Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of Maicín?
Maicín — ainm pearsantaTá éiginnteacht ag baint leis an gcáilitheoir anseo. Molaimid an t-ainm pearsanta Maicín tharla nach eol dúinn aon sampla den sloinne Ó Maicín (> Mackan, Mackin) sa chontae seo.
Ní théann an fhianaise stairiúil siar rófhada. Ba chuid de thailte an Phiogóidigh an áit seo agus is léir gurbh fhoroinn é de chuid 1608 ‘Dirrie ows Rainaspicke or Rahinaspickure’ CPR, et var., sna cáipéisí luatha. Ní luaitear é fiú in 1607 Inq. Lag. 4 Jac. I ná in 1608 CPR 112, a sholáthraíonn logainmneacha de bhreis ar na mór-ranna talún a thugtar in 1563 F 496. Tagann sé chun solais mar ainm ann féin in 1659 ‘Ballemarkin’, 1660c ‘Ballemackin & Rahingasginbane’.
B’fhéidir nach sloinne atá sa cháilitheoir ach tagairt don chnoc maol ar imeall an phortaigh in oirdheisceart an bhaile fearainn (440ʹ SO 6ʺ). Tuairimíonn Ó Máille ‘gur ‘meall, meall do chnoc’ a chiallaíos meacan’ i logainmneacha áirithe (Dinnseanchas II 93–97). B’ait an logainm é *Baile an Mheacain, áfach.
Cf. bf Doire (#28489).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1659 |
Ballemarkin
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Ballemackin & Rahingasginbane
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1714 |
“...all those the towns and lands of Ballmoneen aforesaid Ballyclydor and lower Ballymackin all situate lying and being in the Barony of Mary Borough...”
|
CGn. Imleabhar: 14, Leathanach: 69, Uimhir: 5193
|
1720 |
Little Ballymackin...”
|
CGn. Imleabhar: 27, Leathanach: 228, Uimhir: 16733
|
1805 |
Ballymackan
|
|
1838 |
Ballymackin
|
BS:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Ballymackin
|
HCSV:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Ballymackan
|
CM:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Ballymackin
|
HCons PR:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Baile Maicfhinn, 'Macken's town'
|
OD:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Baile mackin
|
pl:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Ballymackan
|
OD:AL Leathanach: La061,3
|
1838 |
Ballymackin
[scriosta]
|
OC:AL Leathanach: La061,3
|
2005 |
balimakin
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28498.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML