Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
sliabh nó sliabhraon
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
the hill of the wet land?
Níl de thagairtí stairiúla againn ach 1805 ‘Knuckacharra’ Cahill, 1838 ‘Knockachara Mountain’ Descr. Rem.:AL. Measaimid in ainneoin an litrithe seo ‘-char(r)a’ gur móide gur currach atá sa cháilitheoir — níl ar an sliabh ach portach (www.epa.ie). Réitíonn litriú an lae inniu -chorra leis an réadú coitianta béarlaithe ar currach, gin. churraigh (faoi bhéim) sa chontae, m.sh. /kuːləˈkorə/ (#28009), /ˈkorək/ (#28000), /ˈkorə/ (#28853) (cf. /logəˈkorən/ (#28183)). Ní cosúil go bhfuil baint ag ainm an tsléibhe le bf Garbhach Íochtarach/Uachtarach (#28411, #28412) lastoir.
Is botún é Knockachoora Mountain ar na léarscáileanna is déanaí de chuid www.osi.ie (cf. Sraith Eolais/Discovery Series).
Tagairtí stairiúla
1805 |
Knuckacharra Mountain
|
|
1838 |
Knockachorra
|
|
1838 |
Cnoc a chorra, hill of the weir
|
|
1838 |
Parts of the Townlands of Upper Glenkeen, Upper Gorrough & Scarrow
|
|
1838 |
Is all mountain & moor
|
|
1838 |
Knockachorra Mountain
|
CM:AL Imleabhar: 2, Leathanach: 12
|
1841 |
Knockachorra Mountain
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1419732.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML