BRABHSÁIL
baile fearainn
Cloch Ghrianáin
ginideach: Chloch Ghrianáin
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Clogrenan
(Béarla)

Gluais

cloch, cloich
Béarla stone, stone building

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    stone (structure) of (the) eminent place

    Tá mionphlé déanta ag Ó Maolfabhail ar an eilimint grianán i logainmneacha in Dinnseanchas VI 60–75.

    Tá an chuid is mó den bhaile fearainn seo i gContae Cheatharlach laisteas (#3217) agus tá an chuid sin de atá i gContae Laoise roinnte idir dhá pharóiste. Baile fearainn mór é (c. 1300 acra) a shíneann siar ón Bhearú go dtí na cnoic.

    Éamann an Chalaidh “Éamann of the ferry, landing place” ab ainm don Bhuitléarach (†1602) ar leis an caisleán anseo, atá suite ag mórphointe trasnaithe ar theorainn chontae. Féach 1596 ‘clann Edmuinn an Chala amuigh ar Iarla Urun’ i lámhscríbhinn de chuid Leabharlann na hAlban (ag Nic Dhonnchadha, Ossory, Laois & Leinster 2 35). (Tá réadú -aidh mar -a /ə/ inspéise anseo.) Tá cur síos le fáil san Fhardal Seandálaíochta ar an gcaisleán (www.archaeology.ie).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Is anseo timpeall a bhí 1549 ‘Clonetoryn’, 1552 ‘Clonetoren’, 1561 ‘Clonatoran’, 1567 ‘Cluighe na Toren’ < Cloch na Teorann “the stone (structure) of the border” (féach gur cosúil gurb í foirm an tabharthaigh cloich a bhí sa chaint an uair úd; cf. na nótaí faoi bf Cloch Lathaí (#28774) i gClann Donncha agus bf An Cloichreán (#27966) i gClár Maí Locha). Ní léir an ainm déanach é seo ar chaisleán Chloch Ghrianáin féin nó an struchtúr eile atá i gceist (luaitear an dá logainm taobh le chéile).
    2. Tagann cúpla mionainm anuas chugainn a bhfuil aistriúcháin Bhéarla ón 16ú haois le fáil i gcur síos ar an gcuid seo de theorainn bar Uí Dhróna (#2) (Ce), mar atá 1572 ‘ford of Henrykeagh’, ‘ford of Blind Henry’ < Áth Hanraí Chaoich (cf. #28794, #28849, #28831) agus 1572 ‘Uskie-na-goare’, ‘water of Goates’ < Uisce na nGabhar (tá réadú -abha- mar -oa- /oː/ le tabhairt faoi deara anseo) (Calendar of the Patent and Close Rolls of Chancery in Ireland 550). An sruthán ar theorainn thuaidh an bhaile fearainn seo atá i gceist de réir dealraimh. (Féach na háiteanna seo a leanas i gContae Cheatharlach san fhoinse céanna: ‘the sallo of the White Horse called Silloge-en-eighe gill’ < Saileog an Eich Ghil; ‘the fastness of the Boar, or Dengan-na-killy’ < Daingean an Chollaigh; ‘Loughe Peast, or the Pool of Worms’ < Loch Piast; ‘the Ivy rath, called Rahynen ynan’ < Ráithín an Eidhneáin.) (Luaitear tuilleadh mionainmneacha, atá gan aithint againn, in Calendar of Ormond Deeds V 172.)
    3. Tá cuid eile den bhaile fearainn seo ar an taobh thoir de An Fhuiseog (#116594) i ndeisceart pharóiste Chill Uisean. Is anseo timpeall a bhí 1577 ‘Stradenefushoke’, 1621 ‘Stradnefushoge’, srl. < Sráid na Fuiseoige “the street, village of An Fhuiseog (abhainn)” (cf. Calendar of Ormond Deeds V 171–172).

Lárphointe

52.8125, -6.99367domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1549
Cloenegrenan
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 51
1549
Cloegrenan
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 105
1549
Cloegrenan
lordship of Leyse
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 245, 246
1561
Cloughegrenan
F Leathanach: 6786
1577
Cloughegrenan
F Leathanach: 2970
1838
Clogrennan
Co. Treas. Warrant:AL Leathanach: La035,32
1838
Cloch a ghrianáin, 'stone house of the greenan, or solarium'
OD:AL Leathanach: La035,32
1838
Cloghgrenan
Rockfort, H.:AL Leathanach: La035,32
1838
Clogrenan
OD (corr.):AL Leathanach: La035,32
1838
Clogrenan
BS:AL Leathanach: La035,32
1838
Cloghgrenan
Stat. Surv.:AL Leathanach: La035,32
1838
Cloghrenan
Stat. Surv.:AL Leathanach: La035,32
2006
kloˈgrenin
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm