BRABHSÁIL
droichead
Droichead Mhaidilín
ginideach: Dhroichead Mhaidilín
(Gaeilge)
Maudlin Bridge
(Béarla)

Gluais

Béarla bridge

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ainm ar ‘leper house’ < (Mary) Magdalene
    In aiste dar teideal ‘Leinster Leper Houses’ a foilsíodh in Kildare Archaeological Society Journal (1966–7) tá cuntas ag G.A. Lee ar chúpla áit den ainm seo i gCo. na Mí. Séard atá san ainm Maudlin ná foirm Mhéan-Bhéarla den ainm Magdalene, ag tagairt siar do Mháire Mhaidiléana, éarlamh a lán tithe (nó ospidéal) lobhar; i bhfocail Lee: ‘A leper or lazar house was often known as the ‘Maudlin House’, Maudlin being a corruption of the name Magdalene, and the site and grounds of the hospital, or its endowed lands, were often called “The Maudlins”’. Tá tagairt in Irish Monastic Possessions do ‘Mawdeleyns’, a bhí i seilbh Mhainistir Mhuire i mBaile Átha Troim sa bhliain 1540; go deimhin, tá baile fearainn den ainm Maudlin suite in aice an bhaile. Tá Maudlin lasmuigh de Cheanannas chomh maith agus sráid agus droichead den ainm céanna istigh sa bhaile sin. Luaitear ‘Magadalens gate’ i gCeanannas in Civil Survey na Mí, sa bhliain 1654–5.
    Tá sampla eile fós den ainm seo sa Mhí, de réir dealraimh, nár thagair Lee dó san aiste s’aigesean: is é sin Moulden Bridge atá faoi bhun míle ó Ráth Tó. Tá an méid seo scríofa faoin droichead úd i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis: ‘the Maudling Bridge (Moulden Bridge in Name-Book): Every Easter Monday there used to be held “The Mauldings” or “Moudlens” as called by the people in common. They say it was “a great pattern” (patron), consisting of kicking football etc.’ Tagraítear in Medieval Religious Houses, Ireland do ‘leper hospital’ a bhí i Ráth Tó, ‘date unknown’. Is fada siar a théann ainm an droichid mar sin

Lárphointe

53.7354, -6.86239domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm