Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
town of (the) plain?
Mheas Seosamh Laoide agus Ó Corragáin gur ghiorrú é Baile Mhaí ar sheanainm fada Baile Mhaí Móire “the town of Maigh Mhór [(the) big plain]” agus gurb in an chúis go raibh séimhiú ar thúschonsan an cháilitheora (féach ‘Baile Mhuighe Móire’, Post-sheanchas; 1905 ‘Baile-Mhaighe-Mhóir … Irish speakers in Co. Kilkenny call it Bollia-wee’, History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 181). Ach féach nach bhfuil na foirmeacha stairiúla seo in -more le fáil ach i gcáipéisí 1655–1666. Thairis sin, tá sé le tuiscint as na foirmeacha 1666 ‘Ballymoymore’, ‘Ballymoybegg’ in Acts of Settlement and Explanation, gurb amhlaidh gur foranna den bhunainm 1566 ‘Ballewoyve’, 1582 ‘Ballimoy’, atá á chur in iúl le mór agus beag anseo.
D’fhéadfaí Baile an Mhaí a chur san áireamh mar mhíniú ar an séimhiú seo. Mar is dual d’fhocal a bhí neodrach sa tSean-Ghaeilge (www.dil.ie s.v. mag) tá meascán de magh (fir.) agus magh (bain.) (is coitianta sa logthuiseal maigh) le fáil i logainmneacha, cé gur comónta i bhfad an leagan baininscneach de. Is sa tuaisceart is mó a fhaightear magh (fir.), m.sh. bbf An Magh (Ca; Do; Li; Lú; Mí; Mu), ach féach sa deisceart samplaí ar nós bf Magh Glas (#24714) (Ci), bf Bun an Mhaí (#32388) (Lm), bf Áth an Mhaí (#46779) (TÁ), bf Cluain an Mhaí (#6191) (Cl). Tá cuma bhaininscneach ar an bhfocal in oirdheisceart Chontae Laoise sa logainm bf Maigh Fhada (#27979) (La 25, 31).
Tá talamh íseal leibhéalta ag síneadh siar 5km ón mbaile fearainn seo ar gach taobh den Fheoir.
Téann an t-ainm Béarla siar go dtí lár an 17ú haois nuair a phós Iarla Mhaighean Rátha bean dar sloinne Rush (cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 183).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1566 |
Ballewoyve
|
F Leathanach: 897
|
1582 |
Ballimoy
|
F Leathanach: 3928
|
1591 |
Ballywoyve
Shane Englishe, Donell Groome McCostogyn
|
F Leathanach: 5555
|
1601 |
Ballevoy
Dermot m'Donell
|
F Leathanach: 6551
|
1601 |
Sengarry
Onora nyne Teige
|
F Leathanach: 6551
|
1601 |
Shangarry
Donogh O Phillan
|
F Leathanach: 6551
|
1607 |
Ballewoy
|
CPR Leathanach: 111
|
1655 |
Ballimoge
|
|
1655 |
Ballymoymore Garrankiell
|
|
1655 |
Garrankiell & c, Ballymoymore
|
|
1655 |
Ballymoye Garrankiell Clartane & Shrangarry
|
|
1659 |
Ballemoy
|
Cen. Leathanach: 496
|
1660c |
Ballymoymore
|
BSD (La) Leathanach: 146
|
1660c |
Clartan & Shrangarry
|
BSD (La) Leathanach: 146
|
1660c |
Garankeill
|
BSD (La) Leathanach: 146
|
1666 |
Ballymoybegg
|
ASE Leathanach: 76
|
1666 |
Ballymoymore
|
ASE Leathanach: 76
|
1666 |
Clarane
|
ASE Leathanach: 76
|
1666 |
Garronkeile
|
ASE Leathanach: 76
|
1666 |
Shangary
|
ASE Leathanach: 76
|
1685 |
Ballimoge
|
|
1718 |
Rushall alias Ballymoy
|
CGn. Imleabhar: 27, Leathanach: 183, Uimhir: 11738
|
1838 |
Rush Hall
|
BS:AL Leathanach: La047,45
|
1838 |
Rush Hall
|
OD:AL Leathanach: La047,45
|
1905 |
Bollia-wee
In 16th and 17th century documents, Rushall appears as Ballymoy or Ballyvoy and Ballymoymore, i.e. Baile-Mhaighe-Mhóir ... Irish speakes in Co. Kilkenny call it Bollia-wee
|
Carrigan Imleabhar: II, Imleabhar: 181
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/27836.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML