Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the hollow of An Currach?
An Currach “the wet land” — logainm
ach rectius Log an Churraoin “the hollow of the —”Socraíodh Log an Churraigh mar ainm postoifige i 1969 (Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist) agus tugadh stádas oifigiúil dó i 1973. Bhí an fhoirm sin bunaithe go mórmhór ar aon tagairt amháin, 1612 ‘Corragh al’ Loggechurry’ (Inq. Lag. 2 Jac. I) (ní raibh an tagairt ó 1643 ar eolas ag an am). De réir dealraimh thagraíodh logainm eile An Currach “the wet land” don talamh anseo timpeall gur ghlac ‘Logg currin’, et var., a ionad ó lár an 17ú haois amach.
Ach taobh amuigh den fhoirm seo ó 1612 tá -n deiridh le fáil tríd síos san fhianaise, idir na foirmeacha béarlaithe agus an fhoirm Ghaeilge 1838 ‘Lag a curraoin “hollow of the little moor”’ ag Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838), a rugadh san Fhailligh Bheag laisteas. Ba é ‘Logacurren’ in -n an litriú béarlaithe ag a athair siúd Gearóid Ó Broin (1716–1780) (Hardiman’s Irish Minstrelsy 189). Réiteodh foirm Ghaeilge an Bhranaigh leis an bhfuaimniú béarlaithe áitiúil i 1838 ‘Luggacurreen’ pl:AL (ar dócha nach é féin a sholáthair é) agus le fuaimniú amháin a breacadh síos c. 1960 /ˌlɔgəˈkoˌrin/ (féach 1838 ‘-een’ agus an bhéim thánaisteach ar 1960 /ˌrin/).
Más ea ní cinnte brí an cháilitheora seo in -n. Tá dealramh leis an tuiscint áitiúil gurbh fhoirm dhíspeagtha é de currach “wet land” (cf. b’fhéidir bf Lios Churraoin (#1410396), ainm fo-bhaile i dTiobraid Árann lámh le bf Na Curraithe Glasa (#46012) .i. iolra < currach). Díol spéise go bhfuarthas mionainm áitiúil anseo c. 1960 /ðə ˈkoɾoxs/ (‘The Curraghs’). D’fhéadfaí coirrín, foirm dhíspeagtha é de corr, a bhfuil bríonna éagsúla leis, a chur san áireamh freisin agus tá samplaí den mhír aonair curraoin i logainmneacha Dhún na nGall (< corr?).
Ach ní thagann aon fhoirm stairiúil le foirm Ghaeilge Daniel O’Byrne 1851 ‘Lugacurren … (Log-an-chorain), the Hollow of the Hook’ [*Log an Chorráin] sa chur síos aige ar The Dun of Luggacurren SO anseo (Trans. Kilk. Arch. Soc. I 298). Tabhair faoi deara an -n deiridh arís mar sin féin.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Ní léir cérbh é an Phelim a thug ainm do Phelim’s Cross Roads SO in airde ar imeall theas an bhaile fearainn. Féach gur de shliocht Fhéilim mhic Fhiacha iad na Branaigh thuasluaite a chuir fúthu anseo sa 17ú haois.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1518-19 |
Curraghe
|
Kildare Rent. Iontráil: 287
|
1549 |
Curragh & Ballykaghe
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 63
|
1551 |
Corraghe
|
F Leathanach: 741
|
1563c |
Corrogh
|
|
1568 |
Curragh
|
F Leathanach: 1240
|
1569 |
Curraghe
Francis Cosbie, gent
|
F Leathanach: 1376
|
1570 |
Curraghe
|
F Leathanach: 1624
|
1579c |
Curraghe
|
Inq. Lag. Leathanach: 10 Eliz.
|
1593 |
Curragh
Edw. Fitz Henry
|
F Leathanach: 5824
|
1612 |
Corragh
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1612 |
Corragh al' Loggechurry
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1612 |
Loggechurry, Corragh al'
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1623 |
Curragh
|
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
|
1627 |
Logecurren
"William FitzGerald of Tymogue, brother of Garrald FitzGarrald, of Logecurren, Queen's County. Ob. 1627. Prerogative grant." (The Fitzgeralds of Moyrett)
|
|
1642 |
Logocurren
|
|
1643 |
Loggocorrin
|
|
1643 |
Logacorry
|
|
1659 |
Logg currin
|
Cen. Leathanach: 504
|
1660c |
Laggacorrin
|
BSD (La) Leathanach: 105
|
1807 |
Loggacurren
James Byrne
|
|
1838 |
Luggacurren
|
Griffith Map:AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Luggacurren
[Lord Landsdown]
|
Landsdown Map:AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Luggacurreen
|
pl:AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Lag a curraoin, 'hollow of the little moor'
|
Byrne, L. :AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Luggacurren
|
OC (corr.):AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Luggacurren
|
BS:AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Lugacurrin
|
HCSV:AL Leathanach: La065,12
|
1838 |
Luggacurren
|
GJP:AL Leathanach: La065,12
|
1969 |
Luggacurren - Log an Churraigh
|
Bailte Poist Leathanach: 44
|
2006 |
logəˈkorən
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28183.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML