BRABHSÁIL
baile fearainn
An Gaibhlín
ginideach: an Ghaibhlín
(Gaeilge)
Guileen
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the little (river-)fork?

    Is dócha ar na teorainneacha casta thoir agus thuaidh ar an gcnoc go raibh srutháin ar gach taobh den bhaile fearainn tráth.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Ritheann an Crooked River SO trína dheisceart anoir; ní heol dúinn aon tagairt d’ainm Gaeilge na habhann seo.

    Ainmneacha stairiúla:
    Dhealródh sé gurb é An Eidhneach “the place of ivy” an t-ainm eile atá le feiscint i bhfianaise an 16ú haois (féach www.dil.ie s.v. eidnech). Tá samplaí eile againn den logainm seo, go minic mar ainm abhann (#104149, #116365, #116216).

    Sa 17ú haois a thagann an dara logainm in G- chun solais: má tá na foirmeacha cruinn (ní hannamh a bhíonn an litir w- míléite) is ait go dtugann cuid díobh fuaim ar nós gabhailín le fios (1612, 1660c) (malairt díspeagtha de gabhal “fork”, b’fhéidir, seachas malairt foirme de góilín “inlet, creek”) agus go bhfuil na foirmeacha eile gar d’fhuaimniú an lae inniu (1659, 1812) /gəiˈliːn/. Maidir leis an litriú ‘Guyheene’ i gcló sa Census, féach an litriú ‘Fahybegg’ ibid. le haghaidh ‘Fallybegg’ (#28176); leg. ‘Guylleene’ (?).

    Is dócha gur par Díseart Gailine (#1434) atá i gceist ag Tadhg Ó Neachtain le c. 1744 ‘Ngaidhilin Laoighis Ui Mhórdha / fo shlíabh na groitheadh seóideach’ (Leabharlann Náisiúnta G135).

Lárphointe

52.9696, -7.14271domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1612
Newnagh alias Gowlyn
Inq. Lag. Alt: 2 J I
1780
Guileen
Eg. MS 74 (Gearóid Ó Broin)
LS
1838
Gooline, Gowlyn
Inq. J I:AL Leathanach: La065,9
1838
Guyleen
[Lord Landsdown]
Landsdown Map:AL Leathanach: La065,9
1838
Gaibhlín, 'little fork, (formed by streams, or glens)
OD:AL Leathanach: La065,9
1838
Guileen
pl:AL Leathanach: La065,9
1838
Guileen
OC:AL Leathanach: La065,9
1838
Guileen
BS:AL Leathanach: La065,9
1838
Guileen
Griffith Map:AL Leathanach: La065,9
2006
gəiˈliːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm