Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the (oak-)wood of the charter?
Níl bunús an cháilitheora cinnte de dheasca a dhéanaí is atá an fhianaise a thagann anuas chugainn; 1833 ‘Derrynacart’ an t-aon sampla amháin roimh an Ainmleabhar. D’fhéadfaí ceárta “smithy” a chur san áireamh. Cuir i gcás bf Cúil na Ceártan (#27850) 25km slí ó dheas: cé gur ceártan an fhoirm ghinideach atá le sonrú tríd síos san fhianaise stairiúil, tabhair faoi deara an fhoirm bhéarlaithe dhéanach 1838 ‘Coolnacart’ agus ainm an tí mhóir Coolnacart House SO ar an láthair.
Níl tuairisc ar bith ar cheárta sa bhaile fearainn seo idir chamáin, áfach, cé gur cinnte go mbíodh gnó dá leithéid ar bun sa cheantar seo: cf. Smithy SO 25ʺ in bf An tOireadh (#28476) agus cf. bf Ceapach an Iarainn (#28546), an dá bhaile fearainn teorantach leis seo lastoir ó dheas (ar an taobh thall den Bhearú). Féach gur cosúil gur cailleadh -n deiridh as an logainm deireanach sin freisin.
Réitíonn an focal iasachta cairt (< carta na Laidine) “charter” leis an bhfianaise a thagann anuas chugainn (cf. www.dil.ie s.v. 1 cairt).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28472.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML