Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
(oak-)wood of ivy?
Tá an leagan Gaeilge seo amhrasach, agus is é an trua é nach dtagann aon tagairtí anuas chugainn ón 18ú haois. I bhformhór na dtagairtí ón 17ú haois léirítear guta tar éis an d-tosaigh — féach go háirithe 1659 ‘Dirrinae’ as an Census, foinse a bhíonn neamhspleách de ghnáth ar DS, BSD, ASE, Hib. Del. Ina choinne sin féach gur cosúil go bhfuil an tagairt is luaithe dá maireann .i. 1643 ‘Drinagh’ as Dep. 1641 ar aon fhocal leis na foirmeacha ón 19ú haois ar aghaidh (1805 ‘Drinagh’, 1819 ‘Drynagh’, 1838 ‘Drina’, 2005 /ˈdrəinə/).
Is féidir an dá shraith fhianaise seo a réiteach lena chéile ach a thuairimiú go raibh an bhéim ar an dara siolla sna foirmeacha úd ón 17ú haois (1655 ‘Derriuagh’, 1659 ‘Dirrinae’, 1660c ‘Derrinagh’, 1668 ‘Derrinagh’, 1670 ‘Derrynagh’, 1685 ‘Derivagh’). Is cosúil gur thit an /d/ agus an /r/ le chéile roimh an mbéim, mar is minic a tharlaíonn i gcás /r/, go ndearna 1643 ‘Drinagh’, 1819 ‘Drynagh’ de. Measaimid mar sin gur inmheasta an forás é Doire Eidhneach “(oak)wood of ivy?” * /dəˈrʹəinʹəx/ > * /ˈdrʹəinʹəx/.
D’fhéadfaí draighneach “thorny place” a chur san áireamh. Ach cé nach annamh a fhorbraíonn /iː/ go /əi/ i logainmneacha béarlaithe, bheadh 2005 /ˈdrəinə/ (le défhoghar) neamhghnách mar réadú ar draighneach sa chuid seo den tír: cf. 1838 ‘Kildreena’ faoi bf Cill Draighneach (#27809) in Uí Fhairchealláin; 1150c ‘ó Chill draigneach in hUibh Drona’ > 1839 ‘Kildreena’ (#3399) i dtuaisceart Cheatharlach; agus 1905 ‘Kildhreena’ (Gaeilge) (#27510) i dtuaisceart Chill Chainnigh. Ní féidir Doirín Each “little (oak)wood of horses” a chur as an áireamh ach an oiread, leis an bhforbairt chéanna /iː/ go /əi/, cé go mbeadh an bhéim ar an siolla deiridh ó cheart ann.
Cf. bf An Cnocán Eidhneach (#28570) i bPort Laoise Thiar.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1643 |
Drinagh
|
|
1655 |
Derriuagh
|
|
1659 |
Dirrinae
|
Cen. Leathanach: 506
|
1660c |
Derrinagh & Garrone
Garroon SO
|
BSD (La) Leathanach: 120
|
1668 |
Derrinagh and Garrone
|
ASE Leathanach: 170
|
1670 |
Derrynagh and Garrane
|
ASE Leathanach: 224
|
1685 |
Derivagh
|
|
1805 |
Drinagh
|
|
1819 |
Drynagh
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 315, 332
|
1819 |
Drynagh
"Thorny place."
|
Par. Stat. Leathanach: 332
|
1838 |
Drinagh
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Drinagh
|
HCons PR:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Drinagh
|
OD:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Derrinagh?
|
DS:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Droighneach, 'land abounding in black thorns'
|
OD:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Drinagh
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Drina
|
BS:AL Leathanach: La056,16
|
1838 |
Drinagh
|
HCSV:AL Leathanach: La056,16
|
2005 |
ˈdrəinə
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28560.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML