2024-06-27

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Tuilleadh fuinseog, críonadh siar agus f- proistéiteach.
Achadh na hUinseann/Aghnahunshin “the field of the ash(-tree)”
(féach logainm.ie #30379)

Dáta: 22/06/2024

Nílimid réidh le fuinseog mar eilimint i logainmneacha Gaeilge, téama na seachtaine seo caite, ná baol air. Tá a oiread sin foirmeacha malartacha le fáil in ainmneacha bailte fearainn go gcuirfidís éinne amú nach bhfuil beagán eolais acu faoi fhorbairtí teangeolaíochta áirithe sa Ghaeilge.
I dtosach báire, ní hí fuinseog “ash-tree” na Nua-Ghaeilge (NG) an fhoirm is luaithe d’ainm an chrainn. Is féidir an focal sin a rianú siar go dtí uinnius na Sean-Ghaeilge (SG) (eDIL s.v. uinnius). Is gnách le teangeolaithe an téarma ‘proistéiteach’ a úsáid mar chur síos ar fhoghar ar nós an f- tosaigh seo nár chuid den fhocal ó cheart é. Is é an próiseas céanna a thug foscail, foirm a úsáidtear i gcuid de Leath Choinn agus a d’eascair as oscail “open” (Meán-Ghaeilge (MG) osclaid), agus faill, a mbuailtear leis i Leath Mhogha mar fhorbairt ar aill “cliff” (MG all) agus a lán eile nach iad. Tháinig a leithéid de mhalartú chun solais, ar ndóigh, toisc go dtiteann an dá fhoirm le chéile go minic sa chaint de bharr na deilbhíochta, m.sh. d’oscail/d’fhoscail agus an aill/an fhaill. Maidir leis an iarmhír -óg (-eog ar lean consan caol) in ainmneacha crann, féach dair “oak” → daróg “oak-tree” agus mar sin de. Forbairtí rialta iad seo go léir, mar sin, a mhíníonn conas mar a tháinig NG fuinseog amach as SG uinnius, rud a d’fhéadfadh an Gaeilgeoir dúchasach féin a chur ar strae.
Ní nach ionadh, thug na hathruithe teangeolaíochta seo a lán leaganacha idirmheánacha, ó chanúint go canúint agus ó thréimhse go tréimhse, agus na leaganacha sin féin ag preabadh ó inscne go hinsnce, m.sh. uinse, uinseog, fuinse. Faighimid go leor de na foirmeacha seo agus iad reoite in ainmneacha bailte fearainn. D’fhéadfadh sé, go deimhin, gur mó leagan malartach atá le fáil in ainmneacha bailte fearainn ná samplaí den fhoirm chaighdeánach NG fuinseog! Cuir i gcás Achadh na hUinseann/Aghanunshin “the field of the ash” (logainm.ie #30379) i gContae Mhuineacháin, mar a gcaitear leis an bhfocal uinse “ash” mar ainmfhocal baininscneach, cé go bhfuil sé ina ainmfhocal firinscneach sa logainm Achadh an Uinsinn/Aghanunshin “the field of the ash” (logainm.ie #771) i gContae Dhún na nGall. Is firinscneach dó sa logainm Easca an Fhuinsinn/Askunshin “the gully of the ash” (logainm.ie #52606) i gContae Loch Garman freisin (tabhair faoi deara go dtagann fianaise shoiléir anuas ón 17ú haois ar son an f- phroistéitigh ansin). Tá an f- céanna le sonrú in dhá shampla de Doire na Fuinseann “the (oak-)grove, wood of the ash”, a béarlaíodh mar Derrynafinchin i gContae Chorcaí (logainm.ie #8323) agus Derrynafunshion i gContae Laoise (logainm.ie #28483). Infhilleadh baininscneach a d’imir ar an bhfocal fuinse, gin. fuinseann, sa dá logainm dheiridh seo.
Is baininscneach don eilimint arís sna logainmneacha Doire na Fuinse/Derrynafunsha “the (oak-)grove, wood of the ash” (logainm.ie #23119) i gContae Chiarraí agus Cúil na Fuinse/Coolafancy (logainm.ie #55869) i gContae Chill Mhantáin, ach féach foirm an ghin. u. na fuinse seachas na fuinseann sna cásanna sin. Mar is iondúil i logainmneacha, faighimid forbairtí aidiachtúla ar idir uinse agus fuinseog — cuir i gcás uinseogach agus fuinseogach “abounding in ash” i gContaetha Ard Mhacha, an Chabháin, Fhear Manach agus Mhuineacháin. Orthu seo tá An Chorr Uinseogach/Corrinshigo “the round hill abounding in ash” (logainm.ie #3752), (#39697) agus Unshogagh/Fuinseogach “(place) abounding in ash” (logainm.ie #5562). Leis an iarmhír -án, a mbíonn feidhm dhíspeagtha aici de ghnáth ach is minic a bhíonn feidhm chnuasaithe nó áitreabhach aici i logainmneacha, faighimid foirm aidiachtúil eile in Ard Uinseachán/Ardunsaghan “height of (the) places abounding in ash” (logainm.ie #28967).
Níorbh aon iontas é dá dtiocfadh tuilleadh malairtí fós chun solais in ainmneacha bailte fearainn amach anseo. Faoi láthair is cinnte go bhfuil os cionn 80 ainm baile fearainn a bhfuil fuinseog nó a leithéid eile d’fhoirm Nua-Ghaeilge le fáil ann. Chun leid gharbh a fháil ar a fhlúirsí is a bhí an crann seo in aimsir na nGael, níl agat ach súil a chaitheamh ar an léarscáil dáileacháin ar logainm.ie s.v. uinse. (NB Sonraí teoranta atá mar bhunús don léarscáil chéanna. Cuirfear samplaí breise san áireamh de réir mar a chuirfear taighde córasach an Bhrainse i gcrích.)
Cuireann na logainmneacha in iúl, más ea, go raibh an fhuinseog (SG uinnius) le fáil ó cheann ceann na tíre ar feadh i bhfad. Thairis sin, insíonn na seanfhoinsí dúinn gurb amhlaidh a bhain an crann seo leis an gcatagóir is uaisle dá raibh ag na Gaeil .i. SG Airig Fedo [NG Aireacha Feá] “nobles of the wood” (féach Fergus Kelly Early Irish Farming, lch. 380). Cé gur fada ó bhí aon chuimhne choitianta in Éirinn ar na haireacha feá céanna, ar ndóigh, tá stádas agus luach ag roinnt leis an bhfuinseog fós mar mhianach camán ar a laghad. Díol imní, mar sin, an galar críonadh siar a theacht go hÉirinn le blianta beaga anuas agus cuid mhaith d’fhuinseog na tíre fágtha feoite lofa aige. Dála an slad a rinne an galar Dúitseach ar na leamháin roimhe sin, is mór an baol nach mbeidh fágtha againn mar mheabhrú ar an bhfuinseog féin sara fada ach logainmneacha amhail Achadh na hUinseann/Aghnahunshin i gContae Mhuineacháin.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí