2024-09-01

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Sméara, mulláin agus driseacha
Mullán na Sméar/Mullannasmear (logainm.ie #52671)

Dáta: 02/09/2024

Ag an taca seo den bhliain — mí Mheán an Fhómhair gan aon agó — bíonn go leor againn ag tnúth le cnuasach na sméar atá le fáil go flúirseach ar fud na tuaithe. Níl uait ach buicéad a bheith agat, tamall a chaitheamh i mbun an ghnó, agus gan aon nath a chur sa scríobadh dosheachanta ón dris dheilgneach.
Níl ach dornán ainmneacha bailte fearainn a dhéanann tagairt don chaor beag milis seo, an sméar. Orthu seo tá Mullán na Sméar/Mullaunnasmear (logainm.ie #52671), gar do Bhun Clóidí i gContae Loch Garman. ‘Cnocán’ a léifeadh duine ar an mullán sin ar an gcéadfhéachaint, b’fhéidir, ach cuimhnímis gur tháinig forbairt chéille ar an bhfocal seo i logainmneacha an Oirdheiscirt, mar atá ‘bánóg’ (“green field, lea-field”) (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 1355). I gCúige Mumhan faighimid** Áth na Sméar**/Aghsmear “the ford of the (black)berries” (logainm.ie #46828) agus Ceapach na Sméar/Cappanasmear “the plot of the (black)berries” (#46104) i gContae Thiobraid Árann; agus Cúil na Sméar/Coolnasmear “the corner, recess of the (black)berries” (logainm.ie #49308) i gContae Phort Láirge.
Ach ná ceapadh éinne go mbaineann sméara dubha le Leath Mhogha amháin! Tabhair faoi deara Críoch na Sméar/Creenasmear “the territory of the (black)berries” (logainm.ie #14331) i gContae Dhún na nGall. Agus i gContae Fhear Manach, tuigeadh do Ghaeilgeoirí na háite i 1834 gur foirm ghinideach iolra de sméar a bhí i ndeireadh an logainm Tulaigh Ros Sméarann/Tullyrossmearan “mound, hillock of the wood (or elevated ground) of the (black)berries” (logainm.ie #130663). (D’aontaigh an Coimisiún Logainmneacha leis an tuiscint áitiúil chéanna agus an leagan oifigiúil Gaeilge á shocrú in* Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist* (1969), tar éis dóibh an leagan sin a chur faoi bhráid an phobail ar liosta sealadach 1962.) Bheifeá ag súil le lagiolra i gcaint an lae inniu (iol. na sméara, gin. iol. na sméar) ach féach an fhoirm mhalartach ‘smeranna drisi’ i lámhscríbhinn de chuid an 15ú haois, a léiríonn infhilleadh mar n-ghas, rud a thabharfadh gin. iol. na sméarann in áiteanna (eDIL s.v. 1 smér). (Féach leis gur mar n-ghas a d’infhilltí mér sa tSean-Ghaeilge freisin, foirm mhalartach de SG smér (sméar) (eDIL s.v. 2 mér).) Tá tuairimithe in áit eile gur ainm pearsanta Méarán atá sa cháilitheoir (féach placenamesni.org), ach is fearr a réiteodh an fuaimniú áitiúil béarlaithe /ˈtoliːrɑ ˈsmeːrən/ leis an míniú áitiúil i 1834 agus leis an bhfoirm oifigiúil a moladh i 1969 .i. Tulaigh Ros Sméarann.
Tarraingíonn P.W. Joyce aird ar shampla eile i gCúige Uladh, mar atá Drumnasmear (logainm.ie #62416) i gContae Aontroma, ar béarlú é ar Droim na Sméar “the ridge of the (black)berries” (ginideach lagiolra), faoi mar a mhínítear ar placenamesni.org. Ach ní dócha go bhfuil an ceart ag an Seoigheach nuair a deir sé i dtaobh Sméar/Smear (logainm.ie #32836) i gContae an Longfoirt gur logainm simpléacsúil é a chiallaíonn ‘a place producing blackberries’ (The Origin and History of Irish Names of Places, iml. II, lch. 325) — murab ionann is saghasanna áirithe plandaí agus crann, ní heol dúinn aon samplaí d’ainm toraidh leis féin mar logainm as Gaeilge. Dá bhrí sin ní cinnte brí Sméar sa chás seo.
Ach in ainneoin nach bhfuil an sméar caomhnaithe i mórán ainmneacha bailte fearainn, níl aon dabht ach gur chuid lárnach de réim bia na nGael a bhí ann, chomh maith lena lán torthaí agus caora fiáine eile nach é (féach Fergus Kelly, Early Irish Farming, lch. 306). Ní hé ‘fiáin’ an focal ceart sa chás seo, b’fhéidir. Mar gheall ar a luachmhaire is a bhí na sméara is dócha go ndéantaí saothrú éigin ar a leithéid seo de thoir, nó ar a laghad go bhfágtaí an dris ag fás go rábach d’aonghnó ina lán áiteanna. Go deimhin, tá neart tagairtí againn in ainmneacha bailte fearainn don fhocal seo dris agus go leor focal eile atá fréamhaithe as, faoi mar a phléifimid an tseachtain seo chugainn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí