BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Mhic Ruairí
ginideach: Bhaile Mhic Ruairí
(Gaeilge)
Ballymacrory
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of the son of Ruairí
    Ruairí — ainm pearsanta

    Bhí an t-ainm Ruairí comónta i measc mhuintir Dhuinn (m.sh. 1427 ‘Ruaidhri ua duinn taoiseach ua riaccainARÉ IV 870).

    Baile fearainn beag is ea é seo (40 acra), ach ar léarscáil an Down Survey chlúdaigh 1655 ‘Ballimcrory’ é seo agus bf An Ghléib (#28678) laistiar (165 acra) araon.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Díol spéise caomhnú an -th- /h/ láir sa mhionainm Glenlahan River SO < An Gleann Leathan “the wide glen”, a ritheann anuas ó Shliabh Bladhma anseo. Is minic an foghar seo caillte i logainmneacha béarlaithe an chontae seo agus fadú cúitimh a theacht ina áit.

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Is é an talamh ar gach taobh den ghleann thuas, bf Baile Mhic Ruairí san áireamh, a bhí i gceist sa cheathrúin darbh ainm 1607 ‘Kilregrallagh’, ‘Killingrallagh’, ‘Killnegrallagh, ‘Killtegrallagh’, 1607/8 ‘Killnegrallagha’, ‘Killnegrallagh’, 1608/9 ‘Killtegrallaghe’, ‘Killnegrallaghe alias Kiltegralaghe’, ‘Killngrallagha alias Kiltegrallaghe’, 1609 ‘Killtegrallagh’ CPR, 1622 ‘Kilnagrealcha’, ‘Killnegrallaghe’, 1637/8 ‘Koilltegrallagh alias Killnegrellagh’, 1638 ‘Kiltegrellagh’, 1639 ‘Killnegrallagh’, ‘Killnegrallagh’, ‘Coltegrelagh’ < Coillte Greallach “woods of (the) mires” nó Coill na Greallcha “the wood of the mire” (féach www.dil.ie s.v. 1 grellach agus cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Ballynagrallagh).
    2. Áit eile taobh leis seo ab ea 1607 ‘Ballimickmullmore’, 1629 ‘Ballymcmulrony’, 1637/8 ‘Ballemolmore’, 1660c ‘Gleabe Land — Ballymcrory and Ballymcmullmory’ < Baile Mhic Mhaolmhuire (?) “the town of the son of Maolmhuire (ainm pearsanta)”. Cf. 1607 ‘Mulmore mcCarroll’, 1607 ‘Edmond mcMulmorie’ luaite faoi bf Doire (#28543).

Lárphointe

53.1376, -7.49602domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1607
Ballimickrory
O Doyne Ms. Leathanach: 23
1629
BallymcRory
O Doyne Ms. Leathanach: 176
1655
Ballimcrory
DS
1660c
BallymcRory & Ballymullmory
BSD (La) Leathanach: 121
1685
Ballimc Rory
Hib. Del.
1823
Ballimacrory
TAB
1823
Ballymacrory
innéacs
TAB
1838
Ballymacrory
BS:AL Leathanach: La054,5
1838
Ballymacrory
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La054,5
1838
Ballimcrory
DS:AL Leathanach: La054,5
1838
Baile Mhic Ruaidhri, 'town of the son of Rory'
OD:AL Leathanach: La054,5
1838
Ballymacrory
OD:AL Leathanach: La054,5
1997
ˌbaliːməˈkroːriː
Áit. Uimhir : C897b2
2005
baliˑmakˈroːri
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm