Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
sliabh nó sliabhraon
Ainmneacha eile
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
peak of Eachlabhra?;
peak of horse-sound?
[FSÁG]D'imir an fhorbairt seo a leanas ar an logainm: Beann Eachlabhra > *Binn Eachluana > Binn Eachlainn(e).
Binn Eachlainn an leagan a taifeadadh i 1931 ó Sheán Mag Uidhir, cainteoir dúchais ó Ghleann Ghaibhle i gContae an Chabháin — ba as paróiste Chill Náile i gContae Fhear Manach dá sheanathair .i. an ceantar lastoir den sliabh seo idir chamáin. B’in é an leagan a bhí in úsáid sa 19ú haois freisin: féach 1850c ‘Beann-Eachlabhra is now called Binn-Eachlainn’ ARÉ IV 993 *n.*c — bhí Ó Donnabháin ar obair pháirce sa cheantar i 1834 (LSO 80–82).
Bhí an lucht sí luaite go mór leis an sliabh seo sa bhéaloideas. Féach an míniú seo a leanas ar shanas an logainm as Mac na Míchomhairle (1733):
Agus is uime adéarthaoi Binn Eachlabhra fris an mbinn sin .i. i dtráthaibh na Samhna do thigeadh each sleamhain, slíocthaí, móruafásach as an mbinn amach go roicheadh i bhfianaise na slua agus do labhradh de ghlór dhaonna fria chách...
Bhailigh an tSuirbhéireacht Ordanáis scéal eile sa 19ú haois: 1834 ‘There is a tradition that Donn Maguire, the first prince of Fermanagh inhabits this peak yet, and it is firmly believed that whenever any of his real descendants die, a splinc falls off the rocky face of the Binn. He goes by the name of Donn na Binne and presides over all the fairies of Fermanagh. This Don frequently assisted Maguire in his battles...’ LSO 82; 1835 ‘Binaghlin is the residence of the king of the fairies’ OSM XIV 90. Bhí an scéal céanna cloiste ag Seán Mag Uidhir thuasluaite ó Ghleann Ghaibhle: chuala seisean trácht ar Bhinn Eachlainn mar ‘the dwelling place of a fairy king named Dún Binne Mag Uidhir’ Béaloideas IV (Nodlaig 1934) app. IV, lch.63.
Féach freisin ‘On the last Sunday of July, known in the district as Bin Sunday, … people used to climb the hill … The hill was a specially fairy place. It is named in a list of fairy hills in a verse quoted in Neilson’s tale of a fairy-kidnapping [féach iontráil 1808]’ M. Mac Neill, The Festival of Lughnasa (1962) 177-8.
Is é is dóichí mar sin gurb é an sliabh seo atá luaite sa rann seo a leanas as an amhrán An tSí Bheag & an tSí Mhór le Toirealach Ó Cearúlláin (1695c):
Parluidhe! Parluidhe! a cháirde gaoil!
Sin chugaibh a namhuid ó Charn chlann Aoidh!
O Bhinn Athchluanach na sluaighte dhiobh!
Is a cháirde gaoil bithidhe páirteach.[in eagar ag Tadhg Ó Conalláin, Fonna Seanma (1829)]
Cf. 1830 ‘Ó bhinn Ach-Chluain’ i gcló ag Ó Máille [LS auch chluain], ITS XVII lch.133.
Tá an dá chnoc atá i gceist san amhrán (.i. an tSí Bheag agus an tSí Mhór féin) suite gar do bf Leitir Fiáin (#29315) i gContae Liatroma (Li 24, 28) (féach Hardiman's Irish Minstrelsy I xlvii). Tá cn Carn Clainne Aodha (#103015) (Lo 5) timpeall le 30km slí ó dheas ón áit sin agus tá Binn Eachlainn seo idir chamáin timpeall le 35km slí ó thuaidh uaidh.
[AMGC]
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1111 |
co Bend Eachlabra
|
|
1455 |
ag Beinn-echlabra
|
|
1455 |
acc beinn eachlabhra
= 'ag beinn eachlabhra' LS TCD 1301 f.783v
|
|
1730c |
Binn Eachluain
|
|
1733 |
Binn Eachlainne
"go Donn Binn Eachlabhra fris a ráitear Binn Eachlainne inniu"
|
|
1750c |
Binn Eachluna
"Donn Binn Eachlabhra ris a raid[h]tear Binn Eachluna"
|
Béal. Imleabhar: XIV, Eagrán: XIV, Leathanach: 63
|
1766 |
Binn Eachluainne
"air Dhonn Bine Eachlabhra fris a ráidhtir Binn Eachluainne aniugh"
|
|
1777 |
Binn Eachlabhra [g.]
|
|
1808 |
Go binn Eaclainne
"Go binn Eaclainne, agus Loch da Eun, / O sin soir thuaith go sliabh Guilinn ... (To Bin Eachlan, and Loch Da ean, / From thence north-east to Sleive Guilin)"
|
|
1829 |
?O Bhinn Athchluanach
(Cearbhallán)
|
|
1830 |
?Ó bhinn auch chluain
(Cearbhallán)
|
ITS Imleabhar: XVII
|
1834 |
[Binaghlin]
"Binaghlin mt is the Beann Eachlabhra of the Annalists."—ÓD
|
LSO Dáta: 10/11/1834, Leathanach: 80
|
1834 |
now called Binaghloon
ÓD
|
LSO Leathanach: 112, Dáta: 24/11/1834
|
1835 |
Binaghlun mountain
Ordnance Survey Memoirs XIV
|
Eile Leathanach: 81
|
1835 |
Binaghlin
"Insert note: Binaghlin is the residence of the king of the fairies" Ordnance Survey Memoirs XIV
|
Eile Leathanach: 90
|
1850c |
Binaghlon
"Beann-Eachlabhra—Now Binaghlon, a very remarkable rocky-faced mountain about two miles north-west of Swanlinbar, in the county of Fermanagh"
|
ARÉ Imleabhar: II, Leathanach: 992, Nóta eolais: d
|
1850c |
Binn-Eachlainn
"Beann-Eachlabhra is now called Binn-Eachlainn. It is a very beautiful mountain near Swadlinbar [sic], on the frontier of the counties of Cavan and Fermanagh. Philip Ministeir Brady, in his legend of Mac na Miochomhairle, states that Binn Eachlabhra was corruptly called Binn Eachluana in his own time"
|
ARÉ Imleabhar: IV, Leathanach: 993, Nóta eolais: c
|
1931 |
ó Bhinn Eachlainn
ˌv′iˈɴ′ɑˑxlɪn′
|
Áit. Cainteoir: Seán Mag Uidhir (Ca 6)
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1420151.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML