2024-09-18

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Gile, glaine, uisce agus soilse

Áthán Solais/Lightford (logainm.ie #35733)

Dáta: 16/09/2024

Táimid anois sa dara leath den fhómhar, agus is dócha go mbeimid tosnaithe go luath ar an gcnáimhseáil faoin ngiorrú sa tráthnóna agus faoin ngrian a bheith níos moille agus níos moille san éirí in aghaidh an lae. Ar a laghad is lú, tá roinnt daoine ina gcónaí i mbailte fearainn a bhfuil an focal solas le fáil sna logainmneacha, chun misneach éigin a thabhairt dóibh le linn an gheimhridh. Cé nach dtuigimid as an bhfocal solas i nGaeilge an lae inniu ach ainmfhocal coitianta nach bhfuil de bhrí aige ach “light” (cf. AFB s.v. > solas), ní mar sin a bhaintí úsáid as i logainmneacha de réir dealraimh.
Níl an focal solas róchoitianta in ainmneacha Gaeilge bailte fearainn. Tá dhá shampla againn den ainm Áth Solas ina bhfuil -s deiridh leathan, foirm a thuigfí sa lá atá inniu ann mar a bheadh ghinideach iolra ann, sa chiall “ford of (the) lights”. Tá ceann amháin díobh seo béarlaithe mar Assolas i gContae Chorcaí (logainm.ie #10624) ach tá an ceann eile béarlaithe mar Ardsollus i gContae an Chláir (logainm.ie #6185). Meabhrú atá sa dara sampla nach féidir brath ar fhoirm bhéarlaithe aonair riamh! Ba dhóigh leat gur ard “height, hillock” a bhí ann, rud atá go hiomlán mícheart: féach ‘áth solas’ (c.1350), ‘Áth s[.]l[.]is’ (1839) i bhfoinsí Gaeilge. Agus tá logainm stairiúil ar eolas againn a thagair d’áth ar an River MineAbhainn na Muinge de réir dealraimh) san Easca Mhór i gContae Loch Garman. Tá ‘Aghsolish’ (Civil Survey IX, lch. 262) tite i léig ó shin ach is léir gur Áth Solais le -s caol a bhí ann. Tá an logainm céanna le fáil — le foirm dhíspeagtha den aicmitheoir — mar Áthán Solais (#35733) i gContae Mhaigh Eo, nó “(little) ford of (the) light”. Béarlaíodh é seo go hoifigiúil mar Lightford.
Díol mór spéise comhlogú seo an dá eilimint áth + solas — is é sin, iad a bheith le fáil go minic i dteannta a chéile i logainmneacha. Cad is cúis leis an oiread seo tagairtí d’áthanna le soilse? Thuairimítí tráth go mb’fhéidir gur thug na hainmneacha seo le fios go raibh nós ag na Gaeil lóchrainn a choimeád ar lasadh ag na háthanna seo — faoi mar a choimeádtaí in aice le lánaí agus bóithríní dorcha sna bailte — chun go bhféadadh taistealaithe a gcuid trilseán nó “links” a lasadh istoíche. (Trilis agus díreach tine an dá ainm a bhí ag Tadhg Ó Neachtain ar a leithéid ina fhoclóir lámhscríofa a chríochnaigh sé i 1739. Ní foláir nó las sé féin na mílte trilseán agus é ag póirseáil tríd an bpríomhchathair ar feadh a shaoil.)
Ach is é is dóichí, b’fhéidir, ná gurbh éard atá againn i leithéid Áth Solas agus Áthán Solais ná rian de sheanbhrí an fhocail solas mar aidiacht sa chiall “bright, clear, light-giving” sa tSean-Ghaeilge (eDIL s.v. solus). Sa ré luath, más ea, thuigfí Áth Solas mar “clear ford”, agus an t-uisce a ghabh thart faoi thagairt. Maidir leis an substainteach a d’eascair as an aidiacht SG solus, ní solas “light” amháin a chuireadh sé in iúl ach glaine “clarity” freisin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an fhoirm ghinideach den ainmfhocal in Áth Solais a thagairt do cháilíocht an uisce freisin, mar a bheadh áth (na) glaine “ford of (water-)clarity”. D’fhéadfaimis an bhrí chéanna a thuiscint as ainmneacha bailte fearainn eile ansin, amhail Loch Solais/Loughsollish (#26260) i gContae Chill Chainnigh agus Loch an tSolais/Loughnasollis (#50286) i gContae Phort Láirge, mar a bheadh loch na glaine “the lake of (water-)clarity”.
Tá dhá bhaile fearainn fágtha a bhfuil solas ina n-ainmneacha Gaeilge ach nach éasca iad a shamhlú le huisce, mar atá Machaire Solas/Magherasollus (#16378) i gContae Dhún na nGall agus Ros Solas/Rossollus (logainm.ie #39837) i gContae Mhuineacháin. Is deacair an Machaire Solas seo a thuiscint sa chomhthéacs a leagamar amach thuas: d’fhéadfadh sé, cinnte, gur fíorshoilse éigin a thug ainm don talamh réidh seo (níor luamar fós Liam na sopóigean tine gealáin!) nó b’fhéidir gur ainm luath é ina bhfuil solas ag feidhmiú mar aidiacht, agus cáilíocht mholta éigin á cur i leith an mhachaire féin. Tabhair faoi deara go dtugtar An Machaire Buí/Magheraboy (#16494) “the yellow field, plain” ar an mbaile fearainn beag atá buailte leis laisteas, b’fhéidir mar chodarsnacht leis (An) Machaire Solas anallód. Ach mar le Ros Solas (logainm.ie #39837) de — ainm a chiallódh “clear wood, (wooded) height” nó “wood, (wooded) height of (the) lights” is cosúil — tugann cuid den fhianaise foirm eile le fios (cé nach bhfuil na foinsí go hiomlán iontaofa) .i. ‘Shraghsollus’ < Srath Solas ina bhfuil an focal srath “low-lying land along a river”. Srutháin is teorainneacha don bhaile fearainn seo ar thrí thaobh de, agus tá áth sa chúinne thiar thuaidh ag gabháil isteach sa bhaile fearainn béal dorais.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí