Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
Nóta mínithe
- Gaeilge
sedge-land
malairt foirme de ineasclannMalairt foirme é Fionasclainn de Ineasclann, a bhfuil leagan béarlaithe de le fáil mar logainm ann féin in ainm an bhaile fearainn Inisclan [Ineasclann] i dTír Eoghain (x2), agus atá le fáil mar cháilitheoir sna logainmneacha Clooninisklin/Cluain Ineasclainn i Ros Comáin; Dromiskin/Droim Ineasclainn i Lú; agus Druminisclin/Droim Ineasclainn agus Druminiskill/Droim Ineasclainn sa Chabhán.
Tharraing Joyce aird ar an seanmhíniú atá le fáil i Sanas Chormaic: ‘inesclund is explained as “sribh luath no tren,” “a swift or strong stream’ in Cormac’s Glossary’ (Origin and History of Irish Names of Places II (1883) p.406); is é an míniú céanna a thugtar in eDIL s.v. inescland. Ach sa trácht dó ar an logainm Dromiskin/Droim Ineasclainn i gContae Lú (Dinnseanchas 5 (1972–3) p.61), d’áitigh Éamon de hÓir go bhfuil an míniú traidisiúnta seo an-amhrasach, tharla nach bhfuil aon sruth luath le fáil i gcuid mhaith de na bailte fearainn seo a dtagann ineasclann i gceist ina n-ainmneacha. Is amhlaidh, áfach, a thug de hÓir faoi deara go bhfuil, nó go raibh tráth, portach nó talamh bogach le fáil sna háiteanna sin go léir. Bheadh sé seo ar aon dul leis an anailís teangeolaíochta a rinne Dónall Mac Giolla Easpaig ar an logainm, á rianú siar go ‘*Eni-Sesko-Landa ‘land in the sedges’ ... Ineasclann ‘sedge-land’’ (Études celtiques XVIII (1981) p.156).
Buailtear le foirm eile de Ineasclann a bhfuil f- próistéiteach ann (cf. NG fuinneog “window” < SG uinneoc) i roinnt contaetha san Iarthar. Finnisglin an béarlú a rinneadh air sin i nGaillimh agus Finisklin agus Finiskil i Liatroim (féach freisin Finisclin i Ros Comáin). I gContae Shligigh rinne Finisklin de faoi dhó — sampla amháin i bParóiste Eoin agus ceann eile i nDroim Raite. Leagadh síos Fionasclainn mar leagan Gaeilge den mhalairt foirme seo sna horduithe agus sna dréachtorduithe logainmneacha a bhaineann leis na contaetha úd (féach www.logainm.ie/ga/ord/). Tá an chéad -n- sa leagan seo leathan, cé go mbeadh litriú ar nós *Fineasclainn dlisteanach chomh maith céanna, agus an chéad -n- úd caol go stairiúil (SG inescland). Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil fianaise dá laghad ar son na haidiachta fionn (le -nn) “white, bright” sa chéad chuid den logainm seo.
- English
sedge-land
variant form of ineasclannFionasclainn here is a variant form of Ineasclann, which occurs as a simplex townland name Inisclan [Ineasclann] in Tyrone (x2), and as a qualifying element in the townland names Clooninisklin/Cluain Ineasclainn in Roscommon; Dromiskin/Droim Ineasclainn in Louth; and Druminisclin/Droim Ineasclainn and Druminiskill/Droim Ineasclainn in Cavan.
As Joyce noted, ‘inesclund is explained as “sribh luath no tren,” “a swift or strong stream’ in Cormac’s Glossary’ (Origin and History of Irish Names of Places II (1883) p.406); this meaning is also given in eDIL s.v. inescland. However, in his discussion of the County Louth placename Dromiskin/Droim Ineasclainn (Dinnseanchas 5 (1972–3) p.61), Éamon de hÓir argued that this traditional explanation of Ineasclann is doubtful given the absence of any ‘fast or strong stream’ in many of the townlands in whose names it occurs. On the other hand, de hÓir drew attention to the fact that bog or peatland can or could be found in all of the examples listed. This latter characteristic is in keeping with Dónall Mac Giolla Easpaig’s linguistic analysis of the word as deriving from ‘*Eni-Sesko-Landa ‘land in the sedges’ ... Ineasclann ‘sedge-land’’ (Études celtiques XVIII (1981) p.156).
A variant form of Ineasclann with a prosthetic (non-original) f- (cf. fuinneog “window” < Old Irish uinneoc) occurs in a number of western counties. It occurs in anglicised form as Finnisglin in Galway and Finisklin and Finiskil in Leitrim (see also Finisclin in Roscommon). It is also found in the two townlands in County Sligo named Finisklin, one in the parish of St John’s and one in Drumrat. The Irish version of this variant form is set down as Fionasclainn in the relevant placenames orders and draft placenames orders for the counties (see www.logainm.ie/en/ord/). This version contains a non-palatal (‘broad’) first -n-, although a version such as *Fineasclainn reflecting the historical palatal (‘slender’) -n- in OIr. inescland would also be valid. Note that there is absolutely no evidence that the first part of the word is derived from the adjective fionn (in -nn) “white, bright”.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1584c |
Fynesylyn
|
Inq. E: Wood-Martin I Leathanach: 381
|
1588 |
Fynesflyn
|
Inq. E: Wood-Martin I Leathanach: 382
|
1633–6 |
Finisklin
|
Rentals: Wood-Martin II Leathanach: 144
|
1655–7 |
Finackline
|
|
1660c |
ffinasklin
|
BSD Leathanach: 81
|
1665c |
Finicklin
|
HMR Leathanach: 45
|
1665c |
Finicklin
|
HMR Leathanach: 26, 45
|
1666 |
Feniskillen als. Finisklin als. Finasklin
|
ASE Leathanach: 56
|
1682c |
fenniskillin als. Finisklin als. Finasklin
|
Inq.(Sl) Leathanach: 20
|
1682c |
Feniskillin als. Finaskline als. Finisklin
|
Inq.(Sl) Leathanach: 20
|
1685c |
Finaskilew
|
|
1708 |
Finisklin
|
CGn. Leathanach: 1.333.209
|
1739 |
Finisrall
|
Henry: Top. History of Sligo Leathanach: 145
|
1819 |
Fineskel
|
|
1824 |
Finiskil
|
|
1836 |
Finnisklin
|
OD:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finisklin
|
OD (corr.):AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finiskil
|
BS:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finiskel
|
Larkin Map:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Fineskel
|
BM:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finisklin
|
Bar. Cess Bk.:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finisklin
|
Lent Assizes 1832:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Fenescal
|
Sl. Bay:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
[Finisklin Part of]
"It contains two villages commonly called Far & Near Finnisklin, & Finnisklin house, the residence of the R.C. Bishop, Marine Cottage, the residence of Capt. Vernon, Rathelland, the residence of Wood Esqr, and a hamlet on the western extremity called Giberalter" [Desc. Rem.];
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finaskilew
|
Cooper Map:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
ffindskline
|
DS Ref.:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Feniskillin alias Finaskline als. Finisklin alias Fenniskllin alias Finisklin alias Finasklin
|
Part. 1687:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Fionasclainn, 'fair corner nook or angle'
|
OD:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Feriskillen als. Firisklin als. Finaskiln
|
Grant, C. II:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finaskline
|
DS Map:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finiskil
|
BS:AL Leathanach: Sl046,20
|
1836 |
Finisklin
|
|
1836 |
Fineskel
|
|
1836 |
Finaskilew
|
|
1836 |
It contains two villages commonly called Far & Near Finnisklin, & Finnisklin house, the residence of the R.C. Bishop, Marine Cottage, the residence of Capt. Vernon, Rathelland, the residence of Wood Esqr, and a hamlet on the western extremity called Giberalter
|
|
1836 |
Finaskline
|
|
1836 |
ffindskline
|
|
1836 |
Feriskillen als. Firisklin als. Finaskiln
|
|
1836 |
Finiskel
|
|
1836 |
Finisklin
|
|
1836 |
Finisklin
|
|
1836 |
Fionasclainn “fair corner nook or angle”
|
|
1836 |
Finnisklin
|
|
1836 |
Feniskillin als. Finaskline als. Finisklin als. Fenniskllin als. Finisklin als. Finasklin
|
|
1836 |
Fenescal
|
|
1938 |
Fineasclann
|
Elphin PN Leathanach: 46
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/45377.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML