Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the (oak-)wood of the awkward, left-handed people
ciotach — leasainm ar chlann áirithe, is dóchaIs cosúil gur Doire na gCiotach bunfhoirm an logainm seo, rud a chiallaíonn ‘(oak-)wood, grove, thicket of the awkward, clumsy, left-handed ones’. Ach is dócha nár chóir na gCiotach a thuiscint mar thagairt do ghrúpa fánach de dhaoine ciotacha, ach mar leasainm ar chlann áirithe a bhí i seilbh na talún anseo. Castar leis an mbuafhocal/leasainm Ciotach minic go leor i measc na nGael, agus dhealródh sé gur tháinig sé anuas ó ghlúin go glúin ar uairibh. Cuir i gcás ‘Hugh Kittagh Mc Owen Kittagh, of Inche’ (1605; Calendar of Patent Rolls (CPR) 65b) .i. Aodh Ciotach mac Eoghain Ciotaigh [Ó Murchú] ón Inis [#52315] gar don Abhainn Dhubh [#52328] i gContae Loch Garman; tugann an tagairt seo le fios gur bhain an leasainm ciotach leis an sliocht áirithe sin de mhuintir Mhurchú, tharla gur tháinig sé anuas ó ghlúin go glúin. Go deimhin, san iontráil chéanna in CPR faightear ‘Edm. Kittagh of Inche’ (Éamann Ciotach), tagairt do dhuine eile fós de chuid an teaghlaigh chéanna ní foláir. Dá dheasca seo is féidir cáilitheoir an logainm seo idir chamáin .i. Doire na gCiotach a thuiscint mar thagairt do chlann ar leith, a raibh an talamh ina seilbh acu tráth is dócha.
(Conchubhar Ó Crualaoich, An Brainse Logainmneacha) - English
the (oak-)wood of the awkward, left-handed people
ciotach — probably a sobriquet in this caseDoire na gCiotach most likely means ‘(oak-)wood, grove, thicket of the awkward, clumsy, left-handed ones’. However, one should probably not think of na gCiotach ‘of the awkard, clumsy, left-handed ones’ as a reference to a random collection of such people, as it most likely refers to the sobriquet (nickname) of a particular family who once had possession of land here. Ciotach was quite commonly used as a descriptor in Irish society, and sometimes seems to have been applied to families inter-generationally. For example, a reference to ‘Hugh Kittagh Mc Owen Kittagh, of Inche’ (1605; Calendar of Patent Rolls (CPR) 65b) i.e. Aodh Ciotach mac Eoghain Ciotaigh [Ó Murchú] of Inch [#52315], near Blackwater, in County Wexford, suggests that this branch of the Ó Murchú family bore the sobriquet ciotach, as it has clearly been passed on inter-generationally here. Indeed, in the same entry to the CPR one also finds ‘Edm. Kittagh of Inche’ (Éamann Ciotach), probably another member of the same family. Such a scenario allows for Doire na gCiotach to be understood as a reference to the sobriquet of members of a particularly family, most likely erstwhile landholders here.
(Conchubhar Ó Crualaoich, An Brainse Logainmneacha)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
féach de Bhulbh : Mac Ceit, a rare West Clare surname
|
||
de Bhulbh Ò Ceit, a rare West Clare surname
|
||
"Contribb cittach o, ā Also cet- `lefthanded, awkward'; as sobriquet : Conn ciotach .."
|
||
c1660 |
Derenegittagh
|
BSD Leathanach: 17
|
1724 |
Derrynagittagh ats Derrynegillagh
|
CGn. Imleabhar: 41.382.26416
|
1725 |
Derrynagittagh
|
CGn. Imleabhar: 44.305.29379
|
1725 |
Derrynagittah
|
CGn. Imleabhar: 45.153.28557
|
1783 |
Derrynagittagh, Derrynagillah
|
CGn. Imleabhar: 351.42.234636
|
1839 |
D...r(e) na g-ceiteach, ciotach
|
|
1839 |
Doire na g-ciotach
|
|
1839 |
Derranagetta Naughten, Purcell
|
|
1983 |
ˌderənəˈgit̪ə
|
Áit. Uimhir : C729B414, C730A004
|
1983 |
ˌderi:nəˈgitə
|
Áit. Uimhir : C729B300
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/7642.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML