2024-10-15

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Logainmneacha ón mBéarla i bhfeisteas na Gaeilge (neasfhoghraíocht)
Galastún/Gaulstown (logainm.ie #38399).

Dáta: 14/10/2024

Faoi mar a luamar an tseachtain seo caite, tháinig an Gaelachas ar ais go tiubh agus go tapaidh ar fud choilíneacht na nAngla-Normannach, fiú amháin sna síreanna dílse ("obedient shires") úd de chuid na Páile, mar is léir ón bhfianaise atá le fáil i logainmneacha agus go leor fianaise eile nach í. Ní hamhlaidh a gaelaíodh an choilíneacht le teann concais mhíleata, áfach, ceantar ar cheantar. Ní hea, ach ar chúiseanna éagsúla b'éigean do na hAngla-Normannaigh brath ar na Gaeil dhúchasacha i bhfad ní ba mhó ná mar a mheasadar i dtosach báire. Ghlac na hAngla-Normannaigh teanga, cultúr agus nósanna na nGael chucu féin agus é sin go fonnmhar. (Bhaineadh cuid de na tiarnaí gallda leas as an bhFéineachas, fiú amháin, nuair a d'oireadh sé dóibh.) Ach pé áit a raibh dlí na coilíneachta i bhfeidhm, is acusan na Sean-Ghaill -- sliocht na chéad lonnaitheoirí -- a bhí gach pribhléid agus buntáiste fós, agus is ag an dream seo a raibh cearta úinéireachta talún, den chuid is mó, ar feadh na meánaoiseanna déanacha. Dá bhrí sin, is fianaise chinnte atá sna logainmneacha gaelaithe seo a bhíonn idir chamáin againn ar Angla-Normannaigh ghaelaithe (.i. Sean-Ghaill).

Casaimis ar ais ar ghaelú na logainmneacha féin, mar sin, go gcuirimis i gcás an logainm Baile an Doimhnisigh (logainm.ie #53825), gar do bhaile Loch Garman, áit a ndearna na hAngla-Normannaigh an-chuid lonnaíochta. (Ballindinas an leagan Béarla de.) Is maith a thuigfidh Gaeilgeoirí an chéad eilimint baile "town(land)" (féach Gregory Toner, Éigse 34 (2004): 25--43), an tiontú dúchasach ar an eilimint -ton/-town (< Meán-Bhéarla -tūn); ach níorbh aon iontas dá bhfiafróidís cad is ٭doimhniseach ann, tharla nach bhfuil an t-ainmfhocal sin le fáil in aon fhoclóir. Is amhlaidh atá sé bunaithe ar an sloinne gallda Devenish ('duine as Devon, Sasana') a thug na hAngla-Normannaigh isteach leo agus a gaelaíodh mar Doimh(i)nis de bharr neasfhoghraíochta ("phonetic approximation"). Thugtaí An Doimhniseach -- aidiacht ainmfhoclaithe ("substantivized adjective") -- sa Ghaeilge ar 'dhuine dar sloinne Doimh(i)inis', agus sin é atá sa logainm áirithe seo agus sna mílte eile nach é (cf. 'Ballyndenish al' De[u]e[ni]stowne' (1628)). (Beidh go leor samplaí den nós céanna seo ar eolas ag an nGaeilgeoir i nganfhios, is dócha, m.sh. AN CrokeCrócAn Crócach 'an duine dar sloinne Croke' → Páirc an Chrócaigh/Croke Park, agus AN PearseAn PiarsachSráid an Phiarsaigh/Pearse Street.)

Bhaintí an-úsáid ar fad as na haidiachtaí ainmfhoclaithe seo agus logainmneacha le sloinnte Angla-Normannacha iontu á ngaelú. Ach is minic freisin a d'úsáidtí an leagan gaelaithe den sloinne lom. Cuir i gcás an logainm Baile an Mhistéalaigh/Ballyvisteale (logainm.ie #9276) i gContae Chorcaí. Is sampla é sin den chéad bhealach a pléadh thuas .i. gur gaelaíodh AN Mitchel mar Mistéil is gur bunaíodh aidiacht ainmfhoclaithe air sin .i. An Mistéalach ('an duine dar sloinne Mistéil'). Ach tá an logainm céanna, nach mór, le fáil mar chuid d'ainm baile fearainn eile i gContae na Gaillimhe, i bhfoirm a léiríonn an dara saghas gaelaithe, mar atá Cnoc Bhaile Mhistéil/Knockballyvishteal (logainm.ie#21575), nach bhfuil san eilimint dheiridh ach gaelú ar an sloinne lom .i. Mistéil < AN Mitchel.

Is mar sin a dhéantaí gaelú ar logainmneacha den struchtúr "clasaiceach" Angla-Normannach úd sloinne (+ 's) +-town/-ton (< MBrl. tūn) i bhformhór glan na gcásanna .i. an t-aicmitheoir aistrithe mar baile agus an sloinne gaelaithe de bharr neasfhoghraíochta, bíodh sé ina shloinne lom nó ina aidiacht ainmfhoclaithe. I gContae na Mí, ceantar ina raibh lonnaíocht fhairsing sheanbhunaithe ag na hAngla-Normannaigh, faighimid go leor samplaí den dá chur chuige seo, uaireanta i gcás logainmneacha Béarla den aon bhunús amháin. Féach Baile an Chrúisigh 'the town(land) of the person surnamed An Crúiseach' ['an duine dar sloinne Crúis'] < AN de Crues (Cruise inniu), an gaelú áitiúil a rinneadh ar Cruicetown (logainm.ie #38747) gar do Bhaile Shláine. Cuir é sin i gcodarsnacht le Baile Chrúis "the town(land) of Crús" (.i. an sloinne lom), an gaelú áitiúil ar Cruicetown (logainm.ie #1845) in aice leis an Obair sa chontae céanna. 

Ach uaireanta eile is amhlaidh a rinneadh an logainm ina iomláine a ghaelú trí neasfhoghraíocht. Féach mar shampla an baile fearainn Gaulstown (par. Dhamhliag) (logainm.ie #38399), atá bunaithe ar an sloinne AN Gall. (Is cosúil i gcomhthéacs na hÉireann gur thagair an sloinne seo AN Gall do na Breatnaigh ó cheart, a bhí 'gallda' dar leis na Normannaigh i Sasana!) Nuair a fuarthas an fhoirm áitiúil Ghaeilge ó chainteoirí dúchasacha le linn na Suirbhéireachta Ordanáis i 1836, ní ٭Baile an Ghallaigh a bhí acu mar ainm ar an áit, faoi mar a bheifí ag súil, ach 'Gallastan' [litriú caighdeánaithe Gallastún] (logainm.ie #38399; freisin #37961). (Mar eolas, is cosúil nach raibh muintir na háite róbhródúil as cáilíocht na talún i nGallastún. Breacadh síos an frása seo a leanas uathu: 'Gallaston na gcrann, baile gann gortach' (1836). Is dócha gur líne í sin as ceann de na ranna beaga úd a bhíodh an-choitianta ar fud na hÉireann aon áit a labhraítí an Ghaeilge, ina gcuirtí na bailte fearainn sa chomharsanacht i gcomórtas le chéile ó thaobh cáilíochtaí de. Lenár linn féin, tá sampla deas ó Dhún Chaoin ag Dáithí de Mórdha in Léachtaí Choilm Cille XLVIII (2018): 48--49; cf. Coiglímis an Tine (2010). Agus d'fhéadfadh sé, leis, gur smut dá leithéid de rann is bunús leis an bhfrása Gaeilge 'Uachtar Aird, i lár na tíre' a breacadh síos (gan chomhthéacs) i bparóiste Uachtair Aird/Oughterard (logainm.ie #1216) in oirthuaisceart Chontae Chill Dara i 1837.) Pé scéal é, is éard atá againn sa logainm seo Gallastún ná neasfhoghraíocht Ghaeilge ar an logainm Béarla Gaulstown. Nó, le bheith beacht, neasfhoghraíocht ar fhoirm luath den logainm Béarla sin. Tá cúis leis an ráiteas deiridh seo. De réir mar a bhogann taighde an Bhrainse Logainmneacha ar aghaidh in oirthear na tíre, is ea is mó a fhaighimid fianaise ar ghuta cúnta roimh an mír ghinideach -'s i logainmneacha Béarla na Páile. Mar le Gallastún de, tá an guta seo le feiscint go soiléir i litriúcháin luatha (nó chaomhnaitheacha) amhail 'Gallyston' (c.1540). Is deimhnitheach gur ar an bhfoirm luath Bhéarla seo, a bhfuil trí shiolla inti, a bunaíodh an leagan gaelaithe tríshiollach Gallastún. Eolas luachmhar atá anseo -- ó tharla an bhearna ollmhór sna foinsí staire le linn an 14ú agus an 15ú haois atá luaite againn go minic -- toisc go dtugann sé leid bhreise dúinn ar dháta an ghaelaithe féin. Cé gur sa Pháil is mó a fhaighimid fianaise ar son gaelú neasfhoghraíochta ar logainmneacha ina n-iomláine, agus cé go bhfuil an chuid is mó den fhianaise chéanna déanach go leor, tá níos mó taighde de dhíth chun a dhéanamh amach ar bhain aon fhíorghnéithe diacronacha ("diachronic" .i. a bhaineann le tréimhsí éagsúla ama) nó diatopacha ("diatopic" .i. a bhaineann le ceantair éagsúla) leis an bpróiseas.

Mar fhocal scoir, tá taithí ag gach éinne againn ar an mbéarlú foghrúil a rinneadh go forleathan ar logainmneacha in Éirinn, ar nós Ballymore < An Baile Mór. Go deimhin, sin é an bealach is coitianta ar fad ag Béarlóirí agus iad ag plé le logainmneacha Gaeilge ón 12ú haois i leith. Is minic a úsáidtear an focal truailliú ina thaobh, ach próiseas nádúrtha teangeolaíochta is ea an neasfhoghraíocht. Díol mór spéise, más ea, go bhfuil fianaise á carnadh againn a thaispeánann go n-imríodh sé sa mhalairt treo freisin: féach go raibh Gaeilgeoirí -- idir Ghael agus Angla-Normannach -- lánábalta ar logainmneacha Béarla a thruailliú mar chúiteamh, tráth dá raibh!

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill

Breis téamaí