Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of Tomás
Tomás — ainm pearsanta (< Thomas na nAngla-Normannach)Ainmneacha stairiúla:
Tá imfhálú gar do bf Cill Mhuire (#28511) i dtuaisceart an bhaile fearainn seo (www.archaeology.ie). B’fhéidir gur dó seo a thagair logainm stairiúil atá le fáil sa chur síos ar thailte Whitney .i. 1549 ‘Raklinshian’, 1557 ‘rawghlyn Eshyan’, ceartaithe in 1563 go ‘[Rawlenneshean alias] Rathneshian’ < Ráithín na Sián (?) “the (little) ring-fort of the fairy mounds, hillocks”, logainm a liostaítear idir Baile Thomáis agus Cill Mhuire sna seanghníomhais. Is ar chúl thoir na gcnoc atá an t-imfhálú suite.Mionainmneacha ar an léarscáil:
I ndeisceart an bhaile fearainn a bhí an fhoroinn 1607 ‘Kilpatrick’, a mhaireann in ainm an chrosbhóthair Kilpatrick Cross SO < Coill Phádraig (?) “the wood of Pádraig” in aice le bf Coill na Spideog (#28195) lastoir. Is cosúil gurb ionann sin is 1566 ‘Killnesperokye’ inar dhúnmharaigh Giolla Phádraig Ó Móra a dheartháir Rúraí Caoch sa bhliain 1545 gur ghlac an teideal Ó Móra chuige féin (‘Patricke’ a dtugtar air in Inq. Lag. 1 Eilís agus déantar tagairt dó mar thaoiseach faoi 1546 ‘Ua Mordha Giollapatraicc’ ARÉ; cf. obit 1545 ‘Rughraidh caoch mac Conuill’ in Breathnach, Short Annals of Leinster as TCD MS 1372) — cf. bf Coill Rúraí (#28194) teorantach lastoir. B’fhéidir gur chomhtharlúint é seo, tharla gur fíorbheag an t-achar ama idir an eachtra úd agus na chéad tagairtí do na logainmneacha seo, ach is spéisiúil an grúpa ainmneacha é.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Ballyhomais
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 58
|
1557c |
Bally homas
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1563 |
Ballehomas
|
F Leathanach: 559
|
1569 |
Ballyhomas
John Whitney, gent
|
F Leathanach: 1353
|
1571 |
Ballyhomas
|
F Leathanach: 1720
|
1614 |
Ballyhomas
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 J I
|
1615 |
Ballihomas
|
CPR Leathanach: 283
|
1642 |
Bally Thomas
|
|
1838 |
Ballythomas
|
HCSV:AL Leathanach: La038,5
|
1838 |
Ballythomas
|
HCons PR:AL Leathanach: La038,5
|
1838 |
Ballythomas
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La038,5
|
1838 |
Baile Thomáis, 'Thomas' town'
|
OD:AL Leathanach: La038,5
|
1838 |
Ballythomas
|
OC:AL Leathanach: La038,5
|
1838 |
Ballythomas
|
BS:AL Leathanach: La038,5
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28509.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML