Anois, agus mí Dheireadh Fómhair buailte linn, is mithid dúinn aghaidh a thabhairt ar chuid de na bealaí a bhí ann chun arbhar a phróiseáil tar éis an fhómhair sa chultúr Gaelach.
Ar an gcéad dul síos, tá an iomarca samplaí de Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” i logainmneacha na hÉireann chun iad ar fad a lua anseo. In amanna béarlaíodh é mar Ballymullen nó a leithéid, mar a fheictear in Ballymullen (logainm.ie #42090) i gContae Uíbh Fhailí; Ballinwillin (logainm.ie #10197) i gContae Chorcaí, agus Ballinvullin (logainm.ie #31884) i gContae Luimnigh. Ach is minice ar fad a aistríodh Baile an Mhuilinn go Milltown sa Bhéarla agus bunús Gaeilge an logainm faoi cheilt. Mar shampla, i gcás an bhaile fearainn a dtugtar Milltown (logainm.ie #3301) air sa Bhéarla in aice le Míseal i gContae Cheatharlach, léiríonn an tagairt is sine don ainm, ‘Ballymollen’ (1552), chomh maith le ‘Ballyvullen als. Milltowne’ (1631), gur dócha gurbh é Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” bunfhoirm an ainm. Is amhlaidh an scéal i gcás Milltown (logainm.ie #21909) in aice le Tuaim i gContae na Gaillimhe: ‘Balleyvollen’ (1574); agus Milltown (logainm.ie #52208) in aice le Fearna i gContae Loch Garman: ‘Ballynmollin’ (1597). Sna cásanna sin ar fad, léiríonn na foirmeacha stairiúla gurbh é Baile an Mhuilinn an bunainm. Ar an taobh eile den scéal, gach seans gur ainmníodh roinnt samplaí eile de Milltown sa Bhéarla féin le linn na mblianta luatha den choilíneacht Angla-Normannach. Cuir i gcás Milltown (logainm.ie #25811) gar do Dhroichead Nua i gContae Chill Dara, mar a léiríonn an tagairt is sine den ainm ‘Mylton’ (1329) gur dócha gur sa Bhéarla a cumadh an t-ainm. Tugann an fhoirm bhéarlaithe ‘ballymolyn’ (1628) le fios go raibh an leagan Gaeilge Baile an Mhuilinn sa chúrsaíocht freisin faoin 17ú haois. Níl aon amhras ach go mbaineann sé sin leis an nGaeilge a theacht chun cinn mar theanga phobail i gcoilíneacht na nAngla-Normannach féin. Sampla eile atá ar aon dul leis seo is ea Milltown (logainm.ie #53596), gar do Bhaile Uí Choileáin i gContae Loch Garman, a bhí i seilbh Mhainistir Thinteirn na nAngla-Normannach i Muileann an tSáile. Tagraítear dó seo i bhfoinsí stairiúla mar ‘ballymolyn’ (1628) agus ‘Ballywoollen’ (1654), agus arís, thabharfadh na foirmeacha sin le fios go raibh Baile an Mhuilinn sa chúrsaíocht agus, dá bharr sin, gur léiriú é ar úsáid fhorleathan na Gaeilge i gcoilíneacht na nAngla-Normannach ansin freisin.
Mar a chonaic muid thuas, faightear muileann “mill” mar cháilitheoir i logainmneacha amhail Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” ach is amhlaidh go bhfaightear é mar aicmitheoir (.i. an phríomheilimint, a bhíonn chun tosaigh i logainmneacha Gaeilge de ghnáth) chomh maith. Ar na samplaí a léiríonn seo tá Muileann an Bhata / Mullinavat “the mill of the stick, cudgel” (logainm.ie #1411898) i gContae Chill Chainnigh (ní léir cén cineál bata atá i gceist); Muileann an Droichid / Mullandrait “the mill of (at) the bridge” (logainm.ie #16561) in Contae Dhún na nGall; agus Muileann an Mheidhg / Mullinaveige “the mill of the whey” (logainm.ie #55717) i gContae Chill Mhantáin. Ar ndóigh, is ann do roinnt logainmneacha a cumadh sa Bhéarla leis an bhfocal mill iontu tar éis 1600 amhail Sinnottsmill (logainm.ie #53657) i gContae Loch Garman agus Arundelsmills (logainm.ie #9161) i gContae Chorcaí; sna cásanna seo, is aistriúcháin iad na foirmeacha Gaeilge Muileann an tSionóidigh agus Muileann Arundel, faoi seach. Níor cuireadh stop leis an muilleoireacht tar éis deireadh a theacht ar fhorlámhas na nGael in Éirinn, agus níor cuireadh stop le cumadh na logainmneacha ach an oiread.
Ní hé an mhuilleoireacht téama na míosa seo, áfach, ach na próisis a úsáideadh chun grán a dheighilt agus a thriomú sa chultúr Gaelach sular cuireadh chuig an muileann féin é. Déanfaidh muid plé gairid ar dhéanamh an aráin freisin. Ar an ábhar sin, taispeánann Fergus Kelly in Early Irish Farming gur laistigh den áith arbhair féin a dheintí an grán a bhualadh go ginearálta. B’fhéidir go míníonn sé sin an easpa tagairtí do bhualadh arbhair in ainmneacha na mbailte fearainn. Is ann d’ainm fobhaile i gContae Chorcaí a thagraíonn do na buailteoirí féin, is cosúil, mar atá Baile na mBuailteoirí / Thrasherstown (logainm.ie #1410361). Ar an taobh eile den scéal, tá go leor tagairtí in ainmneacha na mbailte fearainn ar fud na tíre do áith “drying-kiln (for grain)” (see dil.ie s.v. áith). Mar shampla, is é Achadh na hÁithe “the field of the kiln” atá taobh thiar de Aghnahaha (logainm.ie #29747) i gContae Liatroma; Annahaia (logainm.ie #39292; #39716) i gContae Mhuineacháin; agus Aughnahoy (logainm.ie #62914) i gContae Aontroma. Anuas orthu sin tá Áth na hÁithe / Annahagh “the ford of (at) the kiln” (logainm.ie #40480) i gContae Mhuineacháin; Carraigín na hÁithe / Carrigeenahaha “the (little) rock of (at) the kiln” (logainm.ie #49837) i gContae Phort Láirge; Gort na hÁithe / Gortnahaha “the field of the kiln” i gContaetha Thiobraid Árann (logainm.ie #47172) agus an Chláir (logainm.ie #6967). Anuas air sin, is é Cnoc na hÁithe “the hill of the kiln” is bunús le Knocknahaha (logainm.ie #24508) i gContae Chiarraí agus Knocknahaw (logainm.ie #18037) i gContae na Gaillimhe. Ar aon dul le muileann “mill”, ní fhéadfaí gach sampla de áith “kiln” sna logainmneacha a lua anseo. Sula mbogfaidh muid ar aghaidh áfach, is fiú dúinn a lua go bhfaightear átha mar ghinideach uatha do áith in amanna, cé gurb é áithe an ginideach uatha caighdeánach. Ní nach ionadh, mar sin, go ndéantar an dá fhocal sin a mheascadh sna logainmneacha ó am go chéile. Bíodh sin mar atá, is de bharr inscne a thuigeann muid an difear ó thaobh brí de idir Cúil na hÁtha / Coolnaha “the nook, recess of (at) the kiln” (logainm.ie #1373986) i gContae Mhaigh Eo agus Cúil an Átha Salaigh / Coole “the recess, corner of (at) the dirty ford” (logainm.ie #52571) i gContae Loch Garman: ‘Coulinaghsalligh’ (1654); mar an gcéanna do Droim na hÁtha / Drumnaha “the ridge of (at) the kiln” (logainm.ie #14703) seachas Droim an Átha / Druminaw “the ridge of (at) the ford” (logainm.ie #16218), i nDún na nGall.
Pléitear in Early Irish Farming (EIF) próiseas eile chun dias an arbhair a dheighilt ón ngas, próiseas ar a dtugtaí loiscreán (nó loistreán ní ba dhéanaí) (EIF 240). Mar a mhíníonn Kelly: ‘this involves the careful burning of each ear of corn so that the glumes and chaff are burnt away, leaving the grains. This method is particularly suitable for small-scale cereal-growing, and has the advantage that the grains are partially dried by the flames’ (ibid). Is cosúil go raibh an nós seo fós ar siúl isteach sa 17ú haois, is a rá gur thug an rialtas gallda reachtanna isteach in 1634 chun é a chosc (ibid., lch 23). Níl aon amhras ach go n-athródh an próiseas seo an blas a bheadh ar an bplúr, agus b’fhéidir gurb í cuisine na hÉireann atá thíos leis mar gheall ar é a chailliúint.
Mínítear loiscreán i bhFoclóir Uí Dhónaill mar “fire for singeing” and “singed corn”, agus luaitear arán loiscreáin “bread made from singed and ground oats” freisin (FGB s.vv. loiscreán, loistreán). Thabharfadh sé sin le fios gur lean an cleachtas sin ar aghaidh isteach san 20ú haois, i gceantar áirithe ar aon chuma. In Dictionary of the Irish Language, atá bunaithe ar fhoinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge, mínítear é mar “singed grain” (dil.ie s.v. loiscreán) agus i measc na mbríonna a luaitear leis i bhFoclóir an Duinnínigh tá “corn burnt off the ear instead of being threshed” agus “a prepared cooking-place or fire for drying corn”. Dá bharr sin ar fad, is cosúil gur féidir linn loiscreán nó an leagan malartach loistreán sna logainmneacha a thuiscint mar áit a dheintí grán a bharrloscadh nó a thriomú. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh muid Ceathrú an Loistreáin / Carrowlustraun / (logainm.ie #18861) a mhíniú mar “the quarter of the (place for) corn-singeing, corn drying”. Bíodh sin mar atá, mínítear loiscreán mar “burning, destruction” i bhfoclóir an Duinnínigh chomh maith, agus ní féidir an míniú sin a chur as an áireamh sna logainmneacha ach an oiread.
Cé nach bhfuil mórán ainmneacha bailte fearainn ann a bhfuil loiscreán “(place for) corn-singeing, corn drying” mar eilimint iontu, is cinnte go bhfuil a dhóthain acu ann le tabhairt le fios go raibh an cleachtas réasúnta forleathan sa tír. Is ó Cnoc an Loiscreáin “the hill of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hill of the burning” (logainm.ie #6836) a thagann an dá logainm béarlaithe Knockaluskraun (logainm.ie #6467) and Knockloskeraun (logainm.ie #6836) i gContae an Chláir. Is cosúil gurb é Baile Loistreáin “town(land) of (the place for) corn-singeing, corn drying; town(land) of (the) burning” atá taobh thiar de Ballystrane (logainm.ie #16968) i gContae Bhaile Átha Cliath. Is ó Log an Loistreáin “the hollow of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hollow of the burning” a thagann Lugalustran (logainm.ie #29982) i gContae Liatroma, agus i gContae Shligigh in aice láimhe tá Tuar Loistreáin / Toorlestraun (logainm.ie #45567) “lea-(field), bleaching-green of (the place for) corn-singeing, corn drying”; bleaching-green of burning”; tá Leac an Loistreáin / Lackalustraun (logainm.ie #34404) “the flat stone, flagstone of the (place for) corn-singeing, corn drying; the flat stone, flagstone of the burning” againn i gContae Mhaigh Eo agus is ó Cathair Loistreáin (logainm.ie #21711) “circular stone fort of (the place for) corn-singeing, corn drying; circular stone fort of (the) burning” bunainm Gaeilge an tsráidbhaile aitheanta a thugtar Caherlistrane air sa Bhéarla. Ní léir cén áit ina raibh an cathair “circular stone fort” sa chás seo, áfach.
Is ann do Cnoc an Loiscreáin “the hill of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hill of the burning” (logainm.ie #13661) eile i gContae Chorcaí, a bhfuil a bhrí ceilte ar fad do Bhéarlóirí faoin ainm Mountbell, ainm déanach a thagair d’ainm an tí mhóir sa bhaile fearainn. Is é an dála céanna é ag Baile an Loiscreáin (logainm.ie #53425) i gContae Loch Garman, a dtagann a ainm Béarla Tottenhamgreen ón sloinne Tottenham. Fuair an teaghlach sin seilbh ar an mbaile fearainn seo i ndiaidh an talamh seo a bheith bronnta ar ‘Charles Collins’ [recte Collis] le linn aimsir Chromail; ba iad muintir ‘James ffurlong, Ir. Papist’, an t-úinéir in 1641 (Civil Survey IX: Wexford, lch. 87), a díshealbhaíodh. Is cosúil go raibh sé i seilbh na bhFurlangach ar feadh na nglúnta roimhe sin (cf. ‘Mathew ffurlonge of Ballelostram [Tottenhamgreen]’ [1573], History of the Town and County of Wexford VI, lch. 386). Ach is léir go bhfuil tagairt againn sa bhunainm Gaeilge don chleachtas feirmeoireachta seo atá faoi chaibidil againn: Baile an Loiscreáin “the town(land) of (the place for) corn-singeing, corn drying; the town(land) of the burning” (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman).
Bheadh sé tarraingteach a shamhlú go dtugtaí an grán a próiseáltaí in Baile an Loiscreáin / Tottenhamgreen go Muileann Fúca / Foulkesmill “the mill of Fúca” chun é a mheilt. (Ainm pearsanta de bhunús Angla-Normannach is ea Fúca.) Tá tagairt againn ón mbliain 1642 do ‘Brannah mc James of Pucksmill … miller’ san áit céanna (1641 Depositions: MS 818, fol. 101v). Díol mór spéise freisin is ea go bhfuil Muileann Fúca sa chóngar céanna le Baile an Bhácúis “the town(land) of the bakehouse, bakery”, logainm stairiúil i bparóiste Chluain Caoin: féach ‘Ballinvacus’ (Civil Survey IX [1654], p. 90), ‘Ballinbakehouse orse. Ballenbackhouse’ níos déanaí (CGn. 405.338.266143). Díol spéise an logainm deiridh seo. Iasacht ón bhfocal ‘bakehouse’ i mBéarla na nAngla-Normannach is ea bácús, atá le fáil i ndornán logainmneacha eile ar fud na tíre amhail Cúil an Bhácúis / Coolavacoose “the recess, nook of the bakehouse, bakery” (logainm.ie #25504) i gContae Chill Dara; Gort an Bhácúis / Gortavacoosh “the field of the bakehouse, bakery” (logainm.ie #31135) i gContae Luimnigh agus Tigh an Bhácúis / Tinvaucoosh “the house of (at) the bakehouse, bakery” (logainm.ie #27562) i gContae Chill Chainnigh. Sna cásanna sin ar fad, tá na leaganacha béarlaithe de na logainmneacha réasúnta dílis do na bunainmneacha Gaeilge ó thaobh foirme de. Ach rinneadh béarlú de shaghas eile ar fad ar Cnocán an Bhácúis (logainm.ie #24606) i gCorca Dhuibhne, gur tugadh an t-ainm galánta Mountoven air. Tugann Foclóir Uí Dhuinnín “a bakery” (Dinneen s.v.) agus “oven” mar mhíniú ar bácús, áfach, agus is é an míniú a thugann Ó Dónaill air ná “bakehouse; pot-oven” (FGB). Mar sin cé gur mar “the hillock of the bakehouse, bakery” a d’aistreodh muide é, níl Mountoven ró-fhada ón sprioc!
B’fhéidir go spreagfaidh mílisín na míosa seo na seandálaithe bia chun aghaidh a thabhairt ar an loiscreán agus arán stairiúil ár sinsir a athbheochan. Agus ní go seanbhlastúil a deirimid é sin!
(Conchubhar Ó Crualaoich, Aindí Mac Giolla Chomhghaill & Justin Ó Gliasáin)