Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
Nóta mínithe
- Gaeilge
talamh gharbh, talamh le dromchla cosúil le rúsc
Thuairimigh Joyce in The Origin and History of Irish Names of Places (1910: I, 464) go raibh baint ag an eilimint rúscaigh leis an ainmfhocal riasc “Marsh; bogland, moor” (FGB). Is mó an seans, áfach, gur foirm shubstaintiúil den aidiacht rúscach “possessing bark, barky” (DIL); “Bark-like; (of skin) rough, wrinkled” (FGB) a bhíonn i gceist leis. B’fhéidir gur go samhlaíoch atá rúscaigh in úsáid sna logainmneacha, mar sin, chun brí amhail “talamh gharbh” a chur in iúl, bunaithe ar ghairbhe rúsc crainn. Ar an ábhar sin díol spéise is ea an míniú “rough pasture” a thug Seán Ó Donnabháin ar Rúscaigh/Roosky i barúntacht Chill Mhic Réanáin. Tá seacht gcinn de bhailte fearainn i gContae Dhún na nGall den ainm Rúscaigh. (CÓC, JÓG)
- English
rough land, land with surface reminiscent of bark
In The Origin and History of Irish Names of Places (1910: I, 464), Joyce suggested that the element rúscaigh was related to the noun riasc “Marsh; bogland, moor” (FGB).. It seems more likely, however, that it is a substantive form of the adjective rúscach “possessing bark, barky” (DIL); “Bark-like; (of skin) rough, wrinkled” (FGB). It may be the case that rúscaigh is used in an imaginative sense in placenames with a meaning along the lines of “rough land”, an allusion to the rough texture of bark. In this context, it is worth noting that John O’Donovan interpreted the placename Rúscaigh/Roosky in the barony of Kilmacrenan as meaning “rough pasture”.
There are seven townlands by the name of Rúscaigh in County Donegal. (CÓC, JÓG)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1621 |
Rouskey
|
Inq. Ult. Leathanach: 11
|
1654 |
Rooskey
|
|
1654 |
Rusky
|
CS III Leathanach: 2
|
1654 |
ye Quarter called Ruskey
|
CS III 2
|
1654 |
rooske quarter
|
CS III 14
|
1655-7 |
Rousky
|
|
1659 |
Rusky
|
|
1660 |
Rooskey Ruskey
|
|
1661 |
Rouskie
|
|
1665 |
Rusky
|
|
1669 |
Rouskie
|
Chic. Map 135
|
1767-1770 |
Ruskey
|
Crow Inishowen D835/1/1/80
|
1812 |
Ruskey
two ballyboes of land one calle Ballynaboe and the other called Ruskey
|
CGn. 650.220.446367
|
1827 |
Rouskey
|
|
1830 |
Ruskey
|
|
1830 |
Rúsgaidh
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/15384.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML