2024-07-01

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Baile an Troim, bláthanna an troim, píobaireacht agus líomanáid.
Baile Átha Troim/Trim “town of/at (the) ford of (the) elder-tree”
(féach logainm.ie #1416699)

Dáta: 01/07/2024

Tá bláth bán na sceiche gile nach mór imithe faoin tráth seo den samhradh ach tá bláth an troim, ar dhath an uachtair, le feiceáil fós ar feadh na bhfálta. Titfidh an bláth sin féin de réir a chéile le himeacht mhí Iúil, ach maireann an trom in ainmneacha bailte fearainn na tíre, amhail Baile an Troim/Ballintrim “the town(land) of the elder-tree” (logainm.ie #12421) agus Cluain Troim/Cloontreem “pasture of/at the elder-tree” (logainm.ie #8790) i gContae Chorcaí. Níl an trom caomhnaithe san oiread céanna ainmneacha bailte fearainn is atá an sceach, cé go dtugann dáileadh na samplaí le fios go raibh sé gach aon phioc chomh coitianta léi ar fud na tuaithe.
Is dócha gurb é Baile Átha Troim/Trim (logainm.ie #1416699) i gContae na Mí an sampla is mó le rá de logainm a chaomhnaíonn an crann seo. Áth Troim “ford of/at (the) elder-tree” an bunleagan, ar ndóigh, nó gur cuireadh an eilimint baile “town” roimhe agus é ag tagairt don lonnaíocht a d’fhás timpeall ar chaisleán mór na nAngla-Normannach ann. Tá tuilleadh samplaí le fáil fud fad na hÉireann, ó Machaire an Troim/Macantrim “the plain of the elder-tree” (logainm.ie #56304) i gContae Ard Mhacha go Lios Troim/Listrim “ring-fort of (the) elder-tree” (logainm.ie #243633) i gContae Chiarraí agus ón dá bhaile fearainn darb ainm Cathair an Troim/Caheratrim “the circular stone fort of the elder-tree” i gContae na Gaillimhe (logainm.ie #19558, #19587) go dtí Buaile na dTrom/Boolnadrum “the boley of the elder-trees” (logainm.ie #52739) i gContae Loch Garman. Thairis an méid sin tá Cluain Troim “pasture of/at (the) elder-tree” (logainm.ie #39792) i gContae Mhuineacháin a ndearnadh Cooltrim de sa bhéarlú; Tigh an Troim/Tintrim “the house of/at the elder-tree” (logainm.ie #7682) i gContae an Chláir; Gort Mhóin an Troim/Gortvunatrime “the field of the bog of the elder-tree” (logainm.ie #48793) i gContae Thiobraid Árann; Eanach Troim/Anatrim “marsh of (the) elder-tree” (logainm.ie #28438) i gContae Laoise; agus Oileán an Troim/Illanatrim “the island of the elder-tree” (logainm.ie #35157) i Loch Ceara i gContae Mhaigh Eo.
Dhealródh sé nach raibh aon róthábhacht ag baint leis an gcrann troim ó thaobh na heacnamaíochta de in Éirinn anallód: bhí sé áirithe i measc na bhFodhla Feá (SG Fodla Fedo; féach eDIL s.v. fodail), sa tríú catagóir as na ceithre cinn a gcuirtear síos orthu sa téacs ársa dlí Bretha Comaithchesa (féach Fergus Kelly, Early Irish Farming (1997) lch. 380). Go deimhin bhí ainm an olcais ar an gcrann freisin: ceann de Thréanna na Sean-Ghaeilge ab ea ‘Trí comartha láthraig mallachtan: tromm, tradna, nenaid’ (‘Trí chomhartha láthair mhallachta: trom, traonach, neantóg’ leagan Nua-Ghaeilge ag Nicholas Williams, Díolaim Luibheanna (1993) lch. 171). (Tá an buntré i gcló ag Kuno Meyer, The triads of Ireland (1906) lch. 18 §129, mar phéire leis na trí chomhartha ar láthair bheannachta .i. ‘clocc, salm, senad’ [clog, salm, seanadh] ibid. §128.) Dhéantaí feagacha na bpíob uilleann as adhmad an chrainn troim tráth, faoi mar a dhéanann píobairí áirithe fós in ainneoin gurb é an cána iompórtáilte is coitianta inniu — agus ar ndóigh, is as a oiriúnaí is atá a snáithe réidh dlúth mar ábhar feadán a fuair an trom an t-ainm Béarla bore-tree ‘crann feadáin’. Tá cothú sa bhláth troim, freisin, bíodh sé ite domhainfhriochta i bhfuidreamh nó ólta mar líomanáid, coirdial nó seaimpéin (cf. Pamela Foley & Cecilia Fitzsimons, Biaphlandaí, lch. 83).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí