Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the field of the cairn
Ar theorainn thoir an bhaile fearainn seo tá sruthán beag (féach 1608 ‘the glen of Glanbarrowe’ faoi bf Baile Uí Mhaonaigh (#28617)), a dtéann an bóthar ón tSráidbhaile trasna ar an teorainn thuaidh. D’fhéadfaí áth “ford”, a mbeadh fuaim -ch /x/ ina dheireadh i gcanúint na háite, a chur san áireamh mar aicmitheoir dá bharr. Measaimid mar sin féin gur fearr a oireann an fhianaise le achadh “field” — thairis sin ní fios cé acu is sine an bóthar nó an t-ainm.
D’oirfeadh Achadh an Charna (malairt foirme de ghinideach uatha < carn) don fhianaise chomh maith céanna — cf. bf, par Áth Charna (#27760). Ní dócha ar aon chuma go mbéarlófaí Achadh na hAirne “the field of the sloes” mar 1660c ‘Aghancharrin’ (féach 1838 ‘Ach na h-airnídh’ ag Ó Donnabháin).
Ainmneacha stairiúla:
- Díol spéise ainm an phortaigh mhóir a bhfuil rian de le feiscint, mar thalamh lochach, ar léarscáil www.epa.ie sna bailte fearainn bf Ráth Liag (#28615) agus bf An Doire (#28489) ní fada soir ó dheas uaidh seo .i. 1608 ‘a moor called Monecharin … Monacharan’ < Móin an Chairn “the bog(land) of the cairn” (CPR 113a).
- Cf. freisin an mionainm 1551 ‘Rahynenenarran’, 1568 ‘Rathenenarren’, 1608 ‘Rathuneran’ < Ráithín na nAirne (?) “the (little) ring-fort of the sloes”, sa chuid sin de bf Ráth Liag (#28615) a ghobann isteach i bparóiste Shrúbh Bó, teorantach leis an mbaile fearainn seo laisteas.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1660c |
Aghancharrin
|
BSD (La) Leathanach: 94
|
1713 |
Aghanaharna
s.n. John Baldwin
|
Leighlin Wills Leathanach: 36
|
1765 |
Aghanharan
|
CGn. Imleabhar: 242, Leathanach: 108, Uimhir: 155934
|
1767 |
Summerhill
s.n. Alice Baldwin
|
Leighlin Wills Leathanach: 36
|
1805 |
Summer Hill
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA012,3
|
1805 |
Summer hill
|
|
1811 |
Aughnaharna
|
CGn. Imleabhar: 636, Leathanach: 174, Uimhir: 436577
|
1812 |
Summer-hill
|
Leet II Leathanach: 221
|
1817 |
Aughnaharna now called and known by the name of Summer Hill
|
CGn. Imleabhar: 720, Leathanach: 521, Uimhir: 492457
|
1838 |
Aughnaharnagh or Summer Hill
|
BS:AL Leathanach: LA012,3
|
1838 |
Aghnahary
|
HCSV:AL Leathanach: LA012,3
|
1838 |
Ach na h-airnídh, 'field of the sloes'
|
OD:AL Leathanach: LA012,3
|
1838 |
Agh na harney
|
pl:AL Leathanach: LA012,3
|
1838 |
Aghnaharna or Summerhill
|
OC (corr.):AL Leathanach: LA012,3
|
2005 |
aknəˈharnə
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28606.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML