2024-08-08

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Muirbhigh, muirígh agus muiriúigh — agus fearthainn nach báisteach í.
Murroogh/Muirbheach “level stretch of sandy land along sea-shore, links”
(féach logainm.ie #18664)

Dáta: 08/08/2024

Bogaimis ar aghaidh ó na samplaí de trá agus cladach a bhí faoi chaibidil againn le seachtainí beaga anuas go bhféachfaimid ar chúpla eilimint eile a thagraíonn d’áiteanna cois farraige i logainmneacha. Míníonn Ó Dónaill an focal Nua-Ghaeilge muirbheach mar “level stretch of sandy land along sea-shore, links” (FGB s.v. muirbheach). Thuairimigh Donnchadh Ó Corráin gur eascair an focal seo ó muir “sea” + -bach “breaking” (< bongaid) na Sean-Ghaeilge ó cheart, sa chiall “sea-breach” (‘Old Norse place names II: Muirbech, Smjǫrvík’, Peritia 11 (1997)). Pé bunús atá leis, tá an eilimint seo, agus an mhalairt foirme Nua-Ghaeilge murbhach (le carn -rbh- leathan/neamhchaolaithe), le fáil i roinnt ainmneacha bailte fearainn ar fud na tíre, agus éagsúlachtaí inspéise canúnacha le sonrú orthu freisin.
Tosnaímis le Muirbheach/Murroogh (logainm.ie #18664) lámh le Cathair na Gaillimhe. Ba é /əɴˈmɪrʹuːx/ a thugtaí air sin as Gaeilge (mar a bheadh Muiriúch le béim ar an gcéad siolla) fuaimniú a luafaimid arís thíos. Fuaimniú eile ar fad a bhí le clos ar Muirbhigh/Murvey (logainm.ie #18355) in iarthar Chontae na Gaillimhe /ˈmirʹɪvʹə/ agus Muirbheach/Murrevagh (logainm.ie #37483) i gContae Mhaigh Eo /ˈmïrʹəvʹɑx/ (mar a bheadh Muirive agus Muiriveach, faoi seach).
Is cosúil gurb é an focal céanna Muirbheach a thug ainm don bhaile fearainn Murragh (logainm.ie #42219) (‘Murriogh’ (1828)) cé go bhfuil sé sin suite tamall fada ón gcósta i gContae Uíbh Fhailí. Tabhair faoi deara an fuaimniú áitiúil suntasach béarlaithe ansiúd .i. /muˈru:/ (1985) (mar a bheadh Murú leis an mbéim ar an dara siolla). Breacadh síos nóta le linn na Suirbhéireachta Ordanáis i 1837 go raibh an chuid sin den bhaile fearainn a bhí in aice na habhann ‘subject to floods’, rud a d’fhéadfadh an t-ainm muirbheach a thuilleamh don áit, b’fhéidir.
Faighimid a lán samplaí den mhalairt foirme murbhach ina bhfuil an carn -rbh- leathan seachas caol. I gCúige Uladh, cuir i gcás Murbhach, a thug ainm don dá bhaile fearainn Murvagh Lower (logainm.ie #13908) agus Murvagh Upper Glebe (logainm.ie #13909) ar an gcósta laisteas de bhaile Dhún na nGall. Bhí an carn -rbh- le clos mar /-rv-/ leathan san fhuaimniú áitiúil ansiúd, de réir dealraimh. Ach ní hamhlaidh a bhí i gcás na samplaí eile seo a leanas, a thugann le fios gur simplíodh -rbh- /-rv-/ go /-r-/ go han-luath. Cuir i gcás an logainm Murbhach/Murragh (logainm.ie #16751) i bhFine Gall (tuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath). Tá an sampla sin suite tamall intíre, áfach, agus in ainneoin go ritheann sruthán trasna ar a lár, níl aon ghné ann a thabharfadh ‘muirbheach’ ceart le fios. D’fhéadfaí an rud céanna a chur i leith Baile na Murbhach/Ballinamorragh (logainm.ie #53687) i gContae Loch Garman. Ach cé nach bhfuil an baile fearainn sin in aon ghiorracht don fharraige sa lá atá inniu ann, is amhlaidh a bhíodh sé suite díreach ar an gcósta go dtí go ndearnadh an slaba a mhíntíriú le linn an 19ú haois (féach Logainmneacha na hÉireann VI: Ainmneacha na mbailte fearainn, lch. 176). Dá bhrí sin is furasta an t-ainm a thuiscint mar “the town(land) of (at) the level stretches of (sandy) land along the seashore” (ibid.).
I Leath Mhogha den chuid is mó a fhaighimid muiríoch (< muiribheach) mar réadú canúnach ar muirbheach, de dheasca forbairt an fhoghair -bh- caol idirghutach sa deisceart. Tugann sé sin An Mhuiríoch/Murreagh (logainm.ie #8437) i gContae Chorcaí, chomh maith le dhá shampla i gContae Chiarraí — ceann acu gar don Choireán in Uíbh Ráthach (logainm.ie #22261) agus ceann eile siar ón Daingean (#22687), an bhéim ar an siolla deiridh i ngach cás. Is mó léitheoir, is dócha, a chuaigh go Corca Dhuibhne agus a fuair blas ar an nglan-Ghaelainn a labhraítear ar an Muiríg seo, mar a deirtear go háitiúil, atá suite ar Chuan Ard na Caithne (cf. Ard na Caithne “the height of the arbutus, wild strawberry” (#22598)). Tá ainm eile ar fad ar an gcuan sin as Béarla, ar ndóigh, mar atá Smerwick. Tá rian na Lochlainnise ar an ainm sin gan aon agó, ach is dócha nach ainm nua-chumtha ar fad de chuid na Lochlannach é, cé go measfadh duine gur vík ‘cuan’ atá sa dara heilimint. Mhol Donnchadh Ó Corráin Smerwick a léamh mar bhréagshanasaíocht Lochlannaise ar fhuaimniú an logainm Muiríoch sa Mheán-Ghaeilge .i. MG Muirbech /ˈmurʹvʹəx/ (féach Ó Corráin 1997). San oirdheisceart, freisin, tugtar Murragh (logainm.ie #1413200) as Béarla ar an gcuid sin den chósta díreach lastuaidh de bhaile Chill Mhantáin, ainm eile a thagann as réadú canúnach ar an logainm An Mhuiríoch chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach ar na tagairtí stairiúla (‘the Murrioghe’ (1606), ‘the Morieight’ (1619) → ‘the Murrow’ (1726)).

Réadú logánta eile is ea muiriúch (mar a bheadh muireabhach mar fhoirm idirmheánúil le -bh- leathan). Chonaiceamar iarracht den fhuaimniú seo cheana sna foirmeacha déanacha den logainm úd Muirbheach/Murroogh (logainm.ie #18664) lámh le Cathair na Gaillimhe .i. /əɴˈmɪrʹuːx/ leis an mbéim ar an gcéad siolla. Fuaimniú níos suntasaí fós a chualathas ó na Gaeilgeoirí dúchasacha deireanacha i mBoirinn, Contae an Chláir, san ainm dúiche Muiriúch/Murroogh (logainm.ie #1420406) — is é /əɴmʹəˈrʹuːx/ .i. (An) Muiriúch agus an bhéim ar an siolla deiridh, an fuaimniú a thaifead taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha sa bhliain 1985. Thug an dúiche seo ainm do dhá bhaile fearainn, mar atá Muiriúch Cille/Murrooghkilly “level stretch of sandy land along sea-shore of (belonging to) the church” (logainm.ie #5776) agus Muiriúch Tuaithe/Murrooghtoohy “level stretch of sandy land along sea-shore of (belonging to) the laity” (logainm.ie #5778).

Díol mór spéise na réaduithe éagsúla seo den fhocal muirbheach a chur i gcomórtas le dáileadh na samplaí d’fhocal eile atá an-chosúil leis ó thaobh a struchtúr foghraíochta de .i. inbhear “grazing”, atá léirithe in Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects I lch. 16. Dála muirbheach, faighimid an focal inbhear á réadú sna canúintí éagsúla mar a bheadh invear, inivear, iníor, iniúr, etc. (Is é iníor litriú caighdeánach an lae inniu ar ndóigh; pléann Pádraig Ó Cearbhaill mionghnéithe foghraíochta san alt leis ‘Fishery names on the River Shannon’, Éigse 39 (2016).) Go deimhin, toisc go bhfuil fianaise againn go ndeirtí ag inbhear mar /ɪgʹˈinʹuːr/ i gCill Bheathach, gar do Cheann Léime (LASID loc. cit. Pointe 22), ní miste a chur san áireamh gurbh é an leagan Cláiríneach den fhocal muirbheach atá in ainm na haille Aill an Mharú/Aylevaroo (#104013), gar do Chill Rois, ó cheart.
Mar fhocal scoir ar logainmneacha cois fharraige, tagaimid ar deireadh go dtí An Fhearthainn/Naran, ainm baile fearainn (logainm.ie #14607) agus sráidbhaile (logainm.ie #1414079) i gContae Dhún na nGall. Sin logainm a bhainfeadh siar as éinne, in ainneoin nach annamh a thiteann an bháisteach sa chuid sin den tír! Ach tá an áit seo suite cois trá — go deimhin tá sé taobh leis an Trá Mhór (Tramore Strand ar na mapaí) — agus dá bhrí sin is féidir linn a chur san áireamh gurb éard atá i gceist le fearthainn anseo ná malairt foirme den fhocal feorthainn, ar leagan eile é féin de feorainn “grassy place; grassy river or shore” (FGB s.v. feorainn), focal a bhuail linn cheana agus sinn ag plé an logainm Bhéarla Beach/An Trá (logainm.ie #8347) i gContae Chorcaí. Tagann an bhunfhoirm den fhocal sin i gceist in ainm an bhaile fearainn Béal Átha Feorainne/Ballyforan “approach to (the) ford of (at) (the) grassy riverside” (logainm.ie #42580) i gContae Ros Comáin. Cé go bhfuil an áit seo gar do lárphointe tíreolaíoch an oileáin, tá sé suite ar bhruach na Suca — sin fáth an ainm, is cosúil. Tá an eilimint chéanna le fáil i mionainmneacha ar chósta Chontae Mhaigh Eo, m.sh An Fheorainn/Feorin “(the) grassy riverside” (logainm.ie #1399403; #1399404) and Trá Fheorainn Uí Eo/Feorinyeeo (logainm.ie #114210), cé nach léir bunús an cháilitheora sa logainm deiridh.

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill

Breis téamaí