Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the borough, burgage land
Tá tobar beannaithe agus fothracha teampaill i ndeisceart na Buiríse Móire (www.archaeology.ie). Cf. ainm an bhaile fearainn teorantaigh Ráth na Manach (#28330).
Bhí an paróiste seo suite sa seandúiche Fearann Ó nDúllaing “the land of the Uí Dhúllaing” (1549 ‘ffarrynonowlyn’ = 1551 ‘Feryn Onowlyn’, 1551 ‘Farryn O’Nolan’, 1563c ‘Feranodovlin’, srl.). Fianaise ar urú atá sa mhalartú seo -n- le -d-. Tá fianaise againn ar an urú in ainm dúiche eile ar chuid í de Laoighis .i. Fearann Ó gCeallaigh “the land of the Uí Cheallaigh” agus san ainm abhann abh Abhainn Ó gCeallaigh “the river of the Uí Cheallaigh” (féach faoi #129). Dá bharr sin b’fhéidir gurbh fhearr glacadh leis gurbh í an fhoirm iolra atá in 1550–51 ‘Farryn y liallor’, 1563c ‘F[e]rano[l]avler’ < Fearann Ó Leathlobhair “the land of the Uí Leathlobhair” i Laoighis chomh maith.
Tá daoine de mhuintir Dhúllaing luaite sa 16ú haois le bf An Ros (#28427), par. Chluain Eidhneach agus Chluain Caoin laistiar, paróiste eile sa seandúiche Fearann Ó nDúllaing.
Cf. an logainm b Buiríos Mór Osraí (#1416672).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28622.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML