamh de (-)abh(a)- (nach srónach é), e.g. gabhar /gəur/, leabhar /lʹəur/, tabhair /tɑuʒ/, thabharfadh ‘Thowrach’ (LASID II, Labhrann Laighnigh); ní dócha mar sin go bhfuil dealramh le moladh an Donnabhánaigh ‘Cluain abhnach’. (Cf. 2006 /greːgnəˈhoun/ faoi bf Gráig na hAbhann (#27974), 2006 /kuːləˈnoul/ faoi bf Cúil na nAbhall (#28819).) Dhealródh sé gur uamhnach, gin. < uaimh “cave, souterrain” (féach FGB), an focal Gaeilge is fearr a d’oirfeadh, cé nach bhfuil aon iarsmaí dá leithéid de struchtúr anseo (féach an Fardal Seandálaíochta, www.archaeology.ie). Cf. an mionainmn mng Baile na nUamhnach (Ga 92) (#1167230).
Centrepoint
Historical references
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28750.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML