Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the forest
Is deas an sampla béarlaithe é 1607 ‘the Forest woodd alias Kayllnifarase’ < Coill na Foraoise “the wood of the forest”. (Brí amháin a mheastar a bheith ag foraís in www.dil.ie ná “region, place” chomh maith le “forest”.) Tá foirm Ghaeilge againn a scríobhadh go gairid ina dhiaidh sin .i. 1608/9 ‘O Doynes Forest … an fhoraois’. Tá an dá bhaile fearainn seo suite ar theorainn trí bharúntachta sa lá atá inniu ann, Tigh na hInse (.i. Uí Riagáin) thiar agus Port na hInse agus An Daingean Uachtarach (.i. Clann Mhaoilíora) thoir. Cuid den mhórcheantar Uí Fhailghe iad na dúichí seo agus ní bhaineadar le Laoighis. Ní fada ó dheas atá an teorainn le barúntacht Phort Laoise Thiar, mar a bhfaighimid an logainm bf Foraois Uí Mhóra (#28593) — d’fhéadfadh sé go seasadh an leagan fada Béarla den ainm seo idir chamáin, 1593 ‘O’Doynes Forest’ (in Uí Riagáin), i gcodarsnacht le leithéid 1660 ‘O Moores fforest’ (i Laois Uí Mhóra).
Tá an défhoghar /~əi/ san fhocal coill le sonrú go soiléir in 1607 ‘Kayllnifarase’. Cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Kyle (par. Templeshanbo), mar a bpléitear an fhianaise logainmníochta ar fhoghrú cill agus coill i gCúige Laighean.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Léirítear dornán maith mionainmneacha anseo ar na léarscáileanna. Derryisheen Wood SO an t-aon cheann díobh ar traslitriú é ar ainm Gaeilge < Doire Oisín (?) “the (oak-)wood of Oisín (ainm pearsanta)”.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1593 |
the Forraies
'the wooddes of Mucluain and ...'
|
O Doyne Ms. Leathanach: 34
|
1593 |
O'Doynes Forest
CN R.C. 5/10
|
O Doyne Ms. Leathanach: 167
|
1607 |
a certaine parcell of land or woodd commonlie called the Forest woodd alias Kayllnifarase.
|
O Doyne Ms. Leathanach: 44
|
1608/9 |
O Doynes Forest
|
O Doyne Ms. Leathanach: 75
|
1608/9? |
an f[h]oraois
margin
|
O Doyne Ms. Iontráil: 75
|
1609 |
O'Doyne's Forest
|
CPR Leathanach: 123
|
1638 |
O'Doyne's forrest
|
Inq. Lag. Leathanach: 27 C I
|
1638 |
a parcell of wood and bog called the Forest
|
O Doyne Ms. Imleabhar: 179
|
1655 |
Woods or commons called Odunnsforest
|
|
1659 |
Forreste
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
The wood and Comons called O'Dunns fforest
|
BSD (La) Leathanach: 125
|
1685 |
O. Dunsforest
|
|
1833 |
Forrest
|
|
1838 |
Lower Forest
|
BS:AL Leathanach: LA013,16
|
1838 |
Forest
|
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: LA013,16
|
1838 |
The Forest
|
HCSV:AL Leathanach: LA013,16
|
1838 |
Forest
|
Map (Osborne, Lieut.):AL Leathanach: LA013,16
|
1838 |
Forrest
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA013,16
|
1838 |
The Forrest
|
HCons PR:AL Leathanach: LA013,16
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28473.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML