Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge.
Ainmneacha stairiúla:
B’ann do chúpla logainm stairiúil timpeall ar bf Nutgrove an lae inniu. Ar léarscáil an Down Survey léirítear áit bheag 1655 ‘faranclinkin’ gar do theorainn thuaidh an bhaile fearainn — ach sa chuid thiar theas de bf An Cheapach Bheag (#28545) chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach. Pléitear an logainm sin faoi bf Baile Mhic Giolla Chaoin (#28630) i bpar. Raoire Mór.Ach is cosúil ar dheontais an 17ú haois agus ar leagan amach na mbailte fearainn go mb'fhéidir gurb ionann bf Nutgrove an lae inniu agus an áit darbh ainm 1629 ‘Garrygallridd’, et var., a luaitear sna foinsí, go minic i dteannta le bf An Rinn (#28644) lastoir.
Is cosúil gur gaelú ar ainm Angla-Normannach atá le feiscint in 1593 ‘Garrigallared’, 1607 ‘Garrygallaraide’, 1607/8 ‘Farengallarard’ [sic, ‘Faren-’], 1608 ‘Garrygallaruid’, 1629 ‘Garrygallridd’, 1639 ‘Gallagaleid’, 1660c ‘Garrigallrie’. Cf. 1547 ‘Gallrowtheston’, 1654 ‘Gallretts towne’ > bf Baile Gallrath/Gollierstown (#17143) i gContae Bhaile Átha Cliath, agus féach freisin bf Galrastún/Galroostown (#34095) i gContae Lú. Cf. 1299 ‘…son of Galrath’ CJR I 253 i gContae Bhaile Átha Cliath. Is cosúil gurbh ann don ainm Galrid ag na Sean-Ghall, ar mhalairt foirme é de Galfrid na nAngla-Normannach; dhealródh sé gur Garraí Gallraid (?) “the garden of Gallraid” atá anseo.
Tá an teach mór féin .i. Nutgrove SO thar an teorainn sa bhaile fearainn teorantach bf An Rinn (#28644).
Níl sé as an áireamh ar fad gur bréagaistriúchán é Nutgrove féin ar fhoirmeacha béarlaithe déanacha den logainm stairiúil Garraí Mhic Dhonncha “the garden of Mac Donncha” > 1607 ‘Garricanachoe’, 1612 ‘Gary Donogh’, 1617 ‘Garriconagha’ ... 1662 ‘Garryconnagh’ mar a bheadh *Garraí Cna “garden of nuts” ann (féach FGB s.v. cna, cná; féach nóta faoi bf Míleac (#28550) laistiar). Cf. an bréagaistriúchán bf Drom Chonóra > Nutfield (#6058) i gContae an Chláir.
Centrepoint
Historical references
1593 |
Gary Gallrind
|
O Doyne Ms. Leathanach: 96
|
1593 |
Garrigallared
|
O Doyne Ms. Leathanach: 52
|
1617 |
Garriconagha?
five acera *ní hionann*
|
|
1622 |
Ryn, Gallagalrid
commons of Montemeelick
|
CPR Leathanach: 560
|
1622 |
Ryn, Gallagallrid
|
CPR Leathanach: 552
|
1648 |
Garrichinagh?
*ní hionann*
|
Dunne Papers Leathanach: 126
|
1660c |
Garrigallrie
|
|
1660c |
Rynne & Garrigalrid
|
BSD (La) Leathanach: 126
|
1763 |
Nutgrove
|
CGn. Imleabhar: 226.150.146895
|
1823 |
Nutgrove
|
|
1832 |
Garryconnagh?
*ní hionann*
|
Dunne Papers Leathanach: 146
|
1838 |
Nut Grove
|
BS:AL Leathanach: La056,24
|
1838 |
Nut Grove
|
Croasdal Map 1735:AL Leathanach: La056,24
|
1838 |
Nut Grove
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,24
|
1838 |
Nut Grove
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,24
|
1838 |
Nut Grove
|
OD:AL Leathanach: La056,24
|
2005 |
ˈnotgroːv
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28643.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML