Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the high tillage-plot?
Níl aon rian den chonsan deiridh -ch /-x/ roimh túsghuta an cháilitheora anseo (ná in bf Ceapach Uláin (#28640) sa pharóiste céanna). Seans maith, mar sin, gur réaduithe iad na foirmeacha béarlaithe anseo ar fhoirm chalctha den logthuiseal ceapaigh. Is deacair ceapach a aithint thar ceapaigh i bhfoirmeacha béarlaithe agus go minic ní féidir a bheith cinnte cé acu an béarlú lochtach ar -ach gan bhéim nó an béarlú cruinn ar -aigh an logthuisil atá ann. Cf. 1569 ‘Cappoghbeg’, 1593 ‘Kappaghbegge’, srl., os coinne 1622 ‘Cappabegg’, srl., faoi bf An Cheapach Bheag (#28545), ainm eile sa pharóiste seo.
Cloímid leis an ainmneach ceapach tríd síos sa chontae seo.
Thug an baile fearainn mór millteach seo ainm don droim fada sl Droim na Ceapaí Airde (#1411413), ach is cosúil gur thagair sé d’achar ní ba lú sa 17ú haois.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Maireann Clonkelly SO mar ainm tí mhóir ag bun an chnoic mhaoil i dtuaisceart an bhaile fearainn: 1607 ‘Clonekylly’, ‘Clonkill’, ‘Clonekill’, ‘Clowinkilly’, 1660c ‘the upper Clonkilly [i dtreo bf Skerry] … the Lower Clonkilly [i dtreo bf Corbally]’ < Cluain Coille (?) “the pasture of the wood” (#1419945). Ach sa 17ú haois thagraíodh an mionainm seo do leirg theas an droma seo go léir, is cosúil (cf. BSD).
- Ar an taobh thuaidh den chnoc mar a bhfuil Clonkelly House SO, léirítear Lackan SO < An Leacain “the hillside” (sampla eile is ea ainm an bhaile fearainn bf An Leacain (#28549) 1km siar uaidh).
- Ag ceann thoir an droma atá an mullach beag (350m) darb ainm cn Antonian (#1419722).
- Siar uaidh sin tá sl Sliabh Chlár na hInse (#1419723).
- I lár an bhaile fearainn ar leirg an droma (marcáilte in dhá áit ar leith ar SO 6″) atá 1823 ‘Coolenagrena [Mountain]’ TAB, 1841 Coolnagreany SO < Cúil na Gréine “the corner, nook of the sun”.
- Gairid dó seo tá Derrena SO, nach léir a bhunús ach atá fréamhaithe, is cosúil, ó doire “(oak-)wood” nó b’fhéidir draighneach “thorny place”.
- Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do St. Margaret’s Well SO in aice Theach na Ceapaí Airde.
- Is cosúil gurb ionann 1805 ‘Thompsons Quarry’ Cahill agus 1841 Stone Pile SO 25″ thuas ar an droim.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1607 |
Cappard
|
O Doyne Ms. Leathanach: 19
|
1607 |
Cappard
|
O Doyne Ms. Leathanach: 22
|
1622 |
Cappard
|
CPR Leathanach: 552
|
1659 |
Clappard & Cloncannon
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
Cappard the upper, Clonkilly & Rushinlagh
|
BSD (La) Leathanach: 126
|
1819 |
Cappard
"Cappard—High block."
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 331
|
1823 |
Capard
|
|
1837 |
Capard
|
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 528
|
1837 |
Cappard
|
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 529
|
1838 |
Capard
|
BS:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Cappard
|
Pigot Maps 1720:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Capard
|
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Cappard
|
HCSV:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Capard
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Capard
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Ceapa árd, 'high plot'
|
OD:AL Leathanach: La056,7
|
1838 |
Capard
|
OD (corr.):AL Leathanach: La056,7
|
2005 |
kaˈpaːrd
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28342.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML