2024-07-22

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Tuilleadh tránna, béil tránna agus troideanna a mbíodh trácht orthu tráth.
Béal Trá/Beltra “mouth, approach of/to (the) strand”
(féach logainm.ie #134412)

Dáta: 22/07/2024

Ar aghaidh linn le bailte fearainn a bhfuil trá iontu. Sna samplaí a bhí againn an tseachtain seo caite is leis an alt a bhí an eilimint sin le fáil, m.sh. Baile na Trá “the town(land) of/at the strand, beach”. Díol spéise, áfach, go bhfuil an eilimint seo le fáil gan an t-alt ina lán ainmneacha bailte fearainn eile ar nós Cill Trá/Kiltra “church of/at (the) strand” (logainm.ie #53776) i gContae Loch Garman; Baile Trá/Baltray “town(land) of/at (the) strand” (logainm.ie #34085) i gContae Lú; agus Baile Chúl Trá/Ballycultra “town(land) of/at (the) back of (the) strand” (logainm.ie #66055; féach freisin placenamesni.org s.n. Ballycultra) i gContae an Dúin. Tá samplaí den chomhshuíomh dlúth Fionntrá “white-strand” le fáil i gContae Dhún na nGall (logainm.ie #14587) agus, ar ndóigh, i gContae Chiarraí (logainm.ie #1393750). Beidh cur amach ag a lán scoláirí Gaeilge ar an dara háit sin i gCorca Dhuibhne: ag barr na fionntrá céanna tá Ceann Trá “head of (the) strand”, a thug ainm do bhaile fearainn (#22797) agus do shráidbhaile (#22808). Ach thug lucht an Bhéarla ainm na trá ar an sráidbhaile, ag teacht salach ar fad ar an úsáid áitiúil, rud a d’fhág Ventry mar ainm oifigiúil ar Ceann Trá! Ní hé seo an t-aon sampla amháin dá leithéid ná baol air: cuir i gcás sa cheantar céanna an t-ainm Béarla Ballydavid tugtha leo ag an ngarda uisce (réamhtheachtaithe an gharda cósta) a d’aistrigh ó Bhaile Dháith go dtí an sráidbhaile Baile na nGall (#1165468). Cuireadh an scéal ina cheart faoi Mhír 33(2) de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar ndóigh, agus níl d’ainmneacha oifigiúla ar na háiteanna Gaeltachta seo anois ach a gceartleaganacha Gaeilge.
Tá ainm in airde ag an trá úd i gContae Chiarraí gan dabht — is anseo a fearadh Cath Fionntrá san Fhiannaíocht. Ach bhí Fionntrá eile i gContae Shligigh, mar a tharlaíonn sé, a raibh an-chuid mórchathanna stairiúla luaite léi freisin. Tá Béal Trá “mouth, approach of/to (the) strand” suite ar bhóthar N59, tuairim is 10km slí siar ó Bhaile Easa Dara. Níor thógtha ar éinne a thabharfadh cuairt ar an áit iontas a dhéanamh faoi bhunús an logainm — trá níl le fáil sa chomharsanacht. Ach is amhlaidh a bhí an Béal Trá seo suite ag ceann trá darbh ainm Trá Eothaile, rud is deacair a fheiscint anois, ó tógadh díog trasna Cuan Bhaile Easa Dara ag deireadh an 19ú haois. Roimhe sin, áfach, bhí dhá fhearsaid mhóra (‘droim gainimh in uiscí taoide’ AFB nó “tidal ford” as Béarla) sa chuan, ceann acu a rith ó Bhaile an tSrutháin siar go Béal Trá ar a dtugtaí Fearsaid na Fionntrá “the tidal ford of the white strand”. Ba í seo an fhearsaid ba mhó i gContae Shligigh agus, is dócha, i gConnachta mar a ritheann. Tá an áit seo FionntráTrá Eothaile luaite leis an uafás cathanna agus sluaite sna foinsí stairiúla agus sna foinsí gineolaíochta agus litríochta chomh maith, m.sh. Cath Mhaigh Tuireadh, na scéalta Fiannaíochta, na Tréanna agus mar sin de. Ar na hainmneacha eile a bhí uirthi sa litríocht tá Ros Airgid “silver promontory” agus Trá na Mná Mairbhe “the strand of the dead woman”. Ba nós coitianta sa chultúr Gaelach, ar ndóigh, úsáid liteartha a bhaint as logainmneacha agus as malairtí logainmneacha mar mhaisiúchán. (Tuilleadh eolais ag Ó Crualaoich, Sligo Field Club Journal iml. 8.)
Tá dhá bhaile fearainn i gContae Mhaigh Eo darb ainm Béal Trá/Beltra freisin. Tá ceann amháin acu seo suite ar Chuan Chill Ala (logainm.ie #34575), ach is cosúil gur bruach locha atá faoi thagairt sa dara sampla, cois Loch Bhéal Trá/Beltra Lough (logainm.ie #114036). Pé scéal é, ní raibh an clú ná an cháil chéanna acu is a bhí ag Béal Trá Chontae Shligigh, cé nach bhfuil trá ar bith le sonrú san áit sin a thuilleadh.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí