Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
shallow ford of (the) tree-stumps
Tá an forás ceannann céanna le sonrú in 1607 ‘Skarhowne’ > 1639 ‘Skarrowne’ > 1662 ‘Scarroone’ is atá in 1607 ‘Garhowne’, ‘Carehowne’ > 1629 ‘Garroone’, 1660c ‘Garrone’ faoi bf Garroon (#28561), 13km soir uaidh seo, agus is deacair gan a mheas go bhfuil an eilimint chéanna sa dara cuid den dá logainm.
Is cosúil ar fhormhór na bhfoirmeacha stairiúla gur gearrthamhan “short tree-stump”, nó a leithéid, atá taobh thiar den dara hainm úd, gur thit -th- /h/ as an gcarn -rrth- /rh/ sa 17ú haois, faoi mar a tharla i gcás 1970c /ˈkoruːnəx/ < bf Corrthamhnach (#18213) i nGaillimh. Tá dhá shampla ann a thaispeánann guta deiridh .i. 1607 ‘Garrhowny’ agus 2006 /gaˈruːnə/. D’fhéadfaí a mheas mar sin gur Gearrthamhnaigh “short arable field, clearing” a bhí san ainm úd ó cheart, is gur imigh an guta deiridh i léig ag tús an 17ú haois — féach gurb ann do Gearrthamhnach, Fliuchthamhnach agus Corrthamhnach mar logainmneacha. (Cuir i gcás freisin a leithéid seo de dhéantús: 1100c ‘in Garbthonach’, ‘ocin Garbthonaig’ Leabhar Laighean 298a, 296b.) Ach ní heol dúinn aon aidiacht a thabharfadh an comhfhocal * scar + tamhnach, ná níl aon fhianaise ar ghuta deiridh i gcás bf Scarroon.
B’fhiú féachaint, mar sin, ar an bhfianaise stairiúil faoin logainm par Maigh Thamhnach (#1579) “plain of clearings” i gContae Luimnigh, m.sh. 1231 ‘Mointaveny’ > 1593 ‘Mahownagh’ > 1970c /ˌmɑˈhuːnə/ (pléite in Dinnseanchas I 98–100). D’fhéadfaí a mhacasamhail de struchtúr oscailte a chur san áireamh anseo, cé is moite den siolla deiridh, m.sh. Scairbh Thamhan (?) “shingly ford of (the) tree-stumps” (cf. bf Droim Thamhain i Muineacháin). Bheifí ag súil le * /sgɑrʹ(ə)ˈhũːn/, /sgɑrˈhũːn/ i gcanúint na háite agus /sgɑˈruːn/ mar bhéarlú air sin.
Tá áth agus dhá dhroichead bheaga léirithe ar léarscáil SO 6ʺ trasna na Clóidí i dtuaisceart an bhaile fearainn agus Ford SO 25ʺ trasna an tsrutháin ina lár (cf. www.dil.ie s.v. 1 scairb “shallow, ford”). Cf. ath An Scairbh Sholais (#111427) i nDún na nGall, bar Scairbh Bhailis (#52147) i Loch Garman, srl. Cf. scairbh mar cháilitheoir in bf Áth na Scairbhe (#41406) i gContae Uíbh Fhailí agus 1350 ‘áth na scairbe’ faoi bf An Scairbh (#7777) i gContae an Chláir (cf. freisin bf Skerry (#28647) < Ceapach na Scairbhe).
Centrepoint
Historical references
1607 |
Skarkehoune
|
O Doyne Ms. Leathanach: 16
|
1607 |
the Skarrowne
|
O Doyne Ms. Leathanach: 30
|
1607 |
Sharrechowne
|
O Doyne Ms. Leathanach: 30
|
1607 |
the Skarrowne
|
|
1607 |
Skarhowne
|
O Doyne Ms. Leathanach: 16
|
1639 |
Skarrowne
|
O Doyne Ms. Leathanach: 180
|
1643 |
Skarroone
|
Dep. 1641 Leathanach: 341r
|
1660c |
Skarrane
|
BSD (La) Leathanach: 123
|
1660c |
Skarrune
|
|
1662 |
Scarroone
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
|
1682 |
Skarion
|
Dunne Papers Leathanach: 136
|
1708 |
Skarion
|
Dunne Papers Leathanach: 141
|
1718c |
Scarraon
|
Dunne Papers Leathanach: 141
|
1774-9 |
Scarroon
|
Dunne Papers Leathanach: 144
|
1774-9 |
Scaroon
|
Dunne Papers Leathanach: 145
|
1815 |
Skarrowne
|
CGn. Imleabhar: 686.560.472074
|
1824 |
Scarroon (Upper, Lower)
|
|
1832 |
Skarrowne
|
Dunne Papers Leathanach: 146
|
1838 |
Scarroon
|
BS:AL Leathanach: La036,49
|
1838 |
Scarroon
|
Map (Dunne, Gen.):AL Leathanach: La036,49
|
1838 |
Scarroone
|
Inq. C II:AL Leathanach: La036,49
|
1838 |
Scaramhain/ Scairbh abhann, 'shallow ford of the river'
|
OD:AL Leathanach: La036,49
|
1838 |
Scarroon
|
OD:AL Leathanach: La036,49
|
2004 |
sgaˈruːn
|
|
2005 |
sgaˈruːn
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28415.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML