2024-08-04

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Tránna — aistrithe agus béarlaithe — agus cladaí.
An Trá/Beach (féach logainm.ie #8347)

Dáta: 01/08/2024

Tránna in ainmneacha bailte fearainn atá idir chamáin againn le tamaillín anuas. Fanaimis cois farraige go ceann seachtain nó dhó eile, má sheasann an ghrian linn, agus sinn ag dul isteach san fhómhar — ós í mí Lúnasa an chéad mhí den ráithe sin in Éirinn.
Féachaimis ar chuid de na téarmaí Béarla a thagraíonn do thránna in ainmneacha bailte fearainn. Orthu seo tá Beach (logainm.ie #8347), gar do Bheanntraí i gContae Chorcaí. Tá caolseans gur aistriúchán scaoilte é an Beach seo ar feorainn “riverside or shore” (FGB s.v. feorainn), ach toisc nach bhfuil dóthain fianaise chun é sin a dheimhniú úsáidtear aistriúchán caighdeánach mar leagan Gaeilge oifigiúil .i. An Trá. Is cinnte gur logainm de bhunús Béarla é Strandhill (logainm.ie #34878), gar do Chonga ar theorainn Mhaigh Eo le Gaillimh. Sa chás sin arís, aistriúchán atá sa leagan Gaeilge oifigiúil Cnoc na Trá. Ach is logainm Gaeilge é Ceann Trá “head (i.e., end) of the strand” (logainm.ie #22057) in aice Chathair Saidhbhín i gContae Chiarraí, a aistríodh go Béarla mar Strandsend.
Tá an baile fearainn An Leithcheathrú “the half-quarter (of land)” (logainm.ie #30006) suite ar bhruacha Loch Aillionn i gContae Liatroma. Béarlaíodh an logainm Gaeilge sin mar Lecarrow ach baisteadh ainm nua Béarla ar an áit freisin, mar atá Strandhill — sa tslí is gurb é Lecarrow or Strandhill an t-ainm oifigiúil sa teanga sin. Tharla an rud céanna don logainm An Leathros “the half-promontory, -headland” (logainm.ie #45373) i gContae Shligigh: Larass or Strandhill an leagan Béarla oifigiúil. Tagraíonn an Strandhill seo don chnoc a éiríonn os cionn na trá anseo, murab ionann is an ros “promontory, headland” a thug ainm Gaeilge don áit. Gan amhras tá ainm in airde ar an trá féin — Strandhill Strand as Béarla — mar láthair turasóireachta agus ionad surfála. Ach ba é An Trá Bhán “the white strand” (logainm.ie #1404363) a thugtaí sa Ghaeilge ar an trá chéanna (cf. Trabaun ar léarscáileanna 6ʺ agus 25ʺ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (SO)). Go deimhin, mar gheall ar an dath a bhíonn ar an ngaineamh in Éirinn ní haon ionadh é go gcastar le samplaí den logainm seo An Trá Bhán “the white strand, beach” timpeall na tíre, agus é béarlaithe Trabane i gContaetha Chiarraí (logainm.ie #101430; #1395016) agus Dhún na nGall (logainm.ie #1397338; #1397339; #1397340); Trabaun i gContae Chiarraí (logainm.ie #1416191); agus Trawbane i gContae Shligigh (logainm.ie #1418908). Rinneadh An Trá Bhán a aistriú mar White Strand ar uairibh freisin, mar shampla i gContaetha Dhún na nGall (logainm.ie #111479) agus Chiarraí (logainm.ie #1417655).
Ar deireadh, díol spéise an mionainm Claddaghnaman atá léirithe ar an gcéad eagrán den léarscáil SO 6ʺ ag tagairt do phaiste beag carraigeach sa chuid fhíorthuaidh den Trá Bhán (Strandhill Strand). Cé nach dtagann mórán fianaise eile anuas chugainn, is féidir talamh slán a dhéanamh de go seasann an litriú sin do Cladach na mBan “the rocky foreshore of the women” — cinnte, ní hé an focal trá amháin a fhaighimid i logainmneacha cois farraige! Tá an focal seo cladach “shore, rocky foreshore” le fáil i ndornán ainmneacha bailte fearainn agus i roinnt logainmneacha eile, chomh maith le hainm an bhaile bhig iascaigh úd a luaitear leis na fáinní, An Cladach/Claddagh (logainm.ie #1418170), ar bhruach Abhainn na Coiribe lámh le Cathair na Gaillimhe. Díol spéise ar leith iad na samplaí úd a fhaightear intíre, amhail An Cladach béarlaithe mar Claddagh (logainm.ie #45532) i gContae Shligigh agus mar Clodagh (logainm.ie #13169) i gContae Chorcaí; agus Gort an Chladaigh/Gortaclady (logainm.ie #64342) i gContae Thír Eoghain (cf. placenamesni.org s.n. Gortaclady). Meabhraíonn sé seo dúinn nach i gcónaí a thagair cladach do bhruach na farraige féin (féach ‘bruach farraige nó locha; cósta; cúil, carn (cladach éisc, adhmaid)’ An Foclóir Beag s.v.; cf. ‘stony shore’ eDIL s.v. 2 cladach (with unlenited d)).

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill

Breis téamaí