Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the (oak-)wood of Ó Sé?
Ó Sé — sloinneIs cosúil gurb ionann an áit seo agus 1549 ‘Dirrenehage … bounds of Faryn O Nowlin [Fearann Ó nDúnlaing “the land of the Uí Dhúnlaing”]’ — féach go bhfuil an baile fearainn seo suite ar theorainn bharúntachta. Is dealraitheach gur cheart ‘Dirrenehaye’ a léamh ansin. Tá áth suntasach léirithe ar theorainn theas an bhaile fearainn (Stepping Stones, Ford SO 25ʺ) ach is ar éigin gur réadú ar Doire an Átha atá anseo. Réiteodh ‘Dirrenehaye’ le Doire na hÁithe “the (oak-)wood of the kiln”, b’fhéidir, ach níl aon iarsmaí d’áith anseo (Fardal Seandálaíochta) agus ní heol dúinn aon tsampla d’áth “ford” mar fhocal baininscneach i logainmneacha (in ainneoin ‘áth … sometimes f[eminine]’, Dinneen; cf. www.dil.ie).
D’fhéadfadh sé mar sin gurb é an sloinne Ó Sé atá sa cháilitheoir, agus gur réadú é 1549 ‘Dirrene[h]a[y]e’ ar fhoirm mhalartach * Doirín Uí Shé. Cf. ‘John Shea’ sa pharóiste seo in Griffith’s Valuation agus 40 sampla eile sa chontae.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Dirrenehage?
bounds of ffaryn O Nowlin
|
|
1660c |
Derry & Aghamore
Féach bf Aghamore
|
BSD (La) Leathanach: 151
|
1838 |
Derryhay
|
BS:AL Leathanach: La046,18
|
1838 |
Derryheath
|
Hamilton, W. :AL Leathanach: La046,18
|
1838 |
Derryheath
|
Rour, G. :AL Leathanach: La046,18
|
1838 |
Derryhay
|
Despard:AL Leathanach: La046,18
|
1838 |
Doire Uí Aedha, 'O'Hay's oakwood'
"Another written authority must be obtained." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La046,18
|
2004 |
deriˑˈheː
|
|
2004 |
(Derry)ˈheː
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28575.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML