2024-08-23

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Úlloird, abhlacha agus athmhíniú sa Ghaeilge.
Avalbane/Abhaill Bhán “the white apple-tree (i.e. orchard)”
(féach logainm.ie #40526)

Dáta: 22/08/2024

Ba é an focal úll “apple” a bhí faoi chaibidil againn an tseachtain seo caite, ach féach gur minicí go mór a fhaighimid an focal gaolmhar abha(i)ll i logainmneacha Gaeilge, a chiallaíonn idir “apple-tree” agus, go háirithe ó thuaidh, “orchard”. Cuir i gcás Abhaill Bhán/Avalbane “white apple-tree (i.e. orchard)” (logainm.ie #40526) agus Abhaill Riabhach/Avalreagh “grey apple-tree (i.e. orchard)” (logainm.ie #40527) i gContae Mhuineacháin. Cuir fuaimniú na heiliminte ansin i gcodarsnacht le Abhaill Bheag/Owlbeg “little apple-tree” (logainm.ie #3186) i gContae Cheatharlach, agus Seanabhaill/Shanowle “old apple-tree” (logainm.ie #53423) agus ar ndóigh An Abhaill/Theoil “the apple-tree” (logainm.ie #52402) i gContae Loch Garman, láimh le sráidbhaile Maolán na nGabhar/Oilgate.
Sna samplaí seo tá an focal abhaill ag feidhmiú mar phríomheilimint nó mar ‘aicmitheoir’. (Sin é an téarma a úsáideann an Brainse Logainmneacha a fhreagraíonn do Brl. generic (element). Is é sin, tagraíonn sé don ghné atá á ainmniú, murab ionann is an aidiacht sean- sa logainm Seanabhaill a thugann eolas breise faoin abhaill féin — is cáilitheoir nó eilimint cháilithe é sin.) Ach is minicí go mór a thagann abhall i gceist mar a bheadh eilimint thánaisteach agus é ag cáiliú aicmitheora eile. Sa ghinideach iolra is mó a fhaighimid é, m.sh. Cluain Abhall/Cloonoul “pasture of (the) apple-trees” (logainm.ie #32032) i gContae Luimnigh agus Corr Abhall/Corrowle “round hill(?), hollow(?) of (the) apple-trees” (logainm.ie #45839) i gContae Thiobraid Árann. Tá sampla eile den logainm céanna le fáil i gContae an Longfoirt .i. Corr Abhall/Corrool (logainm.ie #32586), agus sampla eile fós — leis an alt — is ea Corr na nAbhall “the round hill of the apple-trees” (logainm.ie #35737) i gContae Mhaigh Eo. Tá an t-alt le sonrú sna logainmneacha seo inár ndiaidh freisin: Cúil na nAbhall/Coolnanowle “the recess of the apple-trees” (logainm.ie #28819) i gContae Laoise, agus Coill Lios na nAbhall/Killasanowl “the wood of (at) the ring-fort of the apple-trees” (logainm.ie #29251). Sin ainm a chuirfeadh an leagan Béarla den logainm Cnoc na nÚll “the hill of the apples” i gcuimhne dúinn, an áit úd i gContae an Chláir a phléamar an tseachtain seo caite. Sa chás sin rinneadh leathaistriúchán ar an ainm mar Applefort, toisc, is dócha, gur baineadh athúsáid as fothracha an imfhálaithe mar úllord. Cuir an dá logainm sin i gcóimheas le Lisín na nAbhall/Lisheenanoul “the (little) ring-fort of the apple-trees” (logainm.ie #47933) i gContae Thiobraid Árann.
Coillte nó garráin lán d’úill atá á gcur in iúl sna logainmneacha seo a leanas as Contae Mhaigh Eo: Doire Abhall/Derryool “wood of (the) apple-trees” (logainm.ie #36352; #36635), Doire Abhall Beag agus Mór/Derrowel Beg, ~ More “wood of (the) apple-trees [little, big]” (logainm.ie #35511; #36395). Faighimid dhá shampla den logainm Achadh Abhall “field of (the) apple-trees” i gContae Chill Mhantáin, mar atá Achadh Abhall Íochtarach, ~ Uachtarach/Aghowle Lower, ~ Upper in oirthear an chontae (logainm.ie #55317; #55318) agus Achadh Abhall Íochtarach/ ~ Uachtarach/Aghowle Lower, ~ Upper ar an teorainn le Contae Cheatharlach (logainm.ie #55786; #55787). Ainm mór le rá sa tseanlitríocht ab ea an dara ceann acu seo, ar ainm paróiste é freisin (logainm.ie #2665) agus is mór an ríméad a tháinig ar Sheán Ó Donnabháin nuair a thuig sé ón bhfuaimniú áitiúil Gaeilge go raibh an áit cheart aimsithe aige ar deireadh thiar thall: ‘[It is] now pronounced by the old men who speak Irish Ach abhall (Agh-oul) … I have been on the look out for this Achadh Abhall these eight years, and had despaired of ever being able to find it’ Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Cill Mhantáin) 121–132 (1838). Is sampla iontach é seo den dúthracht dá gcúram a bhí ag logainmneoirí na Suirbhéireachta Ordanáis agus iad ag déanamh taighde ar logainmneacha atá fós le féiceáil ar na léarscáileanna sa lá atá inniu ann. Ar ndóigh, bréagnaíonn an dúthracht seo an cur síos ar na scoláirí seo, agus ar chur chuige na Suirbhéireachta Ordanáis, atá le fáil sa drama cáiliúil Translations le Brian Friel.
Páirc lán de chrainn úill atá againn sa logainm Gort na nAbhall “the field of the apple-trees” (logainm.ie #5066) i gContae an Chabháin — léiríonn an fhoirm Bhéarla Gartnanoul fuaimniú coitianta gort “field” sa chontae sin (‘Gartnenowle’ (1652)). Ach is é an focal comhshuite abhallort (seanlitriú abhallghort) an teaglaim is coitianta go mór de abha(i)ll “apple-tree” + gort “field” a thagann i gceist i logainmneacha. Is é úllord an fhoirm chaighdeánach den chomhshuíomh céanna inniu, ar ndóigh, ach is mar abhallort is minicí a fhaighimid é i logainmneacha. Cuir i gcás An tAbhallort (logainm.ie #11871) i gContae Chorcaí, ar dheacair a bhunbhrí “the orchard” a thuiscint as an leagan róbhéarlaithe Aldworth! Tá dhá shampla eile le fáil i gContae Loch Garman (logainm.ie #52250; #52975) agus iad araon béarlaithe mar Oulart. Sa chontae céanna tá An tAbhallort Ard/Oulartard “the high orchard” (logainm.ie #52717), Abhallort Bhoic/Oulartwick “Buck’s orchard” (logainm.ie #52513), An tAbhallort Liath/Oulartleigh “the grey orchard” (logainm.ie #52190) agus Baile an Abhalloirt/Ballinoulart “the town(land) of the orchard” (logainm.ie #52926). Tá an t-ainm deiridh seo Baile an Abhalloirt béarlaithe mar Ballynahoulort i gContae Chiarraí (logainm.ie #24791) agus mar Ballinowlart i gContae Uíbh Fhailí (logainm.ie #41621). Agus cé nach bhfuil an taighde agus an anailís chórasach curtha i gcrích ar bhailte fearainn na Galltachta i gContae Dhún na nGall, dhealródh sé go bhfuil sampla den fhoirm eisceachtúil An tAbhallghort (logainm.ie #16387) ansiúd — Avaltygort an leagan oifigiúil Bhéarla.
Tá an-chuid fhianaise againn don logainm Béarla Orchard (logainm.ie #3428), par. na hUrnaí, i gContae Cheatharlach — ach ní thagann aon tagairt stairiúil don leagan Gaeilge An tAbhallort anuas chugainn. Ach is cinnte go dtugtaí An tAbhallort Fiáin “the wild orchard” (logainm.ie #3134) as Gaeilge ar an áit darb ainm Béarla Orchard gar do Chluain na nGall sa chontae céanna, mar tá tagairt álainn againn i leabhar cíosa Iarla Chill Dara a shonraíonn é sin dúinn: ‘The wilde orcharde alias the Owllorde fyan’ (1518). Tá fianaise shoiléir againn ar an leagan Gaeilge de An tAbhallort (logainm.ie #27986) i gContae Laoise (‘Owllorte’ (1569)), ar a dtugtar Orchard Lower, ~ Upper sa Bhéarla anois; agus bhreac scoláirí Gaeilge na Suirbhéireachta Ordanáis an fuaimniú áitiúil ‘ollúirt’ [abhallort] sa bhaile fearainn An tAbhallort Nua/Neworchard (logainm.ie #26923) i 1840. Feicimid an leagan Gaeilge An tAbhallort Fada (logainm.ie #47269) go soiléir sa tagairt ‘Oulortfadda’ (1654), agus an áit darb ainm Béarla Longorchard inniu i gceist.
Níl ach cúpla sampla éiginnte de logainmneacha ina bhfuil leagan gaelaithe den sloinne Angla-Normannach Orchard le fáil (cf. Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland s.v. Orchard). I gContae Thiobraid Árann, faighimid Baile an Abhallortaigh “the town(land) of An tAbhallortach” (logainm.ie #48407) (An Abhallortach .i. ‘duine dar sloinne AN Orchard’), ach d’fhéadfadh sé gur athmhíniú déanach é sin ar Baile na hAbhalloirte “the town(land) of the orchard”, toisc gurbh ann do leagan baininscneach den ainmfhocal coitianta freisin: féach an tagairt is luaithe ‘Nawelort’ (1384). (Cf. ‘Baile na habhluirt’ (1841), a chualathas mar fhuaimniú áitiúil de Baile an Abhalloirt/Ballynahoulort thuasluaite i gContae Chiarraí.) Agus in ainneoin go bhfuil cuma an struchtúir Bhéarla ‘[sloinne] + ’s + town’ ar na tagairtí don logainm stairiúil ‘Orchardiston’ (1518), ‘Orchardston…’ (1575) i gContae Laoise, is cosúil arís gurb é an t-ainmfhocal coitianta seachas an sloinne atá sa treis ansiúd: cf. ‘Ballenowlert’ (1569), ‘[Orchardston alias] Ballinnoulard’ (1575). (Pléitear an fhianaise sa nóta Gaeilge faoin mbaile fearainn Baile Briotáis/Ballybrittas (logainm.ie #28286).
Mar fhocal scoir, díol suntais gur i Leath Mhogha is mó atá na samplaí seo le fáil in ainmneacha bailte fearainn — go dtí seo, ar aon chuma, agus 20,000 logainm eile sa Stát fós le scrúdú!. Dhealródh sé nach raibh an svae ag Ard Mhacha amháin mar ‘Úllord na hÉireann’ le linn na Sean-Ghael! Tugann Fergus Kelly faoi deara cé chomh coitianta is atá an crann (fia-)úill mar chrann dúchasach in Éirinn, agus go raibh a leithéid ar fáil mar bhia do na daoine is luaithe a lonnaigh sa tír seo (Early Irish Farming, lch. 259). Chuir an Féineachas (an córas dlí dúchasach in Éirinn anallód) rialacha dochta i bhfeidhm maidir le luach na gcrann úill agus an cháin (píonós) a bhí le híoc dá scriosfadh duine iad, de réir saghasanna na gcrann agus de réir stádas na n-úinéirí. Bhí an abhaill (SG aball) áirithe i measc na nAireach Feá (SG Airig Fedo) “nobles of the wood” sa téacs Sean-Ghaeilge Bretha Comaithchesa, an chatagóir is airde is tábhachtaí de na crainn (féach Early Irish Farming, lgh. 260, 380). Is dócha gurb é coitiantacht — agus uaisleacht — an chrainn úill a thug ar scríobhaí de chuid deireadh an 16ú haois an logainm doiléir Cúil Mhic Conamhal “the corner, nook of the son of Conamhail” (#28633) i gContae Laoise (a bhfuil ainm pearsanta ársa de chuid na Laighneach ann, dar le scoláirí an lae inniu) a athmhíniú mar ‘Cuilic an Abhall’ agus ‘Culic an Abhaill’ (1595, 1608).
Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil idir úll (an toradh) agus abha(i)ll (an crann) le fáil ina oiread sin ainmneacha bailte fearainn anuas go dtí ár linn féin.

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill

Breis téamaí