Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the lake of the mist
Ainmneacha stairiúla:
Níl fágtha ach smut beag den loch in oirdheisceart an bhaile fearainn a thug ainm don áit, ach léiríonn léarscáil www.epa.ie achar mór de thalamh lochach mórthimpeall air sin, agus cuid de sa bhaile fearainn teorantach bf An Ghráinseach Uachtarach lastoir. Sa bhliain 1608 thagadh teorainn thailte an Phiogóidigh an cnoc anuas ‘to a stone in the middle of Loughchoe’ CPR — tá sé le tuiscint gurb é lár an locha féin atá i gceist ansin. Is é ‘Rathbegg’ < An Ráth Bheag “the small ring-fort” an t-ainm a úsáidtear sna gníomhais ar an talamh taobh thiar den loch an uair úd, ach níl aon tuairisc ar aon imfhálú anseo (www.archaeology.ie).Thuas ar imeall thuaidh an bhaile fearainn tá paiste caol talún ar a dtugtar Site of R.C. Chapel SO 6ʺ. Díol spéise go bhfreagraíonn an suíomh seo do 1608 ‘a cross-cut in the earth, called Crosseretagh’ CPR, de réir dealraimh. Cro(i)s “cross” an t-aicmitheoir is dócha, ach faraor tá cuma thruaillithe ar an gcáilitheoir (leg. ‘Crosserevagh’ < An Chrois Riabhach (?) “the grey, spindled cross”, b’fhéidir — ní dócha gurb é an Réitigh atá ann ar aon nós). Ní léir cé acu an comhtharlúint é seo nó ar chrois í a mharcáil láthair thionóil aifrinn nó teorainn tailte eaglasta. Cf. an cur síos ag an gCorragánach in History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 48–50 ar an ngné suntasach ‘Kenny’s Cross’ sa ‘Cross-field’ i bparóiste Achadh Bhó .i. dhá logán éadoimhne gearrtha sa chré ag rith trasna a chéile i ndéanamh croise (bf An Chrois #28029).
Cf. cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165) ar theorainn thiar theas an pharóiste.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1593 |
Rathbege
Edw. Fitz Henry
|
F Leathanach: 5824
|
1607 |
Rathbegg & Rahinhoylley
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1608 |
Rathbegg
|
CPR Leathanach: 112
|
1608 |
Loughchoe
|
CPR Leathanach: 113a
|
1654-6 |
Rathbegg ... Loghakoe
|
CS X Leathanach: 21
|
1659 |
Loughacoe
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Loghacheo, Rathbegg &
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1660c |
Rathbegg & Loghacheo
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1805 |
Loghahoe
|
|
1838 |
Lougheyho
|
BS:AL Leathanach: E019,1,14
|
1838 |
Loghahoe
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,14
|
1838 |
Loch a' cheo, 'lake of the fog or mist'
|
OD:AL Leathanach: E019,1,14
|
1838 |
Loughakeo
|
OD:AL Leathanach: E019,1,14
|
2006 |
lɑkiˑˈhoːˈpond
(Well known)
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28493.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML