Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the woods, wooded heights
Is giorrúchán é seo ar ainm níos faide atá le feiscint in 1563–1632 ach is deacair an cáilitheoir a dhéanamh amach go cinnte. Is féidir na móna “of the bog(land)” a chur as an áireamh, is dócha, toisc nach bhfuil aon phortach anseo; d’oirfeadh Rosa na Mant “the woods of the gaps (in hills)” don tírdhreach, b’fhéidir.
Mar leis an bhfuaim -sh- [ʃ] sa leagan Béarla den ainm mar réadú ar s-leathan na Gaeilge [s], féach go bhfuil samplaí eile againn dá leithéid, e.g. 1592c ‘Carrigenashe’ < Carraig an Easa (#34602) (ME), 1661 ‘Dorlishmore’ BSD < Durlas (#37331) (ME), 1591 ‘Dunrushe’ F 5567 < Dúras (#1166073) (Co), 1766 ‘Brainrish’ < An Bréanros (#30347) (Li), 1756 ‘the Cashin’, Cashen River SO < An Casán (#101087) (Ci), 1313 ‘Russhe’ < An Ros (#17008) (BÁC). Is cosúil go mbaineann an t-athrú fuaime seo leis an mBéarla (cf. Dobson ‘In widespread dialects … there is a tendency for [s] to become [ʃ]; it affects chiefly final [s] … seventeenth century ‘homophone’ lists … abase : abash … lace : lass : lash … kiss : Kish’ English Pronunciation II §373).
Gach seans go ndeachaigh an t-ainmfhocal Béarla rushes (.i. luachra) i bhfeidhm ar an logainm trí ionadaíocht, ar nós (An) Daingean > Dingle (focal Béarla a chiallaíonn gleanntán nó fothair).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1563 |
Rossememont
|
F Leathanach: 538
|
1585 |
Rossenemonte
Terence M'Donnell
|
F Leathanach: 4747
|
1602 |
Rossenemone
Faragh m'Tirlagh M'Donell
|
F Leathanach: 6593
|
1620 |
Rosse
Farriogh mcTirlagh McDonell
|
CPR Leathanach: 492
|
1632 |
Rossenemount
|
Inq. Lag. Leathanach: 13 C I
|
1801 |
Rushes
|
Stat. Surv. (La) Leathanach: 188
|
1812 |
Rushe's- colliery
cf. Rushes Colliery (disused ) 25"
|
Leet Imleabhar: II, Leathanach: 191
|
1817 |
Rushes
|
CGn. Imleabhar: 718., Leathanach: 328, Uimhir: 491063
|
1838 |
Rushes
|
BS:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
Griffith Map:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
Gale, P.:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
OD:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
OD:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
BS:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
Griffith Map:AL Leathanach: LA032,26
|
1838 |
Rushes
|
Gale, P.:AL Leathanach: LA032,26
|
2006 |
d̪əˈroʃəs
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28894.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML