Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
church of (the) thorn?
Seo ceann de na logainmneacha is sine fianaise sa chontae: féach 722 ‘Cilli delgi’ (gin.).
Sampla maith atá anseo, mar sin, ar cill á fhuaimniú le défhoghar sa taobh seo tíre (in ainneoin thuairimiú an Chorragánaigh (1905)). Cf. foirmeacha béarlaithe 1838 in ‘Kyle-’ agus an nóta eolais faoin leagan Gaeilge áitiúil in 1838 ‘cill … ‘i’ as ‘i’ … in English’ (agus an litriú foghrúil Gaeilge 1838 ‘Ceill deilg’ in Ainmleabhar na bParóistí) .i. an défhoghar /~əi/, mar atá san ainm sa lá atá inniu ann (cf. bf Cill Mhaolphóil (#28041)).
Díol spéise na foirmeacha ina seasann an dara heilimint gan aicmitheoir, m.sh. 1303 ‘Delgy’, 1566 ‘Delge’. Is cosúil go ndearnadh an cáilitheoir seo a atuiscint faoi mar gur logainm ann féin é .i. Deilge “(place of) thorns” (cf. bf Deilge (Co 1) (#10732); bf Deilge Bán (#28030)).
Mionainmneacha
I ndeisceart an bhaile fearainn sholáthair an Corragánach an mionainm spéisiúil Dúiche Uí Néill “the land of Ó Néill”. Cf., b’fhéidir ‘battle-ground of the Oulthachs, or Ulstermen, and the O’Phelans, in 1156 or 1157’ (History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 64) faoi bf An tSeanghlais (#27994) i ndeisceart an pharóiste chéanna.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1470.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML