Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
the little hillock
Ainmneacha stairiúla:
Luaitear sa Dindshenchas Tulach Eoghain, mórionad adhlactha ag sliocht Chathaoir Mhóir in Uí Fhailghe. Sa dán úd (Leabhar Laighean 192b–193a (Metrical Dindshenchas IV 284–8)) tugtar faoin logainm sin agus an logainm bf Maigh Reichead (#28464) a mhíniú in éineacht: ba í ‘Rechet’ a d’altramaigh an tEoghan seo agus bhronn seisean an mhá sin uirthi mar chúiteamh.Deir an file faoi na laochra atá curtha i dTulach Eoghain: ‘sin bothur eter da mag, tát sin tóchur na tathum’ [“sa bhóthar idir dhá mhaigh, tá siad sa tóchar ina dtámh”]. De bharr an leathrainn seo a ionannaíonn Hogan agus FSÁG an ‘bóthar idir dhá mhaigh’ seo le ‘Tóchar eitir dá Magh’, áit a luaitear le Géisill (#42060) i gContae Uíbh Fhailí, 21km siar ó thuaidh ó Mhaigh Reichead (féach FSÁG II s.n. Bóthar idir dhá Mhagh ‘see Tóchar idir dhá Mhagh’; cf. Brí Dhamh). B’fhéidir go bhfuil an t-ionannú cruinn. Ach más amhlaidh nach tagairt indíreach don logainm eile atá ann ach tagairt shimplí do bhóthar agus do thóchar, b’fhéidir gurb í an tulachán seo idir chamáin, lámh le bf Baile an Tóchair (#28478), atá i gceist sa dán. Féach an seanbhóthar a ritheann comhthreomhar leis an N7 ó bf Coill an Iúir (#28477) (mar a raibh maigh-ainm, is cosúil, atá béarlaithe ‘Mackadawra’, et var.) siar ó dheas trí Bhaile an Tóchair, ar feadh teorainn thuaidh an bhaile fearainn seo idir chamáin, siar go Seanbhaile Briotáis, agus as sin siar ó dheas thar bhráid Killeenatogher SO (bf Páirc Ioma (#28462) isteach i Maigh Reichead.
An cnocán beag darb ainm Cromwell’s Hill SO an tulachán atá i gceist in ainm an bhaile fearainn.Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Gan dabht is mór an botún é Pass of the Plumes SO a bheith léirithe anseo. Féach bf An Bhearna < Bearna na gCleití (#27896) i gCuileannach.
Centrepoint
Historical references
1518-19 |
Tulhan
|
Kildare Rent. Leathanach: 289
|
1549 |
Tolghan
Irre, extent of
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 98
|
1570 |
Tologhan
John Harres
|
F Leathanach: 1629
|
1578 |
Tologhan
Rich. Fitz Garret, gent, taken from O Mores
|
F Leathanach: 3315
|
1838 |
Tullaghan
|
BS:AL Leathanach: La041,39
|
1838 |
Tullyhane
|
Johnston Map 1826:AL Leathanach: La041,39
|
1838 |
Tulchán, 'a hillock'
|
OD:AL Leathanach: La041,39
|
1838 |
Tullaghan
|
OD:AL Leathanach: La041,39
|
1838 |
[Tullaghan]
"Cromwell's Hill is in the northern part…the village of Ballybrittas was, in the year 1598, the scene of an engagement between the troops of the Lord Deputy Essex and those of O'Moore in which the former was defeated: the place is called 'The Pass of the Plumes' from the gay plumes worn on the helmets of the English knights."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,39
|
2004 |
toləˈhɑːn
|
|
2005 |
toləˈhɑːn
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28294.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML