crossroads
Crosaire Choillí
genitive: Chrosaire Choillí
(Irish)
Coxtown Cross
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    Coilleach 'áit choillteach' atá sa logainm Coxtown ó cheart. Féach ar na foirmeacha stairiúla atá bailithe i logainm.ie (faoi uimh. thag. 50453): Culech (1302), Quillaghmore (1624), Culliaghmore, -beg otherwise Cockstown (1794) srl. Is amhlaidh a tugadh Cockstown sa sampla romhainn agus Coxtown ina dhiaidh sin ar an logainm i mBéarla de dheasca míthuisceana. Ní hannamh a fhaightear aistriúcháin mhíchruinne den chinéal sin i leaganacha Béarla logainmneacha, leithéid Trouthill / An Cnoc Breac i Maigh Eo.
    Tá áiteanna eile den ainm Coilleach ar fud na tíre agus go deimhin tá an focal céanna sa ghinideach, in ainmneacha mar Maigh Coillí i gCill Chainnigh. Ba dheacair *Coileach (logainm neamhspleách) a mhíniú go sásúil, i gcead don Phaorach.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm