2024-10-09

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Sloinnte na Sean-Ghall, logainmneacha Béarla agus claochlú sa Chontae Ríoga. Baile Héin/Hayestown (logainm.ie #37704)

Dáta: 07/10/2024

Phléamar an logainm mealltach Béarla Holdenstown, Contae Chill Mhantáin, an tseachtain seo caite. Sula leanaimid orainn le tuilleadh samplaí dá leithéid i gContae na Mí, ní cás dúinn focal a rá faoi thionchar na nAngla-Normannach ar ainmneacha bailte fearainn i gcoitinne.

Nóta úsáide: I gcomhthéacs na hÉireann, ar ndóigh, is téarma seanbhunaithe é Angla-Normannach a thagraíonn don dream a d'ionsaigh an tír agus a lonnaigh ann ón 12ú go dtí an 15ú haois. Nuair a úsáidimidne in Éirinn an focal Angla-Normannach i dtaobh logainmneacha agus sloinnte ar nós Woodstock (Bodastóic) agus (le) White (de Faoite) is minic a chuirtear teangeolaithe soir, mar is mó go mór an taithí acusan ar Brl. Anglo-Norman mar a bheadh Angla-Normainnis .i. an leagan den Fhraincis a labhair na Normannaigh i Sasana! Is dosheachanta agus is dlisteanach an úsáid í. Ar a laghad ní bhíonn aon mhíthuiscint teangeolaíochta i gceist le Sean-Ghall na Gaeilge (.i. (teaghlach) Angla-Normannach a bhí iompaithe ar an nGaeilge agus ar an nGaelachas) murab ionann is Old English an Bhéarla.

Mar is eol go forleathan, is í an Ghaeilge is bunteanga d'fhormhór glan ainmneacha bailte fearainn na hÉireann. Ó thaobh na logainmneacha de bhunús Béarla de, is iad siúd a bhaineann le lonnaíocht na nAngla-Normannach is coitianta. Thairis sin, is ann dá lán logainmneacha Gaeilge a bhfuil ainmneacha pearsanta agus sloinnte de chuid na gcoilínithe seo le fáil iontu. Ach de bharr ghaelú iomlán na Sean-Ghall le linn an 14ú agus an 15ú haois -- tréimhse ina bhfuil bearna mhór san fhianaise stairiúil -- is deacair a bheith cinnte cé acu sa Bhéarla nó sa Ghaeilge a cumadh iad seo den chéad uair .i. leis na bunchoilínithe a labhair an Meán-Bhéarla nó lena sliocht siúd a labhair an Ghaeilge. Pé acu Gaeilge nó Béarla a mbunús, is fianaise an-láidir iad a leithéid de logainmneacha ar lonnaíocht Angla-Normannach. Ag seo dornán samplaí:

  • Baile an Bhuinneánaigh/Ballybunion "the town(land) of An Buinneánach" [ina gciallaíonn An Buinneánach 'duine dar sloinne Buinneán'] < AN Bunyan (logainm.ie #24000) i gContae Chiarraí; 
  • Baile na bPiarsach/Ballynapierce "the town(land) of Na Piarsaigh" ['na daoine dar sloinne Piaras'] < AN Piers (logainm.ie #52449) i gContae Loch Garman; 
  • Baile an Phrútaigh 'the town(land) of An Prútach' ['an duine dar sloinne Prút'] < AN (le) Prout (Proud inniu), béarlaithe mar Ballyfruit (logainm.ie #21653) i gContae na Gaillimhe agus Ballyfroota (logainm.ie #30938) i gContae Luimnigh; an sloinne céanna le fáil i Proudstown (logainm.ie #38036) i gContae na Mí; 
  • Baile an Bhrúnaigh/Ballinvronig "the town(land) of An Brúnach" ['an duine dar sloinne de Brún'] < AN le Brun (Browne inniu) (logainm.ie #10957) i gContae Chorcaí;  
  • Baile an Chantúnaigh/Ballahantouragh "the town(land) of An Cantúnach" ['duine dar sloinne Cantún (ionann is Condún in áiteanna eile)'] < AN de Caunteton (Condon inniu) (logainm.ie #24626) i gContae Chiarraí;
  • Baile an Bhairínigh/Ballyvarring "the town(land) of An Bairíneach" ['an duine dar sloinne Bairín'] < AN Warin/de Warene (Warren, Waring inniu)'] (logainm.ie #27605) i gContae Chill Chainnigh; 
  • Baile an Fhaoitigh "the town(land) of An Faoiteach" ['an duine dar sloinne de Faoite'] < AN (le) White, béarlaithe mar Ballineetig i gContae Chiarraí (logainm.ie #22633) agus mar Ballyneety i gContaetha Luimnigh (logainm.ie #31202), Thiobraid Árann (logainm.ie #47369), Phort Láirge (logainm.ie #50149) agus Mhaigh Eo (logainm.ie #34111); 
  • Baile an Bhriotaigh "the town(land) of An Briotach" ['an duine dar sloinne Briot'] < AN Bret (Brett/Britt inniu), béarlaithe mar Ballinbrittig i gContae Chorcaí (logainm.ie #12175), Ballybrit i gContae na Gaillimhe (logainm.ie #18678) agus mar Ballybritt i gContae Uíbh Fhailí (logainm.ie #41735); 
  • Baile an Hídigh/Ballyhide "the town(land) of An Hídeach" ['an duine dar sloinne Híde, de hÍde'] < AN (de la) Hyde (logainm.ie #28870) i gContae Laoise. 

Níl anseo ach sampla fíorbheag, ach léiríonn sé cé chomh heasnamhach is a bheadh taighde ar bith ar phatrúin lonnaíochta na nAngla-Normannach nach gcuirfeadh na logainmneacha Gaeilge seo san áireamh. Cuir i gcás tuaisceart Chontae Loch Garman: is in ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn amháin is féidir lorg na nAngla-Normannach a rianú, mar nach bhfuil sna leaganacha Béarla sa chuid sin den chontae ach cumadóireacht de chuid na Nua-Ghall ó 1600 i leith -- nó neachtar acu aistriúcháin ón nGaeilge -- agus dá bhrí sin níl aon mhaitheas iontu mar chomhartha ar lonnaíocht Angla-Normannach (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman).
Ach é sin ráite, ní gá a rá go bhfuil bunús Angla-Normannach leis na céadta logainmneacha Béarla eile laistigh den tsean-Pháil. Faoi mar a luamar an tseachtain seo caite, ní foláir a bheith an-cháiréiseach agus an fhianaise seo á meas, mar tá cuid mhaith de na logainmneacha seo a chuirfeadh duine ar strae. Cuir i gcás an sampla beag seo a leanas de logainmneacha Béarla as Contae na Mí a thaispeánann sloinnte Angla-Normannacha, cinnte, ach iad sin curtha as aithne nó measctha le sloinnte eile:

  • Is amhlaidh a thagraíonn an logainm aisteach Alexander Reid (logainm.ie #38567) ón sloinne (nó ón ainm pearsanta) Ellis ('Elyston Rede' (1419)) ó cheart;
  • Barfordstown (logainm.ie #38085) < Barefoot ('Barfotestoun' (1402));
  • Gernonstown (logainm.ie #38740) < Garland ('Garlandston' (1575));
  • Jarretstown (logainm.ie #37782) < Gerard ('Gerardston' (1393));
  • Harlinstown (logainm.ie #38714) < Harden ('Hardinston' (1625));
  • Harmanstown (logainm.ie #38749) < Hardiman ('Hardemanestoun' (1432));
  • Harlockstown (logainm.ie #37983) < Harlet ('Harletteston' (c.1540)); 
  • Oristown (logainm.ie #38324) < Over ('Overeston' (1536));
  • Ringlestown (logainm.ie #106106) < Ringer ('Ryngereston' (1387)).
  • Tremblestown (logainm.ie #39257) < Trymlett ('Tremeletestoun' (1393)); 
  • Hayestown (par. Chúil Mhaoilín) (logainm.ie #37704) < Hayne ('Heynestoun' (1401)).

Arís, níl anseo ach rogha beag as aon chontae amháin de chuid na sean-Pháile. Ach is léir go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le miontaighde a dhéanamh ar logainmneacha de bhunús Béarla is atá i gcás logainmneacha Gaeilge, ar eagla go nglacfaí le foirmeacha claochlaithe an lae inniu mar fhianaise bhréige i gcúrsaí staire, seandálaíochta agus mar sin de.

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill

Breis téamaí