Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
the town of Uí Dhálaigh?
Uí Dhálaigh — ainm treabhchais nó sloinne san iolra?Tá leanúnachas sna foirmeacha luatha: is maith a réitíonn 1256 ‘Balliodaly’, 1326 ‘Ballyodaly’ le 1198 ‘Ballaudalaeg’ agus le 1172 ‘Baliudaluig’ (=1192 ‘Baliudali’).
Is léir ar chomhthéacs na logainmneacha i gcairt 1172 (=1192) nach ionann an áit seo ‘Baliudaluig’ agus ‘the land of McDalbaig’ (=1192 ‘the land of Megdalbaig’) in áit eile sa chairt chéanna. Ó thaobh na hortagrafaíochta de, freisin, féach go gcloíonn an logainm eile úd 1172 ‘[Mc]Dalbaig’ le nósanna litrithe na Meán-Ghaeilge chun ainm dar críoch ainm. -lbach, gin. -lbaig, a chur in iúl — ach de réir gach dealraimh is ainm MG dar críoch ainm. -lach, gin. -laig (-luig), atá á chur in iúl in 1172 ‘[Baliu]daluig’ sa chairt chéanna, rud a réitíonn le litriú 1192 ‘-dali’, 1256 ‘-daly’ agus mar sin de. (Ó thaobh na teangeolaíochta de, leis, ní bheifí ag súil le 1256 ‘Balliodaly’ mar réadú gallda ar *Dalbhaigh tráth a mbíodh fuaim /-lv-/ ag an gcarn -lbh-.)
(Cuireann na foirmeacha eile sin MG gin. Dalbaig (NG gin. Dalbhaigh) in iúl agus is cosúil gur bhain ‘the land of McDalbaig’ le Gabhal Dalbhaigh a gcuirtear síos orthu i nginealaigh Ó bhFaoláin in LMnG (§475.4, §1236.3). Ainm pearsanta é Dalbhach a bhí coitianta ag roinnt teaghlach Gaelach i gCúige Laighean. Tá sé le fáil sa logainm bf Coill Dalbhaigh (#52730) i gContae Loch Garman, mar ar fhorbair fuaimniú an cháilitheora ó Dalbhaigh > *Dalbha’ > *Dalabha > *Dalú (féach 1549 ‘Killdalowe’, *c.*1830 ‘Killdalloo’). Cf. litriú an ainm phearsanta sa chontae céanna i 1583 ‘Dallowgh m‘Shane O’Dorchy’ F §6517, a chuireann *Dalabhach, *Dalúch in iúl, mar a mbeifí ag súil leis san oirdheisceart (pléite ag Ó Crualaoich in LnÉ IV 1097–8).)
Mar le tús an logainm seo idir chamáin de, tabhair faoi deara na foirmeacha luatha ‘Ballio-’, ‘Ballyo-’ a thaispeánann -o- roimh an -d-. De ghnáth is réadú é a leithéid seo ar logainm dar tús Baile Ó + urú. D'fhéadfaí cáilitheoir dar tús Uí Th…, gin. Ó dT… a chur san áireamh dá bharr (cf. 1306 ‘Killodigirnany’, 1552 ‘Killodyrnan’, 1622 ‘Killodiernan’, 1685 ‘Killodernan’ srl. = par Cill Ó dTiarnáin (#2190) i dTiobraid Árann gan oiread is foirm amháin in -t- san fhianaise tríd síos), ach is beag ainm ná sloinne dar tús T- a réiteodh leis an bhfianaise eile anseo. (Mar shampla, ní bheadh aon urrús do *Baile Ó dTalaigh < *Uí Thalaigh seachas tagairt an-éiginnte ag an Dubhaltach don ainm pearsanta Talach i measc ghéag Laighneach de Dhál Corb Fabhair *c.*1650 ‘Do orsloinntib Ua nEarca Céin: Dál Corb Fabhair .i. do chloinn Conchubhair Abhradrúaidh do Laignib … … Laignigh iad so: Conall mac Congalaigh m. Tanaighe m. Ailillen m. Fhorfailte m. Abhadhair *m. Thalaigh* m. Falain m. Colmain…’ LMnG §5261.1. Ach féach c.1400 ‘…Conall m. Congalaig *m. Thanaidi* m. Aillein m. Fhorbailti m. Abadair m. Atalaig m. Fhalain m. Colmain…’ Lec. 136v(b).)
Ach dar ndóigh is minic freisin a chuireann foirmeacha béarlaithe an consan radaiceach sa logainm Gaeilge in iúl — dá bhrí sin is féidir an -d- seo a léamh mar réadú ar nD- na Gaeilge chomh maith céanna. Más ea is féidir an sloinne Ó Dálaigh (nó ainm treabhchais Uí Dhálaigh) a chur san áireamh anseo. Níl an sanas seo go hiomlán cinnte, áfach: cé go bhféadfaí a-fada /aː/ a léamh ar an litriú gallda luath débhríoch 1256 ‘-daly’, 1326 ‘-daly’, srl., bheifí ag súil le forbairt ón /aː/ úd go /eː/ sa leagan déanach béarlaithe (de bharr an ‘Great Vowel Shift’), nó ar a laghad go mbeadh guta fada íseal le clos fós. Ach is amhlaidh a thaispeánann an fhianaise dhéanach gur a-gairid a bhí san ainm ón 18ú haois i leith ar a laghad, faoi mar atá san fhuaimniú áitiúil 2010 /baliˑˈdalə/ — forbairt (más forbairt í) is deacair a mhíniú go sásúil.
Centrepoint
Historical references
1172-6 |
Baliudaluig
|
Alen's Reg. Leathanach: 2
|
1172-6 |
?the land of McDalbaig
ní hionann
|
Alen's Reg. Leathanach: 2
|
1192 |
Baliudali
|
Alen's Reg. Leathanach: 21
|
1192 |
?the land [of] Megdalbaig
ní hionann
|
Alen's Reg. Leathanach: 21
|
1198 |
Ballaudalaeg
|
Alen's Reg. Leathanach: 24
|
1256-66 |
Balliodaly
|
Alen's Reg. Leathanach: 122
|
1257-63 |
Baliodaly
|
Alen's Reg. Leathanach: 107
|
1260 |
Baliodaly near Ballymore
|
|
1326 |
Ballyodaly
|
Alen's Reg. Leathanach: 191
|
1654 |
Boledole
|
|
1663 |
Ballidaly
|
|
1727-1838 |
Ballydalla
|
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(46)
|
1735 |
Ballydalye
|
|
1760 |
Ballydawly
|
|
1828 |
Balladalla
|
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(53)
|
1833 |
Ballydalla; Ballydallagh
|
|
1837 |
Ballydallagh
|
BS:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
Stafford, Rev. P.:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
Kelly, R.:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
Manning, W.:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
Oldfield, W.:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
Bradley, J.:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Baile Dalach, 'town of the Dalys'
|
OD:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
pl:AL Leathanach: 1,70
|
1837 |
Ballydallagh
|
OC:AL Leathanach: 1,70
|
2009-2010 |
baliˑˈdalə
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/25625.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML