2024-10-02

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

An Béarla mealltach agus Gaelú sa Pháil
Baile Shealtúin/Holdenstown (logainm.ie #54599)

Dáta: 01/10/2024

Phléamar an logainm Baile Coimín an tseachtain seo caite. Gaelú é sin ar ‘Comenston’ (1323) (< AN Comyn, sloinne seanbhunaithe sa choilíneacht anseo) a ndearnadh mí-aistriúchán air, mar a bheadh Baile *Comaoine ann, gur thug Blessington sa lá atá inniu ann sa Bhéarla.
Chuir na hAngla-Normannaigh fúthu go tiubh i gContae Chill Mhantáin, idir thoir agus thiar, mar is léir ó logainmneacha Béarla amhail Newcastle, Cookstown, Windgates agus Oldcourt sa chuid thoir den chontae, agus Russellstown, Britonstown, Blakestown agus Holdenstown sa chuid thiar de. (Féach gur ainm de chuid na Nua-Ghall é Newcourt taobh le Oldcourt.) Is ann freisin dá lán samplaí eile nach iad. Is furasta bheith curtha amú ag na logainmneacha seo, áfach, mar go dtugann siad le fios gurbh é an Béarla a bhí ina theanga pobail anseo ó thús na coilíneachta i leith. Tá an fhírinne níos casta ná sin. Taispeánann logainmneacha amhail Baile an Hórsaígh (logainm.ie #55518) in oirthear Chontae Chill Mhantáin agus Bealach Saghais (logainm.ie #54758) in iarthar an chontae gurb amhlaidh a tháinig an Ghaeilge aniar chomh láidir sin is go raibh gá leis na hainmneacha gallda seo a ghaelú. Sa chéad logainm díobh, ciallaíonn An Hórsaíoch ‘duine dar sloinne AN de Horseye’, sloinne atá fianaithe sa 13ú haois; féach leis Liam Price, Placenames of Co. Wicklow, lch. 367). Sa dara logainm is gaelú é Saghas ar an sloinne AN Seix/Seyse, a sheasann don fhocal Breatnaise Sais a chiallaíonn ‘Sasanach’.
Tá sé fíorthábhachtach nach gceapfadh éinne gur easainmneacha a bhí ina leithéid seo de leaganacha Gaeilge, agus iad in úsáid ag na Gaeil dhúchasacha amháin. (Is éard is easainm [Brl. exonym] ann, leagan a bhaisteann pobal amháin as a dteanga féin ar logainm de chuid pobail eile, mar a bheadh ‘(log)ainm ón taobh amuigh’.) Ní bhaineann easainm le hábhar, ar ndóigh, mar bhí an Ghaeilge á labhairt ag na Sean-Ghaill féin. Ach tá sé fíor freisin nach dtuigimid go rómhaith fós cad ina thaobh nár imir aon athrú ar logainmneacha áirithe i gcáipéisí oifigiúla, cuir i gcás Russelstown – nach bhfuil rian dá laghad de leithéid Ballyrussell [Baile an Ruiséalaigh] sa taifead staire – fad is a fhaighimid Boystown, síos an bóthar uaidh, faoi chulaith Ghaeilge mar Baltyboys (< Bailte Bhuí) i gcáipéisí na nGall féin. Is léir nach bhféadfaí a áiteamh go raibh cúis speisialta éigin ag Gaeilgeoirí – idir Ghaeil agus Shean-Ghaill –Russellstown a fhágaint gan ghaelú, fad is a bhí logainmneacha den struchtúr céanna mórthimpeall air, agus ar fud na Páile, á ngaelú as éadan. Ní hea, ach ní foláir nó is é an tseaneaspa fianaise is crá croí dúinn in Éirinn faoi ndear. Bíonn taighdeoirí ag brath ar pé foirmeacha a breacadh i gcáipéisí oifigiúla ar ámharaí an tsaoil, agus thairis sin ar na nósanna a bhí ag teaghlaigh éagsúla agus iad ag plé lena gcuid gníomhas dlíthiúla féin. Ba mhór againn tagairtí flúirseacha ón 14ú agus ón 15ú haois chun na patrúin ghaelaithe seo a rianú i gceart, ach is lena linn sin go díreach atá an bhearna is mó sa taifead stairiúil! É sin ráite, is díol suntais go nglacfadh foirm Ghaeilge de logainm ionad na foirme Béarla i gcáipéis oifigiúil an chéad lá riamh, agus is cruthúnas é ar cé chomh gaelaithe is a bhí na Sean-Ghaill faoin 16ú haois. Is léiriú maith é, freisin, ar cad ba bhrí leis an nath seanchaite úd níos Gaelaí ná na Gaeil féin ó thaobh na logainmneacha de!
Fiú amháin ina bhfoirmeacha Béarla, is féidir le gineolaithe agus staraithe an-tairbhe a bhaint as logainmneacha na nAngla-Normannach, mar is minic a bhíonn réadú soiléir de shloinne le sonrú iontu. Ach – faoi mar is gnách i gcúrsaí logainmneacha na hÉireann – ní foláir dúinn bheith cáiréiseach, mar is minic a chuireann siad an dubh ina gheal orainn freisin! Cuir i gcás Holdenstown gar do Bhealach Conglais, a bhfuil cuma bhreá intuigthe air ar an gcéad fhéachaint. Ach is mealltach an logainm Béarla é seo, a chuir an dallamullóg ar Sheán Ó Donnabháin féin, fiú. Dúirt an Donnabhánach go lánchinnte gurbh é sloinne a bhí ann ‘Holden … a family name of English origin, called by the Irish Úidhlínan t-Uídhlíneach, i.e. Mr Holden’ [i litriú an lae inniu Úilín, An tÚilíneach]. (Ní tógtha air é sin a mheas, dála an scéil, agus é ag brath ar an mbeagán fianaise a bhí roimhe ag an am.) Bhí an ceart ag Ó Donnabháin maidir le patrún gaelaithe an tsloinne Holden, cinnte, ar malairt foirme é de Howlin (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 1190 faoi Knockhowlin/Cnoc Húilín). Ach ní Holden atá le sonrú sna tagairtí luatha don logainm seo in aon chor. Thuairimigh Liam Price Halton (op. cit., lch. 133), ach cé go bhfuil an sloinne sin le fáil i measc na gcoilínithe Angla-Normannacha freisin (féach mar shampla Calendar of memoranda rolls, Edward I) ní réiteodh sé sin leis na foirmeacha luatha anseo ach an oiread. Tá an bunstruchtúr soiléir as na samplaí is sine, ‘Hiltonston’ (1540) agus ‘Hyltonston’ (1540), mar atá AN Hilton (sloinne atá bunaithe féin ar logainm Hill + -ton/-town) + ’s an ghinidigh + -ton. Tabhair faoi deara go raibh Robert de Hilton ina chonstábla ar chaisleán Cheatharlach i 1366 (féach Irish exchequer payments, 1270–1446).
Ach tá cor eile sna tagairtí ‘Sheletonestone alias Ballyhalton’ (1587), ‘Sheltonston … called Sheltonsland’ (1588), srl. I gcomhthéacs na cainte thuas maidir leis an athrú teanga sa Pháil, is léir go seasann ‘Ballyhalton’ (1587) do Baile Haltúin * /ˌbalʹəˈhaltuːnʹ/ (< Baile Healtúin < Baile Hioltúin, b’fhéidir), leagan gaelaithe de Hiltonstown. Is minic a thagann an fhóinéim /h/ i dtosach focail Ghaeilge ó s- séimhithe /h/, ar ndóigh, agus is follas go ndearnadh atuiscint anseo ar Healtúin (gin.) * /ˈhaltuːnʹ/ mar a bheadh Shealtúin .i. foirm ghinideach de * Sealtún (ain.) faoi shéimhiú. Go deimhin, tá a dhearbhú seo le fáil san fhoirm bhéarlaithe aischruthaithe ‘Sheltonston’ (1588) < Baile Shealtúin < Baile Healtúin (< Hilton + ’s + -town). Sna cáipéisí oifigiúla malartaíonn ‘Sheltonstowne’ le ‘Ballihaltowne’ (1640), agus ansin ag eascairt as ‘Ballyholton’ (1654) faighimid ‘Holtonston’ (1685) ag forbairt go ‘Holdingstown’ (1750). Ní raibh ach chéim ghairid uaidh sin go dtí Holdenstown an lae inniu.
Díol suntais ar fad go bhfuil sampla le fáil áit eile sa Pháil atá díreach mar an gcéanna. Sa bhliain 1836, chuir scoláirí na Suirbhéireachta Ordanáis agallamh ar Ghaeilgeoirí na mbailte fearainn Hilltown Little agus Hilltown Great (‘Hyltons’ (c 1540)) in oirthear Chontae na Mí – 85km slí ó bhaile ó Holdenstown, Contae Chill Mhantáin – gur bhreacadar síos na leaganacha áitiúla Gaeilge ‘Seallton Beag’ agus ‘Sealton’ [Sealtún * /ˈʃɛltu(ː)n/ i litriú an lae inniu] (logainm.ie #38374). Seo sampla neamhspleách den phróiseas ceannann céanna a chonaiceamar i gcás Holdenstown .i. gur athmhíníodh H- /h/ tosaigh an Bhéarla mar a bheadh Sh- /h/ tosaigh na Gaeilge.
Tá a lán taighde agus anailís déanta ag an mBrainse Logainmneacha in oirthear na tíre le blianta beaga anuas, agus tá sé ag teacht chun solais de réir a chéile go raibh a leithéid seo de ghaelú ‘foghrúil’ ar logainmneacha Béarla (agus Fraincise) na Sean-Ghall i bhfad ní ba choitianta ná mar a mheasfadh an té nach gcaithfeadh ach sracfhéachaint ar an taifead stairiúil. Is amhlaidh a luíonn sé sin le réasún, gan amhras, agus an forlámhas ag an nGaeilge ar fud na Páile ar feadh na gcéadta bliain.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí