Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
the cup-shaped rock-hole; the well
Ar na bríonna éagsúla atá le ballán tá 'cloch a bhfuil poll nádúrtha inti (ar cruth cupa nó babhla)', agus as sin, 'tobar'. Faightear na balláin seo taobh le toibreacha beannaithe (cf. Fardal Seandálaíochta na Gaillimhe I, lgh. 90, 116), ach ar uairibh is cuid den tobar féin iad: féach Ballán Mhaolodhair, bf Cill Mhuirbhigh, agus Ballán an Cheathrair Álainn, bf Eochaill (par. Árainn), ar toibreacha iad; cf. leis Tobar an Bhalláin (‘it consists of a natural oval basin', Fardal Seandálaíochta lch. 118), bf An Cheathrú Rua Theas. Tá tobar ar theorainn thoir an bhaile fearainn idir chamáin anseo darb ainm 'St. Patrick's Well': cf. 'Ballayn Padryg' (tagairt don áit seo in Pontificia Hibernica, bl. 1223). Féach leis, 'b[allán] Barruinde, name of a spring', tagairt do Betha Colaim Chille in A Dictionary of the Irish Language, www.dil.ie, s.v. ballán.
Féach an nóta faoi bf An Ballán, par. Cill Mhaoláin. - English
the cup-shaped rock-hole; the well
Amongst the several meanings of ballán are 'stone with a (cup-shaped) hole', and by extension, 'well'. These 'bullaun' stones can be found alongside holy wells (cf. Archaeological Inventory of County Galway I, pp. 90, 116), but they sometimes form part of the well itself: see the wells Ballán Mhaolodhair, townland Cill Mhuirbhigh, and Ballán an Cheathrair Álainn, townland Eochaill (par. Árainn); cf. Tobar an Bhalláin (‘it consists of a natural oval basin', Archaeological Inventory p. 118), townland An Cheathrú Rua Theas. There is a well on the E boundary of the present townland called 'St. Patrick's Well': cf. 'Ballayn Padryg' (a reference to this place in Pontificia Hibernica, anno 1223). See also 'b[allán] Barruinde, name of a spring', a reference to Betha Colaim Chille in A Dictionary of the Irish Language, www.dil.ie, s.v. ballán.
See also the note on An Ballán, par. Cill Mhaoláin.
Lárphointe
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1036.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML