Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the wood of the fort?
‘Talamh ard (coillteach), coill, ceann tíre’ an réimse bríonna atá leis an bhfocal ros. Dhealródh sé gur minicí an bhrí ‘talamh ard (coillteach)’ leis sa taobh seo tíre; talamh íseal atá sa chuid is mó den bhaile fearainn seo, áfach. Cf. bf An Ros (#27887).
Ní léir cad dó a sheasann dún anseo. Níl aon iarsmaí seandálaíochta sa bhaile fearainn seo ná níl aon tuairisc ar struchtúr dá leithéid a bheith anseo. Ní thagann aon fhianaise anuas chugainn atá níos sine ná deireadh an 18ú haois, áfach, agus d’fhéadfadh sé gur tháinig truailliú ar an mbuneilimint deiridh. Más réadú é 1778 ‘-down’ ar dhéfhoghar Gaeilge (/~əu/), d’fhéadfaí na dtamhan “of the tree-stumps” a chur san áireamh (cf. bf Cúil na dTamhan (#32488) (Lm), bf Coill na dTamhan (#52499) (LG)).
Tuairimíonn Ó Murchadha (in Laois: History and Society) go bhféadfadh sé gurb ionann é seo agus an logainm stairiúil ‘Ross Náir’ atá le fáil sa Metrical Dindshenchas, agus go mb’fhéidir gurb é seo an áit a bhí i gceist le ‘Lachtnán mac Cearnaigh, rí Dúin Nar Laoighsi’ sna Fragmentary Annals faoin mbliain 913.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28525.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML