Tá Oireachtas na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste i mbliana den chéad uair ó 1997 agus táimid ag súil go spreagfaidh an fhéile seo spéis in ainm Gaeilge na cathrach seo cois Lao. Níl Béal Feirste róchasta ó thaobh struchtúir de, ach maidir lena bhrí, tá roinnt míniúchán éagsúil curtha chun cinn thar na blianta. Agus b’fhéidir nach mbeidh a fhios ag mórán daoine go bhfuil níos mó ná an t-aon sampla amháin den logainm seo in Éirinn. Ar na samplaí eile lasmuigh den mhórchathair féin tá Béal Feirste i gContae Shligigh a thagraíonn do Fearsaid na Fionntrá “the tidal ford of/at the white strand”, a bhfuil go leor tagairtí dó sa tseanlitríocht agus sna sean-annála mar áit thar a dtéadh daoine i dtreo cathanna fiachmhara fuilteacha.
Tá go leor tagairtí don Béal Feirste / Belfast s’againne i gContae Aontroma le fáil i bhfoinsí stairiúla Gaeilge, agus a lán acu i gcló in FSÁG 2 s.n. Béal Feirsde. Míníonn eagarthóirí an Fhoclóra sin an logainm mar “Approach to *Fearsad”. Thuigeadar Fearsad mar logainm ann féin a bheidh le plé sa chéad fhascúil eile atá le teacht: féach Cath Feirste “the battle of Fearsad” in Onomasticon Goedelicum (DIAS); agus is minic an bhrí “approach” le béal i logainmneacha. Bhí an logainmneoir cáiliúil Seán Ó Donnabháin ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha in Ollscoil na Banríona tráth dá raibh, agus thuig seisean brí eile ón logainm Béal Feirste. Seo an nóta a scríobh sé faoin tagairt a dhéanann na Ceithre Máistrí do caislén beoil feirste: “Bel-feirste, i.e., the mouth of the river Fersat, which falls into the River Lagan, where this castle stood” (féach Annála Ríocht Éireann IV, lch. 1100).
Míniú eile fós atá ag ár gcomhghleacaithe ag Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, mar atá Béal Feirste “mouth of the sand-bank ford”, leis an nóta breise “The sand-bank ford was across the mouth of the river Lagan. The little river Farset which flows below High Street and enters the Lagan near this point has also been named from the ford (fearsaid, genitive feirste)” (féach placenamesNI.org; cf. McKay, P. (1999): A Dictionary of Ulster Place-Names, lch. 21). Go deimhin tá bríonna éagsúla leis an bhfocal seo fearsaid: cf. “ridge of sand in tidal waters, tidal ford” (Ó Dónaill, FGB s.v. fearsaid). Chomh maith leis na míniúcháin atá díreach luaite againn, d’fhéadfaimis ceann níos simplí fós a lua, mar atá “approach of/to (the) tidal ford”.
Meititéis ar an bhfocal Sean-Ghaeilge fertas atá san fhocal Nua-Ghaeilge seo fearsaid (gin. u. feirste). (Tugtar ‘Sean-Ghaeilge’ ar an teanga sa tréimhse c. 700 go c. 950 AD, go garbh.) Sa tseanlitríocht is é a bhí le tuiscint as fertas ‘a raised bank or ridge of earth or sand, gen[erally] of a bar or shallow near the sea-shore or a ford in a river’ (eDIL s.v. 2 fertas), brí atá le fearsaid sa Nua-Ghaeilge fós .i. “ridge of sand in tidal waters, tidal ford”. Forbairt céille é seo as an mbunbhrí ‘shaft … axle … spindle’, ag tagairt don áth gainimhe a bheadh le feiscint ag lagtrá (eDIL s.v. 1 fertas). Is éard a bhí ag an Duinníneach ná ‘spindle’ (fearsaid) agus ‘a passage across the strand at low water’ (fearsad); déanann sé tagairt don logainm s’againne ‘Béal Feirste, Belfast’ mar shampla den dara húsáid (Dinneen s.vv. fearsad, fearsaid). Níorbh é sin a dheireadh aige: ar na bríonna eile a luann sé le fearsad tá ‘a deep narrow channel in the strand when the tide is at low ebb … a pit or pool of water’, i gcodarsnacht ghlan le ‘a passage across the strand at low water’.
Bíodh sin mar atá, is i gcomhthéacs an chaisleáin is minicí go mór a luaitear an logainm Béal Feirste (FSÁG s.n.), rud a chuireann in iúl cé chomh tábhachtach is a bhí an suíomh seo cois Lagáin mar ar bunaíodh an lonnaíocht. Is dócha gur trasna na feirste “tidal ford” seo is éasca d’fhéadfaí an t-inbhear seo a thrasnú, agus gurb í an fhearsaid féin atá i gceist sna cuntais luatha ar Cath Feirste; dá bhrí sin is cosúil go dtagraíonn an t-ainm Béal Feirste do shuíomh an chaisleáin i mbéal na feirste.
Ní heol go forleathan go bhfuil samplaí eile den logainm ceannann céanna le fáil in áiteanna eile sa tír. Béal Feirste is ainm do bhaile fearainn i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo (logainm.ie #37016). Ghlaotaí Béal Fearsaide air seo freisin sa chanúint áitiúil, rud a thug an litriú béarlaithe Belfarsad atá le fáil ar léarscáileanna luatha de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus a bhí ina ainm oifigiúil go dtí go ndearnadh an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá an baile fearainn féin suite in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo idir an Corrán agus Oileán Acla, díreach os comhair áit darb ainm Gob na Feirste “the point of the tidal ford”. De réir an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, tagraíonn an logainm sin don gob tíre díreach lastoir de na Sraithíní, sráidbhaile in Acaill, faoi bhun áit darb ainm Gob Phatsy “Patsy’s point”. Thaispeáin taighde Fhiachra gurb ionann Gob Phatsy agus an pointe atá léirithe mar Gubnafarsda ar léarscáil 6ʺ na Suirbhéireachta Ordanáis agus gurb amhlaidh atá Gob na Feirste díreach laisteas de seo i ndáiríre (‘Acaill le Mapaí; A collection of minor names from Acaill’ curtha i dtoll a chéile ag an Dr. Fiachra Mac Gabhann, cartlann an Bhrainse Logainmneacha). Tá Béal Feirste os coinne Ghob na Feirste amach, agus is féidir talamh slán a dhéanamh de go ngabhadh an fhearsaid seo tríd an uisce i nGob an Choire idir an dá ghob seo.
Is lú fós cur amach ar an sampla stairiúil eile seo den logainm céanna: bhí Béal Feirste (logainm.ie #1437931) suite sna bailte fearainn Ceathrú Chrainn agus Cartún na Bruí i gContae Shligigh. Sa 17ú haois faighimid tagairtí don áit seo mar ‘Belfersdy’ ar léarscáileanna an Down Survey agus Hiberniae Delineatio (downsurvey.tchpc.tcd.ie) agus mar ‘Bellfersdy’ sa Book of Survey and Distribution a ghabhann leo, chomh maith le ‘Bellfast’ i bhfoinse neamhspleách Hearth Money Rolls (lch. 29). Sa 18ú haois faighimid ‘Bellfirst’ i 1711 (CGn. 63.73.42718) agus ‘Bellfrees als. Belferst’ i 1732 (CGn. 71.282.50749). Is léir gur sampla eile é seo den logainm Gaeilge Béal Feirste. (Tabhair faoi deara an tagairt is luaithe dó .i. ‘Bealefirste’ (1614), i ndeontas ón Rí do James Baxter, mar a bhfuil tagairt don úinéir Gaelach deireanach Calbhach mac Eoghain Ó Conchúir (‘Calloh McOwen O’Connor’), faoina ndeirtear ‘slain in rebellion’ (CPR lch. 266b).)
Tá léarscáil inspéise ón 19ú haois a thaispeánann na fearsaidí i gContae Shligigh, i gcló ag T. O’Rorke in The History of Sligo: Town and County I, p. 47. Tugtar ‘Fintragh Pass’ ar an áth a ghabhadh ó Bhéal Feirste go Baile an tSrutháin, agus as sin go dtí dhá fhearsaid eile ar a dtugtar ‘Long Strand’ agus ‘Short Strand’ ar an léarscáil chéanna. Go deimhin bhí gréasáin chearta fearsaidí sa chontae seo tráth dá raibh: shín ceann amháin acu ón gCúil Bheag agus Ceann an Tóchair trasna Bhá Dhroim Chliabh; shín an dara ceann trasna Chuan Shligigh ag áit darbh ainm Fearsaid Rann an Liagáin (b’fhéidir ag an ngob tíre Standalone Point); shín an tríú ceann (thuasluaite) trasna Chuan Bhaile Easa Dara, ó Bhéal Feirste go Baile an tSrutháin; agus bhí an trá ghearr agus an trá fhada, an ‘Short Strand’ agus an ‘Long Strand’ úd, ag gabháil ón áit chéanna i mBaile an tSrutháin trasna na coda theas de Chuan Bhaile Easa Dara go Cnoc an Chuilinn agus go Béal Trá, faoi seach. Bhíodar seo mar chuid den phríomhbhealach ó iarthar Uladh isteach i dtuaisceart Chonnacht.
D’ionannaigh Edward Hogan an ‘Long Strand’ seo leis an logainm stairiúil Fearsaid na Fionntrá a bhí suite ag Cúil Chnámh (Onomasticon Goedelicum: ‘f[ersat] na finntrága at Cúil Cnamh [next to Beltra] … al. Pass of Tráigh Eothuille’). Lean duine d’údair an nóta seo an t-ionannú céanna in aiste a phléigh logainmneacha stairiúla i gContae Shligigh (féach C. Ó Crualaoich, ‘Causeways, battles, real and imaginary: some placenames in the Sligo parish of Dromard, one of the ‘three wonders of Connaught and Ireland’ and one of the ‘three strands of Ireland’, in Sligo Field Club Journal 2023). Ach i bhfianaise an eolais seo ag Terence O’Rorke, fear ó Shligeach, dhealródh sé gurb ionann Fearsaid na Fionntrá sna hAnnála agus an ‘Finntragh Pass’ seo idir Béal Feirste agus Baile an tSrutháin.
Agus is fada an fhearsaid an ‘Long Strand’ mar a dtéann an Béal Feirste seo, agus í ag síneadh 4km trasna Chuan Bhaile Easa Dara. Is í is faide i gCúige Chonnacht agus tá sí ar na fearsaidí is faide in Éirinn, is dócha. Bhí clú is cáil uirthi sa tseanlitríocht mar láthair catha agus troda: tá trácht uirthi san Fhiannaíocht, tá sí luaite i gCath Mhaigh Tuireadh, agus tá sí le fáil sna Tréanna agus sna ginealaigh. D’eascair leasainmneacha liteartha eile ar an bhfearsaid seo amhail Ros Airgid “silver headland” agus Trá na Mná Mairbhe “the strand of the dead woman”. Is anseo freisin a bhí Carraigín Eothaile alias Carn Thrá Eothaile, áit ar cuireadh an rí Eochaidh mac Eirc; thugtaí Carn Eachach agus Luí Eothaile air seo freisin. Sna Tréanna tá Luí Eothaile áirithe ar na ‘Trí hignad Hérenn’ [trí ionadh Éireann] (féach ‘Causeways, battles, real and imaginary’). Is éard a thuill an droch-cháil air an seachmhall radhairc a ghabhann le Carraigín Eothaile féin: is cuma lag trá nó lán mara, níor athraigh leibhéal an uisce timpeall ar an gcarraigín. B’fhurasta dá bhrí sin daoine curtha amú ag an bhfearsaid seo agus ba thubaisteach an áit í fiú is gan aon chathanna á dtroid ann! Is ar éigean gur comhtharlúint a tugadh Cúil Chnámh mar ainm áitiúil ar an áit a dtagann fearsaid Thrá Eothaile i dtír ag Béal Trá.
Ach ní gá an t-olc a lua le fearsaid i gcónaí. Díol áthais a thabhairt faoi deara ceann de na fobhríonna leis an bhfocal seo .i. ‘véarsa, rabhcán’ (AFB s.v. fearsaid). Más féidir frásaí ar nós i mbéal eadra a thuiscint mar ‘i dtreo am crúite bó’, an féidir ceadúnas an fhile a úsáid chun Béal Feirste a thuiscint mar a bheadh ‘i dtreo [am déanta] filíochta’…? Díreach le linn an Oireachtais, b’fhéidir!
(Conchubhar Ó Crualaoich \& Aindí Mac Giolla Chomhghaill)