Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
subunits
Other names
Glossary
Explanatory note
- Gaeilge
I dtaca le Kilmilkin de, is gnách Béal Átha na mBreac a thabhairt ar an áit i nGaeilge. Tagann 'Kilmilkin' ón nGaeilge chomh maith dar ndóigh, ach oiread le 'Clonbur' i nDúiche Sheoigheach ar a dtugtar An Fhairche i nGaeilge. Ní léir ón bhfianaise stairiúil, cé acu an raibh an consan a bhí i dtosach an tsiolla dheireanach den logainm seo séimhithe nó neamhshéimhithe .i. Míolchon nó Míolcon; seo roinnt samplaí den logainm: Kelmylcon (bliain 1593), Koylenamikan (1660), Kilnemolochan / Kilnemilchan (1617), Coill Míolach agus Coill Milicín (leaganacha Gaeilge, timpeall 1839). Ainmneacha pearsanta seanbhunaithe iad an dá ainm seo a leanas atá gaolmhar le chéile, Míleac agus Míolchú. Is ionann foirm ghinideach don dá ainm sin, mar atá Míolchon, le 'c' séimhithe. D'fhéadfadh an t-ainmfhocal míleac, a chiallaíonn talamh cois abhann, a bheith taobh thiar den logainm faoi chaibidil leis--cé gur mílic gnáthleagan ginidigh an fhocail sin (Móinteach Mílic m.sh.), tá an fhoirm Míolcon teastaithe chomh maith sa ghinideach i seanteács Gaeilge. D'fhéadfadh ainmfhocal a bheith sa chuid deireanach den logainm chomh maith céanna, mar atá míolchú, focal a chiallaíonn 'greyhound, hunting hound'. Bhí an focal úd baininscneach tráth (ginideach uatha, *na míolchon) agus b'fhéidir Coill na Míolchon a bhaint as cuid de fhianaise an logainm.
Centrepoint
Properties
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/20713.aspxFolklore
The National Folklore Collection (dúchas.ie) contains material related to this place:
Open data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML