2024-09-26

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Aistriúcháin amú
Baile Coimín/Blessington (logainm.ie #54622)

Dáta: 23/09/2024

Phléamar brí an fhocail solas i logainmneacha an tseachtain seo caite. Chonaiceamar gur baineadh míthuiscint as Áthán Solais i gContae Mhaigh Eo mar Lightford sa Bhéarla, nuair is dócha gur glaine an uisce tríd an áth a thug an t-ainm ó cheart. Is ceist cháiréiseach é aistriúchán logainmneacha, go háirithe idir dhá theanga nach bhfuil gaolmhar le chéile; ní i gcónaí a bhíonn an t-aistriúchán go hiomlán “ceart” nó “mícheart” ach oiread.
Is eol go forleathan gur minic a aistríodh logainmneacha Gaeilge go Béarla. Ach chomh maith leis sin, tá a lán samplaí againn de logainmneacha de bhunús Béarla a aistríodh go Gaeilge le linn an 13ú agus an 14ú haois — nó gur aistríodh go Béarla ar ais iad ina dhiaidh sin. Ní raibh gach aistriúchán cruinn, ar ndóigh, agus ag gach céim den phróiseas d’fhéadfadh míaistriúchán, leathaistriúchán, saobhaistriúchán, aistriúchán sofhriotalach, srl., a theacht i gceist. Uaireanta bíonn idir bhunaistriúchán agus athaistriúchán cruinn; uaireanta eile bíonn na hathaistriúcháin bunaithe ar bhunaistriúcháin éagruinne; uaireanta eile fós bíonn na bunaistriúcháin cruinn go leor ach bíonn an t-athaistriúchán éagruinn! Casaimid ar a lán scéilíní casta sa taighde ar logainmneacha na hÉireann, agus pléifimid tuilleadh díobh sna seachtainí beaga atá romhainn.
Is dócha gurb é an sampla is mó le rá sa chatagóir seo Baile Coimín i gContae Chill Mhantáin. Rianaigh Liam Price, fathach sa ghort maidir le taighde logainmneacha Laighean, stair luath an logainm agus léirigh sé gur mar ‘Villa Comyn’ a chuirtear síos air ar dtúis, mar chomóradh ar ghaolta le John Comyn, an chéad Easpag de bhunadh gallda ar Bhaile Átha Cliath (Placenames of Co. Wicklow, IV, p. 261). Go deimhin, 150 éigin bliain i ndiaidh ré an easpaig seo, bhí daoine den sloinne sin á lua le ‘Comenston’ sna foinsí, m.sh. Robert Comen (anno 1323). Ach de réir a chéile faighimid tagairtí ar nós ‘Ballecomine’ a thaispeánann an leagan gaelaithe Baile Coimín “the town(land) of Coimín” (Coimín — leagan gaelaithe den sloinne AN Comyn), rud a chruthaíonn go raibh an Ghaeilge tagtha ar ais mar theanga phobal na háite le linn an 13ú agus an 14ú haois, idir Ghaeil agus Shean-Ghaill (na hAngla-Normannaigh ghaelaithe). Thit an tóin as an gcultúr Gaelach go tubaisteach le linn an 17ú haois agus ina dhiaidh. Faoi dheireadh na haoise sin bronnadh beagnach an talamh go léir a bhí forghéillte ar uasalaicme na Nua-Ghall.
Is i 1669 a fhaighimid an chéad tagairt don leagan athaistrithe Béarla den logainm seo, nuair a bronnadh 9,121 acra ar Michael Boyle, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath in Eaglais na hÉireann (agus a bhí ina Sheansailéir chomh maith), chun ‘ye manor of Blessington’ a chruthú (Acts of Settlement and Explanation, p. 129). Is cosúil go raibh bunbhrí an logainm Ghaeilge Baile Coimín dearmadta faoin tráth seo, ar a laghad i measc an phobail teanga a rinne é a ‘athaistriú’ mar Blessington — bréagshanasaíocht is cúis leis sin, ar ndóigh, inar thuigtí don lucht aistrithe gurb ionann Coimín agus comaoin “blessing”.
Bhí cor eile sa scéal. Agus an Gaelachas ag dul i léig le linn an 18ú haois, faighimid an míaistriúchán Béarla Blessington féin athaistrithe mar Baile na mBeannacht “the town of the blessings” i lámhscríbhinní de chuid Thaidhg Uí Neachtain, cé gur cosúil go raibh cur amach aige siúd ar an gceartfhoirm Ghaeilge (m.sh. ‘Blessingtown .i. cros bhaile comaoin’ KIL 20: 141, ‘baile na mbeannacht .i. crois bhaile cuimin’ ibid. 147).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí