Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
(the) thicket of —
Ní léir bunús cuid anseo. Leagan Gaeilge 1608/9 ‘muini cuid’ atá le fáil in LS Uí Dhuinn 74, dealraíonn sé gur foirm chomhaimseartha í.
Ní chuirfimis as an áireamh go raibh guta deiridh tite i léig as an leagan Gaeilge féin faoin tráth ar scríobhadh an tagairt sin. D’fhéadfaí cuid (< cuid oíche) a mheas (féach www.dil.ie s.v. cuit 5 ‘freq. cuitig’; cf. an nóta faoi bf Cnoc an Chúipéaraigh (#28828) i Sliabh Mairge, cf. bf Lios na Coda Oíche (#9944) i gCorcaigh agus féach Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Courtnacuddy); nó b’fhéidir Muine Coide (?) “thicket of hardness, severity” (www.dil.ie s.v. 1 caite (< cotut): ‘Also coite … ‘coitti .i. im cruas’ … ‘cen chaite “without austerity”’).
Cloímid anseo leis an leagan foghrúil Gaeilge 1608/9 ‘muini cuid’. Tá sé ag teacht leis na foirmeacha béarlaithe go léir ó 1607 ar aghaidh.
Ainmneacha stairiúla:
- Deirtear san Ainmleabhar go raibh áit i dtuaisceart an bhaile fearainn seo darbh ainm 1838 ‘Skeogue’ < Sceitheog “little whitethorn, thorn-bush”; foirm í seo a shamhlaítear le tuaisceart na tíre den chuid is mó.
- Téann Ballyclare Bridge SO < Béal Átha an Chláir “the approach to the ford of the plank” trasna na Bearú i ndeisceart an bhaile fearainn. Tagairtí eile don logainm seo is ea 1607/8 ‘[the wood of Mucluain lying next to] Belaclone’ (recte ‘Belaclare’, mar a thras-scríobhtar an tagairt chéanna san Ainmleabhar faoi bf Muc-chluain (#28350)) agus 1607/8 ‘[the woodd of Mucluaine lying next] Bellana nachaine’ (recte ‘claire’?) in LS Uí Dhuinn 40, 44.
Luaitear cúpla páircainm stairiúla sa cheantar seo (‘lying northward of the Batir and highway leading from the said Castle to Killiffy [.i. Cill Aichidh (UF)] and southwest of the said Parkemore’) san fhoinse céanna, nach bhfuil a mbunús cinnte, mar atá: - 1607/8 ‘Achatry caoynain’, ‘Achachaynaine’ < Achadh [Caonáin?];
- 1607/8 ‘the fountain called Tobar differnan’ (cf. 1636 ‘Cooliffernocke’ timpeall ar an áit seo) < Tobar Ifearnóige (??) “well of the treacherous stream” (cf. Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann II 131–2, Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV 861–2; nó cf. bf Ifearnán (#7028) sa Chlár);
- 1607/8 ‘Kapahinellin’ (cf. 1636 ‘Derryhenelly’) < Ceapach —.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1593 |
Monycuddy
|
O Doyne Ms. Leathanach: 166
|
1607 |
Moniquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 3, 5
|
1607 |
Moniquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 21
|
1607 |
Moniquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 23
|
1607 |
Monyquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 30
|
1607–8 |
Moniquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 38
|
1607–8 |
Moincuid
10 acres of pasture and bogge in
|
O Doyne Ms. Leathanach: 41
|
1607–8 |
Moynecuid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 42
|
1607–8 |
Monyquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 45
|
1607-8 |
Moynecuid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 46
|
1607 |
Monyiquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 21
|
1608–9 |
Monyquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 74, 75, 78, 80, 83
|
1608-9? |
muini cuid, 7 acra
margin
|
O Doyne Ms. Leathanach: 74
|
1609 |
Moniquid
|
CPR Leathanach: 123
|
1609 |
Moniquid qr.
|
CPR Leathanach: 123
|
1609 |
Moniquid qr.
|
CPR Leathanach: 123
|
1616-7 |
Mony[q]uide
|
O Doyne Ms. Leathanach: 168
|
1622 |
Monyquid
|
CPR Leathanach: 560
|
1622 |
Munyquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 109-111
|
1627-8 |
Monyquid
wood and bog in the quarter of
|
O Doyne Ms. Leathanach: 176
|
1629 |
Monyquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 176
|
1634 |
Monyquid
|
Inq. Lag. Leathanach: 18 C I
|
1638 |
Moniquid
|
O Doyne Ms. Leathanach: 179
|
1642 |
Moniquid
|
Dep. 1641 Leathanach: 268r
|
1655 |
Laughmuniquidd and Cullenepissey
|
|
1659 |
Monacudde
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
Munnequidd & Cullenepishey
|
BSD (La) Leathanach: 125
|
1661 |
Monyquid
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 C II
|
1685 |
Loghmuniquid
|
|
1819 |
Moniquid
"Moniquid ... Bog portion or share"
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 331
|
1833 |
Moniquid
|
|
1838 |
Munnyquid
|
BS:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Moniquid
|
HCSV:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Moneyquid
|
CM:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Moniquid
|
HCons PR:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Monyquid
|
Inq. C I:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Moincuid, Moynecuid
[Taydie and Charles Doyne]
|
Division of Lands (O Doyne) Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Monyquid
|
Inq. C I:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Muine cuid, 'shrubbery of the dividend'
|
OD:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
Moneyquid
|
OD:AL Leathanach: LA013,18
|
1838 |
[Moneyquid]
"…in the northern end is a place called 'Skeogue'."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA013,18
|
2005 |
monəˈkwid
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28349.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML