Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
the town of Ó Cuilín
Is cosúil gur tháinig an t-idirdhealaitheoir -begg/beag “small” chun solais sa dara leath den 17ú haois ar mhaithe le codarsnacht a dhéanamh le bf Baile Uí Choileáin/Ballykillane (#28456), 8 km soir uaidh seo (bhí par Oireadh san áireamh in par Cúil Bheannchair ar feadh i bhfad). Ach más ea is cosúil nach bhfuil an bunús céanna ag an dá logainm.Féach na tagairtí deimhnitheacha seo don logainm idir chamáin i bparóiste Oiridh .i. bf Ballycullenbeg: 1549 ‘Ballycullyn’, 1563 ‘-cowlen’, 1619 ‘-collyne’, 1621 ‘-collon alias -cowlene’, 1637 ‘collin alias -cowlin’. Cuir iadsan i gcomórtas le 1563 ‘Ballecullan’, 1571 ‘-collane’, 1621 ‘cullane’, 1637 ‘-cullan’ le haghaidh bf Ballykillane i bparóiste Chúil Bheannchair (cf. 1838 ‘Ballyquillaan’).
Is léir nach ionann cáilitheoir sa dá chás. (Tá na ceartúcháin ar na bundeontais in CPR 514 (1621) agus in Inq. Lag. 23 Car. I (1637) an-iontaofa.)
Is cosúil gur fearr a réiteodh na foirmeacha luatha anseo leis an sloinne Ó Cuilín. Cuir i gcás ‘Huí Chulíne’ (ginealach Ó bhFailghe) Corpus Genealogiarum Hiberniae 122b32 agus ‘Hui Chuilíne’ (Laighin) ibid. 121a45; cf. Baile Uí Chuilín “the town of Ó Cuilín”, logainm atá le fáil in oirthear Thiobraid Árann (#48413). D’fhéadfaí Baile (an) C(h)úilín “town of (the) little nook, corner” a mheas ach níl dóthain fianaise ann don ghuta fada sa chéad siolla den cháilitheoir (cf. 1601 ‘Ballincowlie’ < bf Baile an Chúilín (#55303) i ndeisceart Chill Mhantáin). Féach freisin 1819 ‘Mountmellick ... anciently called Balla Cuillin, the town in the woods’ Par. Stat. III 315, faoi mar a tuigeadh gur Baile (an) C(h)oillín a bhí ann (tabhair faoi deara nach bhfuil na haistriúcháin chomh holc sa pharóiste áirithe seo agus atá i bparóistí eile in Par. Stat.). Ar aon chuma is léir nach -áin a bhí sa leagan Gaeilge atá in ainm is a bheith á mhíniú.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do Irishtown SO < * An Baile Gaelach.
- Derrycappa House SO 25ʺ: 1619 ‘Dirrecappie parcell’ de Ballecollyn’ Inq. Lag. 15 Jac. I, 1621 ‘Derrycappy’ CPR, 1637 ‘Derrycappy’, ‘Derrycappye’ Inq. Lag. 23 Car. I, 1666 ‘Derry Cappy, part of Ballycollenbegg’ ASE 51 < Doire Ceapaí “(oak-)wood of (the) tillage-plot”.
Ainmneacha stairiúla:
- 1549 ‘Shanballymoriert’ CarrMS, 1563 ‘Shanebally-Mortaghe’ F, 1619 ‘Shanballymortagh’ Inq., 1621 ‘Shanballymortaghe’ CPR 514, 1637 ‘Shanballymurtagh’ Inq. < Seanbhaile Uí Mhuircheartaigh (?) “the old town of Ó Muircheartaigh (sloinne)” (cf. 1659 ‘Murty’ i measc phríomhshloinnte na barúntachta, Cen. 503)
(Ní léir an dtagraíonn Irishtown an lae inniu don logainm stairiúil úd Seanbhaile Uí Mhuircheartaigh; tá Derrycappa House léirithe ar léarscáil SO 25ʺ díreach mar a bhfuil Irishtown marcáilte.)
Centrepoint
Historical references
1549 |
Ballycullyn cum hamletis de Kilmally & Shanbally-moriert
'Ballycullyn, Kilmally, Shanevallemorreyertie' Kild. Inq. 11 Ed. VI < JKAS XII 413
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 98
|
1563 |
Ballecowlen
|
F Leathanach: 492
|
1571 |
Ballycollane
*ní hionann*
|
F Leathanach: 1715
|
1607 |
Ballicowlin?
x2
|
O Doyne Ms. Leathanach: 19
|
1607/8 |
Ballicowline?
|
O Doyne Ms. Leathanach: 39
|
1619 |
Ballecollyne
|
Inq. Lag. Leathanach: 15 J I
|
1621 |
Ballycollon alias Ballycowlene
|
CPR Leathanach: 514
|
1637 |
Ballycollin al' Ballycowlin
|
Inq. Lag. Leathanach: 23 C I
|
1655 |
Ballecollenbegg
|
|
1659 |
Ballicollin
|
Cen. Leathanach: 503
|
1660c |
Ballecollenbeg
|
BSD (La) Leathanach: 114
|
1666 |
Ballycollenbegg and Derry Cappy
|
ASE Leathanach: 51
|
1685 |
Ballecollenbeg
|
|
1825 |
Ballycollenbeg
|
|
1838 |
Ballycullenbeg
|
BS:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycullane
*amhrasach*
|
Warburton Map 1785:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycollenbeg or Ballycollon
|
HCons PR:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycollinbeg
|
HCSV:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballecollenbeg
[Copy of DS]
|
DS:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycollan
*amhrasach*
|
Map 1720 (Chetwode):AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycullenbeg
|
CM:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycollenbeg or Ballycollon
|
HCons PR:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycullane
*ní hionann*
|
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballicollan
|
DS:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Baile cuillion, 'town of the holly'
|
OD:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycullenbeg
|
OC:AL Leathanach: LA007,4
|
1838 |
Ballycollin alias Ballycowlin
|
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,4
|
2005 |
balikolinˈbeg
|
|
2005 |
baliˑkolinˈbeg
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28449.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML