Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Ní léir brí.
Baile fearainn beag bídeach é bf Brumlin (54 acra), suite taobh theas de dhroim talún (170m–183m) a shíneann ó thuaidh thar theorainn pharóiste i dtreo bf Barretstown, par. Thobar Chaoimhín. Tá gleanntán cluthair ag ceann thuaidh an droma seo (suite sa pharóiste eile), ach níl aon fhianaise a thabharfadh le fios gur thagair an logainm Brumlin don talamh ansiúd riamh. Dá bharr sin is éadóigh linn comhfhocal dar dara heilimint tabh. u. glinn (< gleann), ar nós na logainmneacha coitianta Cromghlinn “bent, curved glen” (> Crumlin, Crimlin, srl.), Leithghlinn “half-glen” (> Leighlin, Lecklin-, srl.).
Ar ndóigh is minic a tharlaíonn meititéis agus athrú béime timpeall ar na consain /r/, /l/ agus níl sé as an áireamh gur coimriú ar logainm níos faide a thug Brumlin */bᵊrəmᵊlən/. Ní haon chabhair í an fuaimniú áitiúil mar tá an logainm imithe i léig, ná ní ligeann an easpa fianaise stairiúil dúinn aon bhunfhoirm a thuairimiú le húdarás. Ar an bhfianaise mar atá, tá ciall le foirm an Donnabhánaigh mar réiteach fuaime .i. 1837 ‘Bruim-linn ? uncertain … See Bumlin in Roscommon’ OD:AL. Is é an logainm eile atá i gceist aige — cé gur léir nach ionann bunús dó — bf, par Buimlinn (#44399) (RC 29), ar cosúil gur comhfhocal é den déantús boim “bit, fragment” + linn “pool” (féach eDIL s.v. boim(m) agus cf. an míniú in FSÁG s.v. Buimlinn “Speckled pool?”). Féach freisin samplaí de na comhfhocail Camlinn agus Duibhlinn i logainmneacha, as na haidiachtaí cam “crooked”, dubh “black” (www.logainm.ie).
Más ea ní cinnte cén focal atá i dtús an logainm seo idir chamáin. Tá paistí beaga fliucha sa talamh íseal sa bhaile fearainn seo agus i bf Briencan díreach laistiar (www.osi.ie), ach gan aon rian de thalamh lochach (www.epa.ie). Ní heol dúinn aon samplaí de *Broibhlinn “rush-pool, straw-pool” ná *Boirblinn “rank(?) pool”, ná samplaí den charn /-vl-/, /-bl-/ a bheith srónaithe go /-ml-/ sa bhéarlú. Is é an focal broim “fart” is dóichí atá sa chéad eilimint ach ní heol dúinn aon samplaí de sin ach oiread i logainmneacha — cé gurb ann dó mar eilimint den chomhfhocal broimfhéar “couch-grass” dar ndóigh (cf. eDIL s.v. broimm; cf. bramánta, bromach, bromurradus ibid.). B’fhéidir go mbeadh dealramh éigin leis an gcomhfhocal *broimlinn “erupting (i.e., seasonal) pool” ar mhúnla bf Madhmloch (#45102) (Sl 26), bf Loch an Mhadhma (#118053) (Ao 9), srl. Níl aon fhianaise ar broim a thagairt d’uisce (FGB, Dinn., Corpas, eDIL), cé nach gá gur do ghás amháin a thagródh an focal ó thaobh na sanasaíochta de (cf. McCone, Ériu XXXVI 170).
Is éadóigh linn gur logainm Béarla atá anseo cé gur ann do broom+land i Sasana (‘[land] in which broom grew [OE brūm]’ A New Dictionary of English Field Names). Cf. 1783 ‘Broomfield’ Taylor, an tigh mór i Mountcashel Demesne, bf Ballymore Eustace West.
(Is cosúil go bhfuil bunús eile ag an mionainm stairiúil seo a leanas i bf Calverstown, par. Bhaile Dháibhí, bar. na Forraí agus an Réabáin Thoir: 16ú haois: ‘Prompelan’, ‘Prompellan’, ‘Promplin’; 17ú haois: ‘a Well called Frompsland’, ‘Fromplin’, ‘Trompsland well’. Bhí sé suite mar a bhfuil Spring SO 25ʺ, taobh thiar theas d’ardán 120m–130m mar a mbuaileann bf Moortown le bf Halverstown, par. Chill Chuillinn, bar. Chill Chuillinn.)
Díol spéise, gan amhras, go bhfuil an áit seo suite le hais bf Bréancheann/Briencan, logainm eile a bhfuil a bhunús éiginnte. Tá ardán maol 167m i bf Bréancheann os comhair an droma 183m a bhfuil cuid de i bf Brumlin ach ní cosúil go bhfuil gaol teangeolaíochta idir an dá logainm. B'fhéidir ar a laghad gur ainmneacha dímholta iad araon.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1790 |
Brumlin
|
|
1828 |
Brumlin
|
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(53)
|
1837 |
Brumlin
|
BS:AL Leathanach: 1,7
|
1837 |
Bruim-linn?, 'uncertain'
"See Bumlin in Roscommon." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: 1,7
|
1838 |
Brumlan
x2
|
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(52)
|
2009-2010 |
(le hais Briencan) Annamh a chloistear.
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/25634.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML