Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
tillage-plot of (the) little lake?
Tá an t-ainm seo amhrasach. Is léir gur mór idir fuaimniú an lae inniu 2005 /kapəˈlɑk/ agus an t-ainm a bhí ar an áit sa 17ú haois. Ach níl na foirmeacha luatha sin féin ar aon fhocal le chéile.
Réiteodh 1655 ‘Cappaloghanagh’ Down Survey le Ceapach Lochánach “tillage-plot having many little lakes” (féach Ó Duinnín, FGB, www.dil.ie s.v. lochánach (aidiacht)) ach níl mórán tacaíochta ar -ach deiridh i bhfonsí stairiúla eile — is ionann foinse d’fhoirmeacha BSD agus do na foirmeacha ar an DS. Is iad an dá fhoirm 1607 ‘Capullcauaghe’, 1607/8 ‘the Cappaulcannagh’ amháin a chuireann siolla breise tar éis -n- in iúl roimhe sin, agus is léir go bhfuil siad seo truaillithe cheana. D’fhéadfaí cuid de na samplaí luatha eile a chur i gcomparáid le fianaise bf Ceapaigh an Locháin (#42210) i gContae Uíbh Fhailí — ach níl tagairt do loch ar bith sa bhaile fearainn seo idir chamáin, agus tugann cuid eile den fhianaise malairt bunúis le fios.
Tá an litriú 1607/8 ‘Cappacloughan’ le fáil i nóta a d’ullmhaigh Tadhg Ó Duinn dá dheartháir Cathaoir (LS Uí Dhuinn 38–39). Tá údarás áirithe ag gabháil leis na logainmneacha sa nóta dá réir, bíodh is go bhfuil crot an Bhéarla orthu. Tá na 15 logainm an-chruinn, chomh fada agus is féidir linn a dhéanamh amach. (Is é ‘Farran Clanfyn’ an t-aon earráid amháin ann, agus níl ansin ach míléamh -k- mar -f-.)
Ainm eile díobh is ea ‘Cnock korecloghan’, a thagair do Red Hill SO (#1419917) in bf Ceapach an Aoire (#28546) 2km ó dheas uaidh seo (samplaí eile is ea 1607 ‘KnockchoneCloghlaine’, 1608/9 ‘Knocke Choncloghane alias Cnockachorloghan … cnoc a corrclochain’, 1609 ‘Knockachoucloghane or Cnockahorclochane’, 1622 ‘Knockarologhan’) < Cnoc an Chorrchlocháin “the hill of the odd stepping-stones”. Féach go bhfuil an fréamhchonsan /k/ i dtús an cháilitheora (‘korecloghan’) i nóta 1607/8 san áit a léiríonn na samplaí eile go léir an ch- /x/ séimhithe (‘-chorloghan’, ‘Choncloghane’, ‘-choecloghane’, ‘horclochane’). Féach freisin 1608/9 ‘Cnockachorloghan’ agus 1622 ‘Knockarologhan’ a thaispeánann cailliúint /x/ as an gcarn -chl- /xl/ (litrithe -cl-, chun an fréamhchonsan a thaispeáint, i nóta Thaidhg). Tacaíocht atá san ainm eile seo, mar sin, go bhfuil an fhoirm 1607/8 ‘Cappacloughan’ litrithe d’aonghnó chun na míreanna ceapach + clochán a chur in iúl.
Mar sin is amhlaidh go gcaitheann an litriú úd solas eile ar na tagairtí luatha anseo .i. 1601 ‘Keppagh loughana’ [leg. ‘Keppaghloughane’], 1607 ‘Cappaghloghan’, ‘Cappoughlouchane’, ionas gur féidir iad a léamh mar * /kʹapəˈxlo̤xɑːnʹ/. D’fhéadfaí Ceapach (an) Chlocháin “the tillage-plot of the stepping stones; stone structure; stony place” a léamh ar na foirmeacha béarlaithe seo mar sin. Tabhair faoi deara ‘Limestone sands and gravels’ www.epa.ie. (Cf. cailliúint bh-tosaigh roimh r- tar éis ceapach/ceapaigh in bf Ceapach Bhrógáin (#28392).)
Ní heol dúinn aon sampla eile de clochán “stepping stones; stony ground” á laghdú go clough i ndeireadh logainm bhéarlaithe, áfach (ná de lochán “little lake” > lough). Is mór an bhearna í an easpa tagairtí ón 18ú haois, mar ní féidir an forás seo ó 1607 ‘Cappaghloghan’ go 1812 ‘Cappa-lough’ a rianú go beacht. Dhealródh sé gurbh ann d’fhoirm eatramhach den ainm a bhí cosúil le 1819 ‘Cappaloughah’ * /kapəˈloxɑ/ (munar cheart ‘loughan’ a léamh ansin freisin).
Tá an baile fearainn beag bf Ceapach an Loig (#28466) suite díreach lastuaidh de seo.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1601 |
Keppagh loughana
leg. -loughane?
|
F Leathanach: 6523
|
1607 |
Cappaghloghan
|
O Doyne Ms. Leathanach: 15
|
1607 |
Cappaloughran (sic)
|
O Doyne Ms. Leathanach: 25
|
1607/8 |
Cappacloughan
|
O Doyne Ms. Leathanach: 38, Leathanach: 141
|
1607/8 |
the Cappaulcannagh
|
O Doyne Ms. Leathanach: 44
|
1607 |
Capullcauaghe
|
O Doyne Ms. Leathanach: 30
|
1607 |
Cappoughlouchane
|
O Doyne Ms. Leathanach: 15
|
1622 |
Cappanloughan
|
CPR Leathanach: 552
|
1636 |
Capaloghan
|
O Doyne Ms. Leathanach: 178
|
1655 |
Cappaloghanagh
|
|
1659 |
Cappolaghan
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
Cappanloghanagh
|
BSD (La) Leathanach: 124
|
1660c |
Cappaghloghanagh
|
|
1660c |
Cappalahanagh
|
|
1812 |
Cappa-lough
|
Leet Imleabhar: I, Leathanach: 125
|
1819 |
Cappaloughah
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 332
|
1819 |
Cappaloughah
"Head of the lough."
|
Par. Stat. Leathanach: 332
|
1833 |
Cappalough
|
|
1838 |
Cappaghlough
|
BS:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappaloughah
|
HCSV:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappagh
|
CM:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappagh-loughah
|
HCons PR:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappagh, Capagh
|
Inq. C I:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappaloghanagh
|
DS:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Ceapach loch, 'cappa or plot of the loughs'
|
OD:AL Leathanach: LA013,6
|
1838 |
Cappalough
|
OD:AL Leathanach: LA013,6
|
2005 |
kapəˈlɑk
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28343.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML